Cláraigh do tháirge agus faigh tacaíocht ag www.philips.
Clár Ábhar 1 2 3 4 5 GA Tábhachtach 3 Sábháilteacht Cúram Dlíthiúil Inbhuanaitheacht Cabhair agus tacaíocht 3 4 5 7 8 Úsáid do theilifíseán 9 Rialuithe teilifíseáin Féach ar teilifís Féach eolaire na gclár Seinn comhaid ilmheáin Smart TV Teilifís idirghníomhach 9 11 14 15 18 20 Do theilifíseán: gnéithe eile a d'fhéadfá a úsáid 21 Pause TV Seónna teilifíse a thaifeadadh Bain úsáid as Skype™ Cluichí a imirt Féach ar Teilithéacs Socraigh glais agus amadóirí 21 22 24 28 29 30 Athraigh do shocr
Sábháilteacht Réamhchúraimí Léigh agus bí cinnte go dtuigeann tú gach treoir sula n-úsáideann tú do theilifíseán. Má dhéantar damáiste toisc nach leantar na treoracha, ní bheidh feidhm leis an mbaránta. Riosca turrainge leictrí nó dóiteáin! Ná nocht an teilifíseán riamh do bháisteach ná d'uisce. Ná cuir gabhdán ina bhfuil leacht, vása mar shampla, in aice an teilifíseáin riamh. Má dhoirtear leacht ar an teilifíseán nó isteach ann, dícheangal an teilifíseán láithreach den asraon cumhachta.
Riosca gortaithe do leanaí! Déan na réamhchúraimí seo ionas nach dtitfidh an teilifíseán, rud a d'fhéadfadh gortú a dhéanamh do leanbh: Ná cuir an teilifíseán riamh ar dhromchla ar a bhfuil éadach nó ábhar eile a d'fhéadfaí a tharraingt. Bí cinnte nach mbíonn aon chuid den teilifíseán ag gobadh amach ón dromchla. Ná cuir teilifíseán riamh ar mhír ard troscáin, ar nós leabhragáin, gan an mhír troscáin agus an teilifís araon a dhaingniú den bhall nó de thaca oiriúnach.
Tá slota slándála Kensington suite i mbun an teilifíseáin. Chun an teilifíseán a dhaingniú, ceannaigh glas frithghadaíochta Kensington (a dhíoltar mar mhír ar leith). Dlíthiúil Fógra 2013 © TP Vision Netherlands B.V. Gach ceart ar cosaint. D'fhéadfadh sonraíochtaí athrú gan fógra a bheith tugtha. Maoin de chuid Koninklijke Philips Electronics N.V. nó a n-úinéirí faoi seach is ea trádmharcanna. Coimeádann TP Vision Netherlands B.V.
Tá sé i measc phríomh-Phrionsabail Ghnó Philips gach beart riachtanach sláinte agus sábháilteachta a dhéanamh maidir lenár dtáirgí, chun géilleadh do gach riachtanas dlíthiúil is infheidhme agus chun bheith go maith laistigh de chaighdeáin na Réimse Leictreamaighnéadaí is infheidhme an tráth a tháirgtear na táirgí. Geallann Philips táirgí nach mbeidh aon drochthoradh acu ar an tsláinte a fhorbairt, a tháirgeadh agus a chur ar an margadh.
Baineann úinéirí inneachair úsáid as teicneolaíocht rochtana inneachair Microsoft PlayReady™ chun a gcuid maoine intleachtúla, lena n-áirítear inneachar faoi chóipcheart, a chosaint. Baineann an gléas seo úsáid as teicneolaíocht PlayReady chun teacht a fháil ar inneachar faoi chosaint PlayReady agus/nó inneachar faoi chosaint WMDRM.
Nuair a bhíonn an tsiombail seo de araid ar rothaí agus líne tríd le feiceáil ar tháirge, ciallaíonn sé go bhfuil an táirge sin clúdaithe ag an Treoir Eorpach 2002/96/CE. Iarrtar ort fáil amach faoin gcóras bailiúcháin leithscartha áitiúil le haghaidh táirgí leictreacha agus leictreonacha. Cabhair agus tacaíocht Cabhair don Úsáideoir Chun teacht a fháil ar an roghchlár [Cabhair] ar scáileán, brúigh an Cnaipe gorm. Chun dul amach as an roghchlár [Cabhair] brúigh .
Braiteoirí agus táscairí Gaeilge 2 Úsáid do theilifíseán Rialuithe teilifíseáin Rialuithe cúil 1. Standby indicator LED and remote control sensor The standby LED indicates when your TV is in standby. Dírigh an cianrialtán ar an mbraiteoir. Bí cinnte nach bhfuil aon rud sa bhealach ar an líne amhairc idir an cianrialtán agus an teilifíseán. 1. (Fuireachas): Cuir an teilifíseán ann nó as. 2. CH +/-: Athraigh go dtí an chéad chainéal eile nó an cainéal roimhe. 3. (SOURCE): Féach ar ghléas ceangailte. 4.
6. (Baile): Tar ar an roghchlár Baile. 7. OK: Deimhnigh iontráil nó rogha. 8. SMART TV: Tar ar Smart TV. 9. (Cnaipí nascleanúna): Déan nascleanúint trí roghchláir agus roghnaigh míreanna. 18. Cnaipí datha: Roghnaigh tascanna nó roghanna. Feidhmíonn na cnaipí de réir na seirbhísí a thairgeann an soláthraí seirbhíse. 19. SUBTITLE: Cuir fotheidil ann nó as. 20. 0-9 (Cnaipí uimhriúla): Roghnaigh cainéil theilifíse nó cuir isteach téacs. 21. TEXT: Cumasaigh nó díchumasaigh teilithéacs. Rialuithe EasyLink 10.
Leis an bhfeidhmchlár fón cliste 'Philips MyRemote', is féidir an fón cliste a úsáid mar an dara cianrialtán, agus fiú mar mhéarchlár. Is féidir féachaint ar sheó scannán d'íomhánna i d'fhón cliste ar an teilifís. Nóta: Bí cinnte go mbíonn an teilifís agus an fón cliste ceangailte den líonra áitiúil céanna. Gheofar tuilleadh eolais ar Ceangail do theilifís > Ceangail de líonra agus den Idirlíon (Lch 58). Lean na treoracha chun an feidhmchlárPhilips MyRemote'a íoslódáil: 1.
Méadaigh nó laghdaigh airde an teilifíseáin Brúigh +/- ar an gcianrialtán. Brúigh +/- ar an teilifíseán. Cealaigh fuaim an teilifíseáin nó athchuir í Brúigh ar an gcianrialtán chun an airde a chealú. Brúigh arís chun an fhuaim a athchur. Ceartaigh airde na gcluasán 1. Brúigh . 2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe teilifíse] > [Fuaim] > [Airde na gcluasán], ansin brúigh OK. 3. Roghnaigh leibhéal.
Cainéil a chur in ord nua Tar éis na gcainéal a shuiteáil, is féidir ord nua a chur ar an liosta cainéal. 1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh LIST. Taispeántar an liosta cainéal. 2. Brúigh OPTIONS. 3. Roghnaigh [Cuir in ord nua], ansin brúigh OK. 4. Roghnaigh na cainéil le cur in ord nua, ansin brúigh OK. 5. Brúigh na Cnaipí nascleanúna chun an cainéal aibhsithe a bhogadh go háit eile, ansin brúigh OK. 6. Nuair a bhíonn sé déanta, brúigh OPTIONS. 7. Roghnaigh [Fág athordaigh'], ansin brúigh OK.
Roghnaigh do rogha socruithe fuaime 1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh OPTIONS. 2. Roghnaigh [Pictiúr agus fuaim] > [Stíl fuaime], ansin brúigh OK. 3. Roghnaigh rogha, ansin brúigh OK: [Pearsanta]: Cuir do shocruithe pearsantaithe fuaime i bhfeidhm. [Bunaidh]: Réamhshocruithe a oireann do gach timpeallacht agus do gach cineál comhad fuaime, nach mór. [Scannán]: Socruithe a oireann do scannáin. [Ceol]: Socruithe a oireann chun éisteacht le ceol. [Cluiche]: Socruithe a oireann do chluichí.
Ón Idirlíon Bí cinnte go bhfuil do theilifíseán ceangailte den Idirlíon trí cheangal ardluais leathanbhanda. Féach Ceangail do theilifíseán > Ceangail de líonra agus den Idirlíon (Lch 58). Roghnaigh treoir clár ón Idirlíon Seiceáil na socruithe seo a leanas, sula n-úsáideann tú an treoir clár: 1. Brúigh . 2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe teilifíse] > [Socruithe ginearálta] > [Treoir theilifíse]. 3. Roghnaigh [Ón Idirlíon], ansin brúigh OK. Tar ar treoir clár ón Idirlíon 1. Brúigh . 2.
Nóta: Mura bhfilleann an gléas ar mhód DLNA toisc cur isteach leictreach ó lasmuigh (m.sh. díluchtú leictreastatach), beidh gá le hidirghabháil ón úsáideoir. Cumraigh comhroinnt meán 1. Suiteáil freastalaí meán ar do ríomhaire chun comhaid meán a chomhroinnt. Seo a leanas roinnt freastalaithe meán: Le haghaidh PC: Windows Media Player 11 (nó níos airde) nó TVersity Le haghaidh Mac: Twonky Brabhsáil gléas USB 1. Ceangail an gléas USB den nascóir USB ar an teilifíseán. 2.
[Sraith carachtar]: Roghnaigh an tsraith carachtar a oireann do na fotheidil. [Teanga fuaime]: Roghnaigh teanga fuaime. [Athsheinn]: Roghnaigh [Athsheinn] chun comhad físeáin a sheinm arís agus arís eile nó [Seinn uair amháin] chun an comhad físeáin a sheinm uair amháin. [Freastalaí meán]: Agus inneachar ó fhreastalaí meán á sheinm agat, is féidir freastalaí meán eile a roghnú. [Suaitheadh ann] / [Suaitheadh as]: Cumasaigh nó díchumasaigh comhaid físeáin a sheinm go randamach.
Chun físeáin DivX VOD a sheinm ó stór físeán nó ó do ríomhaire, ní mór, ar an gcéad dul síos, DivX VOD a ghníomhachtú ar an teilifíseán. Ní ghearrtar táille as DivX VOD a ghníomhachtú ar do theilifíseán. Cláraigh an teilifíseán Mura bhfuil an teilifíseán gníomhachtaithe nuair a thosaíonn tú ag athsheinm físeán DivX ar cíos, taispeánfaidh an teilifís an cód clárúcháin DivX a theastaíonn chun an teilifíseán seo a ghníomhachtú. Lean na céimeanna seo a leanas chun clárú. 1.
Tar ar fheidhmchláir Smart TV Is féidir teacht ar fheidhmchláir trí leathanach baile Smart TV. Taispeánann na híocóin ar an leathanach seo na feidhmchláir atá suiteáilte ar do theilifíseán. Chun teacht ar fheidhmchlár, roghnaigh an feidhmchlár, ansin brúigh OK mar dheimhniú. Cuir feidhmchláir leis 1. Roghnaigh [Gailearaí Feidhmchlár], ansin brúigh OK. 2. Roghnaigh feidhmchlár, ansin brúigh OK chun é a chur le do scáileán baile. 3. Lean na treoracha ar an scáileán chun an feidhmchlár a chur leis.
Tar ar shiopa físeán 1. Brúigh SMART TV. 2. Tar ar [Gailearaí Feidhmchlár] chun feidhmchláir siopa físeán atá ar fáil i do thír a chuardach. 3. Roghnaigh siopa, ansin brúigh OK mar dheimhniú. Cuirtear íocón an tsiopa fhíseán leis an leathanach baile. 4. Chun teacht ar shiopa, roghnaigh íocón an tsiopa agus brúigh OK. Faigh físeán ar cíos Lean na treoracha ar an scáileán chun físeán a íoslódáil agus féachaint air. 1. Oscail feidhmchlár siopa físeán.
Pause TV An méid is féidir leat a dhéanamh Agus tú ag féachaint ar chainéal digiteach, is féidir clár a chur ar sos chun glao gutháin a fhreagairt nó sos a thógáil. Déantar an craoladh a stóráil ar thiomántán USB atá ceangailte den teilifíseán. Is féidir an clár a atosú ón áit sin uair ar bith. Nóta: Is féidir clár a chur ar sos go ceann 90 nóiméad ar a mhéad. Déanfar an tiomántán crua USB a fhormáidiú go heisiatach don teilifíseán seo. Bíodh sé ceangailte den teilifíseán an t-am ar fad.
Craoladh beo teilifíse a chur ar sos Seónna teilifíse a thaifeadadh An méid is féidir leat a dhéanamh Más féidir le do theilifíseán treoracha clár a fháil, beidh tú ábalta cláir theilifíse a thaifeadadh ar thiomántán crua USB. Is féidir idir chláir theilifíse chraolta agus chláir nár craoladh fós a thaifeadadh. Nóta: Ní thacaítear le taifeadadh ach amháin sna tíortha sin ina gcuirtear treoir clár ar fáil.
Déanfar an tiomántán crua USB a fhormáidiú go heisiatach don teilifíseán seo. Bíodh sé ceangailte den teilifíseán an t-am ar fad. Ní féidir teacht ar inneachar an tiomántáin chrua USB ó theilifíseán eile ná ó PC. Ná déan an port USB a ró-ualú. Má cheanglaíonn tú tiomántán crua USB a ídíonn breis is 500mA cumhachta, bí cinnte go mbíonn sé ceangailte dá sholáthar cumhachta seachtrach féin. Nóta: Bí cinnte go bhfuil an teilifíseán agus an tiomántán crua USB curtha as.
1. Brúigh , ansin roghnaigh [Treoir theilifíse]. 2. Roghnaigh an cainéal agus an clár atá le taifeadadh. 3. Roghnach: Chun clár a chraolfar lá eile a thaifeadadh: Brúigh OPTIONS, roghnaigh [Athraigh an lá], ansin roghnaigh lá eile. 4. Roghnaigh [Taifead]. Taispeántar fuinneog aníos. 5. Roghnaigh na sonraí taifeadta agus athraigh iad leis na Cnaipí uimhriúla agus na Cnaipí nascleanúna. 6. Roghnaigh [Deimhnigh], ansin brúigh OK. Athraigh taifeadadh sceidealta 1. Brúigh . 2.
An méid a bheidh uait Físcheamara teilifíse Philips, PTA317/00 (a dhíoltar mar mhír ar leithligh), le micreafón ionsuite. Féach Ceangail do theilifíseán > Ceangail gléasanna eile > Ceamara físghlao (Lch 54). Ceangail Idirlín. Líonra baile sreangtha nó gan sreang. Chun ceangal de líonra, féach Ceangail do theilifíseán > Ceangail de líonra agus den Idirlíon (Lch 58). Cuntas Skype. Is féidir cuntas Skype a chruthú ar an teilifíseán seo nó ó do ríomhaire.
Athainmnigh teagmháil 1. I roghchlár Skype, roghnaigh [Teagmhálacha], ansin brúigh OK. 2. Roghnaigh teagmháil, ansin brúigh OPTIONS. 3. Roghnaigh [Athainmnigh], ansin brúigh OK. 4. Lean na treoracha ar an scáileán chun eagarthóireacht a dhéanamh ar na sonraí. Teagmháil a bhlocáil 1. I roghchlár Skype, roghnaigh [Teagmhálacha], ansin brúigh OK. 2. Roghnaigh an teagmháil, ansin brúigh OPTIONS. 3. Roghnaigh [Blocáil], ansin brúigh OK. Nuair a iarrtar é, roghnaigh [Is ea] ansin brúigh OK.
Glao ar fón Le Skype, is féidir glaoch ar línte talún agus ar fhóin phóca. Nóta: Ní féidir glao éigeandála a dhéanamh le Skype. Ní féidir le Skype áit do theileafóin a ghabháil agus ní féidir glaonna éigeandála a dhéanamh leis. Sular féidir leat glao a dhéanamh, ní mór Creidmheas Skype a cheannach nó síntiús Skype a cheannach ar do ríomhaire. Gheofar tuilleadh eolais ar Do theilifíseán: gnéithe eile a d'fhéadfá a úsáid > Úsáid Skype > Socruithe Skype. (Lch 28) 1.
Socruithe Skype Creidmheas Skype Le Creidmheas Skype, is féidir glaoch ar línte talún nó ar fhóin phóca ó do theilifíseán. Chun Creidmheas Skype a cheannach, ní mór duit logáil isteach i do chuntas Skype ar do ríomhaire. Feicfidh tú an méid Creidmheasa Skype a cheannaigh tú nuair a logálann tú isteach i do chuntas Skype ó do theilifíseán. Sínigh isteach sa ghnáthchúrsa 1. I roghchlár Skype, roghnaigh [Socruithe], ansin brúigh OK. 2.
Roghnaigh leathanach Agus tú ag féachaint ar chainéil a chraolann teilithéacs, is féidir leat féachaint ar theilithéacs. 1. Roghnaigh cainéal a chraolann teilithéacs, ansin brúigh TEXT. 2. Roghnaigh leathanach ar cheann de na slite seo: Cuir isteach uimhir leathanaigh leis na Cnaipí uimhriúla. Brúigh CH + / CH - chun dul go dtí an chéad an leathanach eile nó siar go dtí an leathanach roimhe. Brúigh na Cnaipí datha chun mír a bhfuil cód datha air a roghnú. Roghanna teilithéacs 1.
Nóta: Déantar seirbhísí téacs digitigh a bhlocáil nuair a bhíonn fotheidil á gcraoladh agus nuair a bhíonn siad curtha ann. Féach Athraigh do shocruithe teilifíse > Socruithe teanga > Fotheidil ar chainéil dhigiteacha (Lch 38). Agus tú i dteilithéacs digiteach: Brúigh na Cnaipí nascleanúna chun míreanna a roghnú nó a aibhsiú. Brúigh na Cnaipí datha chun rogha a roghnú, ansin brúigh OK chun é a dheimhniú nó a ghníomhachtú. Socraigh glais agus amadóirí Clog Is féidir clog a thaispeáint ar an teilifíseán.
Gaeilge 3. Roghnaigh [Socraigh cód] or [Athraigh cód]. 4. Cuir isteach an cód leis na Cnaipí uimhriúla. Leid: Má théann tú chuig na cainéil ón liosta cainéal, iarrtar ort do chód glais a chur isteach. Má ligeann tú do chód i ndearmad, cuir isteach '8888' chun aon chód atá ann a shárú. Glasáil nó díghlasáil cainéal 1. I roghchlár na nglas linbh, roghnaigh [Glasáil cainéil]. 2. Cuir isteach cód an ghlais linbh leis na Cnaipí uimhriúla. 3. Roghnaigh na cainéil atá le glasáil nó le díghlasáil.
4 Athraigh do shocruithe teilifíse Pictiúr agus fuaim Cúntóir socruithe Is féidir socruithe pictiúir agus fuaime a roghnú le cabhair an chúntóra socruithe, a léiríonn láithreach éifeacht an tsocraithe atá roghnaithe agat. 1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh . 2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Mearshocruithe pictiúir agus fuaime], ansin brúigh OK. 3. Roghnaigh [Lean ar aghaidh], ansin brúigh OK. 4. Lean na treoracha ar an scáileán chun do shocruithe a roghnú.
Is féidir na socruithe sa roghchlár Fuaim a athrú. 1. Brúigh . 2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe teilifíse] > [Fuaim], ansin brúigh OK. 3. Roghnaigh socrú le hathrú, ansin brúigh OK. [Stíl fuaime]: Téigh chuig socruithe fuaime réamhshainithe. [Athchuir stíl]: Athchuir an socrú fuaime réamhshainithe is deireanaí a roghnaíodh. [Dord]: Ceartaigh dordleibhéal an challaire agus na gcluasán. [Tribil]: Ceartaigh leibhéal tribile an challaire agus na gcluasán.
Athshocraigh pictiúr agus fuaim Suiteáil cainéil analógacha Is féidir leat réamhshocruithe pictiúir agus fuaime a athchuir, agus socruithe suiteála an chainéil a choimeád mar a bhí siad. 1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh . 2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe teilifíse] > [Socruithe ginearálta] > [Socruithe monarchan], ansin brúigh OK. 3. Roghnaigh [OK], ansin brúigh OK. Is féidir cainéil analógacha teilifíse a chuardach agus a stóráil ina gceann agus ina gceann.
Mioncheartaigh cainéil analógacha Mura bhfuil glacadh an chainéil teilifíse analógaí go maith, is féidir an cainéil teilifíse a mhioncheartú. 1. Brúigh . 2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe cainéil] > [Suiteáil cainéil]. 3. Roghnaigh [Analógach: Suiteáil láimhe] > [Mioncheartaigh], ansin brúigh OK. 4. Brúigh nó chun an cainéal a mhioncheartú. 5. Tar éis an mhinicíocht cheart a roghnú, roghnaigh [Déanta], ansin brúigh OK. 6. Roghnaigh rogha, ansin brúigh OK.
Céim 1: Seiceáil an socrú tíre 1. Cuir an chéad teilifíseán ann (leis na cainéil is mian leat a chóipeáil go dtí an dara teilifíseán). 2. Brúigh . 3. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Cuardaigh cainéal] > [Athshuiteáil cainéal], ansin brúigh OK. Taispeántar roghchlár na dtíortha. 4. Déan nóta den socrú reatha. 5. Brúigh . 6. Brúigh [Cealaigh] chun é a fhágáil. Céim 2: Cóipeáil an liosta cainéal go USB 1. Ceangail gléas stórála USB leis an gcéad teilifíseán (agus na cainéil suiteáilte air). 2. Brúigh . 3.
Athshuiteáil satailítí 1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh . 2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Cuardach satailíte] > [Athshuiteáil satailítí]. 3. Lean na treoracha ar an scáileán chun an tsuiteáil a chríochnú. 4. Ina dhiaidh sin, roghnaigh [Críochnaigh], ansin brúigh OK. Roghnaigh cineál an naisc Agus cainéil satailíte á suiteáil agat, ní mór duit cineál an naisc a shocrú. Cinneann líon na LNBanna ar aeróg do mhéise líon na gcainéal satailíte is féidir leat a shuiteáil. 1.
Teanga fuaime Má chraolann an teilifís teangacha iolracha nó teangacha fuaime déacha, is féidir do theanga fuaime a roghnú. 1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh OPTIONS. 2. I gcás cainéal digiteach, roghnaigh [Teanga fuaime]. I gcás cainéal analógach, roghnaigh [Dual I-II]. Brúígh OK chun do rogha a dheimhniú. 3. Roghnaigh as na teangacha atá ar fáil, ansin brúigh OK. Is féidir do rogha teangacha fuaime príomhúla agus tánaisteacha a shocrú le cloisteáil nuair a bhíonn siad ar fáil. 1.
Rochtain don lucht lagradhairc Chun bheith cinnte go bhfuil teanga closáin ar fáil don lucht lagradhairc, brúigh OPTIONS, ansin roghnaigh [Teanga fuaime]. Taispeántar íocón i bhfoirm súile le hais teangacha a thacaíonn leis an gclosán don lucht lagradhairc. Roghnaigh callairí nó cluasáin Is féidir rogha a dhéanamh an closán don lucht lagradhairc a chloisteáil tríd na callairí teilifíse, trí chluasáin, nó tríd an dá cheann. 1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh OPTIONS. 2.
Nuashonraigh na bogearraí Seiceáil an leagan 1. Brúigh . 2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe bogearraí] > [Sonraí na mbogearraí reatha], ansin brúigh OK. Taispeántar leagan na mbogearraí reatha. Rabhadh: Ná suiteáil leagan de na bogearraí is ísle ná an leagan reatha atá suiteáilte ar do tháirge. Ní féidir le TP Vision bheith freagrach as fadhbanna a leanann íosghrádú bogearraí.
Nuashonrú ó chraoladh digiteach Is féidir gach socrú pictiúir agus fuaime a athshocrú agus gach cainéal a athshuiteáil ar do theilifís. 1. Brúigh . 2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe teilifíse] > [Socruithe ginearálta] > [Athshuiteáil an teilifís], ansin brúigh OK. 3. Roghnaigh [Tá], ansin brúigh OK. 4. Lean na treoracha ar an scáileán. Is féidir leis an teilifís nuashonruithe ar bhogearraí a ghlacadh trí chraoltaí digiteacha, nuair a bhíonn siad ar fáil.
5 Ceangail do theilifíseán Is féidir leis an nascóir Y Pb Pr comharthaí teilifíse ardghléine a láimhsiú. Meaitseáil dathanna an nascóra Y Pb Pr le plocóidí na gcáblaí. Mar gheall ar cháblaí Cáilíocht na gcáblaí Sula gceanglaíonn tú gléasanna den teilifís, féach cad iad na nascóirí atá ar fáil ar an ngléas. Ceangail an gléas den teilifís leis an nascóir is fearr dá bhfuil ar fáil. Is fearr mar a aistrítear pictiúr agus fuaim ar nascóirí ardchaighdeán.
Is féidir VGA a cheangal chun inneachar PC a thaispeáint ar an teilifís. Físeán amháin a tharchuireann VGA. Ní mór ceangal de AUDIO IN chun fuaim a fháil. Ceangail an aeróg Ceangail an aeróg den teilifís.
Nasc gléasanna Seinnteoir diosca Blu-ray nó DVD Ceangail an seinnteoir diosca den teilifís le cábla HDMI. Ceangail an seinnteoir diosca den teilifís le cábla físe comhpháirte (Y Pb Pr) agus cábla fuaime C/D. Ceangail an seinnteoir diosca den teilifíseán le cábla físe ilchodach (CVBS) agus cábla fuaime C/D.
Glacadóir teilifíse Gaeilge Ceangail an satailít* nó an glacadóir teilifíse digití den teilifís le cábla aeróige. *Múnlaí áirithe amháin. Ceangail an satailít nó an glacadóir teilifíse digití den teilifís le cábla HDMI. Ceangail an glacadóir teilifíse digití den teilifís le cábla físe comhpháirte (Y Pb Pr) agus cábla fuaime C/D.
Ceangail an glacadóir teilifíse digití den teilifís le cábla SCART. Ceangail an glacadóir digiteach teilifíse den teilifíseán le cábla físe ilchodach (CVBS) agus cábla fuaime C/D. Fístaifeadán Ceangail an fístaifeadán den teilifís le cábla aeróige.
Gaeilge Ceangail an fístaifeadán den teilifís le cábla HDMI. Ceangail an fístaifeadán den teilifís le cábla físe comhpháirte (Y Pb Pr) agus cábla fuaime C/D. Ceangail an fístaifeadán den teilifís le cábla SCART.
Ceangail an taifeadán den teilifíseán le cábla físe ilchodach (CVBS) agus cábla fuaime C/D. Consól cluichí Ceangail an consól cluichí den teilifís le cábla HDMI. Ceangail an consól cluichí den teilifís le cábla físe comhpháirte (Y Pb Pr) agus cábla fuaime C/D.
Gaeilge Ceangail an consól cluichí den teilifíseán le cábla físe ilchodach (CVBS) agus cábla fuaime C/D. Córas amharclainne baile Ceangail amharclann bhaile HDMI-ARC-chomhlíontach den teilifís le cábla HDMI. Ceangail an amharclann bhaile den teilifís le cábla HDMI agus cábla fuaime comhaiseach.
Ceangail an amharclann bhaile den teilifís le cábla físe comhpháirte (Y Pb Pr) agus cábla fuaime C/D. Ceangail an amharclann bhaile den teilifís le cábla SCART. Ceangail an amharclann bhaile den teilifíseán le cábla físe ilchodach (CVBS) agus cábla fuaime C/D.
Ceamara digiteach Gaeilge Ceangail an ceamara digiteach den teilifís le cábla USB. Ceamthaifeadán digiteach Ceangail an ceamthaifeadán digiteach den teilifís le cábla HDMI. Ceangail an ceamthaifeadán digiteach den teilifís le cábla físe comhpháirte (Y Pb Pr) agus cábla fuaime C/D.
Ceangail an ceamthaifeadán den teilifíseán le cábla físe ilchodach (CVBS) agus cábla fuaime C/D. Ceangail gléasanna eile Ceangail an tiomántán crua USB den teilifís le cábla USB. Gléas stórála USB Ceangail an mhearóg USB den teilifís le cábla USB.
Ríomhaire Gaeilge Ceangail an ríomhaire den teilifís le cábla HDMI. Ceangail an ríomhaire den teilifís le cábla DVI-HDMI agus cábla fuaime. Ceangail an ríomhaire den teilifíseán le cábla VGA agus cábla fuaime.
Ceamara físghlao Ceangail an físcheamara teilifíse Philips - PTA317 (a dhíoltar mar mhír ar leith) den teilifís le cábla USB. Méarchlár agus luchóg Nóta: Má bhíonn nascóirí breise USB de dhíth, úsáid mol USB. Is féidir luchóg USB a cheangal, leis, le méarchlár USB ceangailte. Méarchlár USB Is féidir méarchlár USB a cheangal chun téacs ar nós ainmhithe gléasanna a chur isteach ar an teilifís nó téacs le haghaidh feidhmchlár SMART TV.
Eochracha Smart TV ar do mhéarchlár Cuir isteach : Deimhnigh iontráil. Cúlspás : Téigh chuig an leathanach roimhe. Eochracha nascleanúna: Déan nascleanúint idir réimsí. Táb: Téigh chuig an chéad réimse eile. Táb agus Iomlaoid: Téigh chuig an réimse roimhe. Baile: Scrollaigh go barr an leathanaigh. Deireadh: Scrollaigh go bun an leathanaigh. Leathanach Aníos: Téigh chuig an leathanach roimhe. Leathanach Anuas: Téigh chuig an chéad leathanach eile. +/-: Zúmáil isteach nó amach.
Athshocraigh socruithe an ghléis Is féidir cineál agus ainm an ghléis a athshocrú de réir an réamhshocraithe. 1. Sa roghchlár [Foinse], roghnaigh an gléas agus brúigh OPTIONS. 2. Roghnaigh [Ainm agus deilbhín bunaidh], ansin brúigh OK. Cumraigh gléasanna EasyLink An méid is féidir leat a dhéanamh Le gnéithe rialaithe feabhsaithe EasyLink ó Philips bainfidh tú gach buntáiste as do ghléasanna HDMI-CEC-chomhlíontacha.
Cnaipí EasyLink Is féidir gléasanna HDMI-CEC-chomhlíontacha a rialú leis na cnaipí seo ar an gcianrialtán teilifíse: : Cuir an teilifís agus an gléas ceangailte ann nó ar fuireachas. Cnaipí seanma: Rialaigh seinm físeán nó ceoil. Cnaipí uimhriúla: Roghnaigh teideal, caibidil nó rian. OK: Tosaigh an gléas ceangailte, cuir ar sos é nó atosaigh é, déan rogha, nó téigh chuig roghchlár na ngléasanna. : Taispeáin an roghchlár Baile teilifíse.
[Aimplitheoir]: Sruthaigh fuaim tríd an ngléas ceangailte HDMI-CEC. Mura bhfuil mód fuaime córais cumasaithe ar an ngléas, leanann an fhuaim de bheith ag sruthú trí challairí na teilifíse. Má roghnaítear [Uath-thosú EasyLink], iarrann an teilifís an gléas ceangailte a athrú go dtí mód fuaime córais. Coimeád caighdeán an phictiúir Má tá tionchar ag gnéithe próiseála pictiúir ar ghléasanna eile ar chaighdeán do phictiúir theilifíse, is féidir Pixel Plus Link a chur air. Cuir Pixel Plus Link air 1.
I gcás ceangail gan sreang, féach Ceangail do theilifíseán > Ceangail de líonra agus den Idirlíon > Wi-Fi comhtháite (Lch 59). Ceangal sreangtha 1. Cuir an ródaire air agus cuir a shocrú DHCP air. 2. Ceangail an ródaire den teilifíseán le cábla Ethernet. 3. Brúigh , ansin roghnaigh [Cumraíocht] 4. Roghnaigh [Ceangail den líonra], ansin brúigh OK. 5. Lean na treoracha ar an scáileán chun an líonra a shuiteáil. 6. Fan go dtiocfaidh an teilifíseán ar an gceangal líonra. 7.
Chun an eochair criptithe a chur isteach de láimh, roghnaigh [Caighdeánach] ansin cuir isteach an eochair nuair a iarrtar é. Socraigh ceangal daingnithe le criptiú WPS 1. Chun an ceangal daingnithe a shocrú le cód UAP, roghnaigh an [UAP WPS] agus brúigh OK. 2. Breac síos an cód UAP 8 ndigit a thaispeántar ar an teilifís agus cuir isteach é ar bhogearraí an ródaire ar an PC. Féach lámhleabhar an ródaire le fáil amach cá háit a gcuirtear isteach an cód UAP.
An méid a bheidh uait Gaeilge Rabhadh: Chun do CAM a chosaint ar dhamáiste, cuir isteach an CAM faoi mar a deirtear leat é. Nóta: Léigh an doiciméad ó do sholáthraí seirbhíse faoin tslí leis an gcárta cliste a chur isteach sa Mhodúl Rochtana Teagmhasaigh. 1. Cuir an teilifís as. 2. Lean na treoracha atá priontáilte ar an CAM chun an CAM a chur isteach i slota an Chomhéadain Choitianta ar thaobh an teilifíseáin. Brúigh an CAM isteach chomh fada agus is féidir. 3.
6 Fabhtcheartú Fadhbanna ginearálta Ní féidir an teilifíseán a chur ann: Dícheangal an cábla cumhachta den asraon cumhachta. Fan nóiméad amháin sula n-athcheanglaíonn tú é. Bí cinnte go bhfuil an cábla cumhachta ceangailte go daingean. Agus an teilifíseán á chur ann agat, nó á mhúchadh nó á chur ar fuireachas, cloiseann tú fuaim dhíoscach ó fhonnadh an teilifíseáin: Ní gá rud ar bith a dhéanamh.
Teastaíonn uait cainéil teilifíse a shuiteáil: Féach Athraigh do shocruithe teilifíse > Suiteáil uathoibríoch (Lch 34) chun treoracha a fháil ar conas cainéil analógacha nó digiteacha a shuiteáil. Más mian leat cainéil teilifíse satailíte a shuiteáil, féach Athraigh do shocruithe teilifíse > Socruithe satailíte (Lch 36). Ní bhfuarthas aon chainéal digiteach le linn na suiteála: Féach na sonraíochtaí teicniúla chun a bheith cinnte go dtacaíonn do theilifís le DVB-T, DVB-C, nó DVB-S i do thír féin.
Níl an taispeáint ríomhaire ar an teilifís cobhsaí: Bí cinnte go n-úsáideann an PC an ráta tacaithe taifeach agus athnuachana. Féach Sonraíochtaí > Taispeáin taifigh (Lch 66). Athraigh formáid an phictiúir teilifíse go [Neamhscálaithe]. Fadhbanna fuaime Tá pictiúr ann ach níl aon fhuaim ag teacht ón teilifíseán: Mura mbraitear comhartha fuaime, múchann an teilifíseán an t-aschur fuaime as a stuaim féin — ní chiallaíonn sin go bhfuil mífheidhm ann. Bí cinnte go bhfuil gach cábla ceangailte i gceart.
Fadhbanna líonra Teastaíonn uait ceangal gan sreang a chur idir do theilifíseán agus do líonra baile: Féach Ceangail do theilifíseán > Ceangail de líonra agus den Idirlíon > Wi-Fi comhtháite (Lch 59) chun treoracha a fháil ar conas do theilifíseán a cheangal gan sreang de do líonra baile. Níl Smart TV ag obair: Seiceáil go bhfuil an ródaire ceangailte i gceart den teilifíseán, agus to bhfuil teacht oscailte ag an ródaire ar an Idirlíon.
7 Sonraíochtaí Cumhacht agus glacadh D'fhéadfadh sonraíochtaí táirge athrú gan fógra a bheith tugtha. Cumhacht Príomhchumhacht: AC 220-240V (50-60Hz) Ídiú cumhachta fuireachais: < 0.3 W Teocht timpeallach: 5 go 40 céim Celsius Gheofar an t-ídiú cumhachta ar na sonraíochtaí táirge ag www.philips.com/support. Taispeánann an rátáil cumhachta atá tugtha ar chineálphláta an táirge an méid cumhachta a ídíonn an táirge seo le linn ghnáthúsáid teaghlaigh (IEC 62087 Ed.2).
Nóta: Ní mhór do chomhaid ilmheáin bheith faoi bhun 128 carachtar. Ceangail ilmheáin a dtacaítear leo USB: Ná ceangail ach na gléasanna USB sin a ídíonn 500mA cumhachta nó níos lú. - NTFS, FAT 16 (Inléite amháin) - FAT 32 Ethernet LAN RJ-45 Comhaid íomhá a dtacaítear leo JPEG: *.jpg, *.jpeg, *.mpo GIF (87a, 89a): *.gif PNG: *.png BMP: *.bmp, *.dib JPS: *.jps PNS: *.pns BMS: *.
Formáidí fuaime / físe a dtacaítear leo Formáidí fuaime / físe a dtacaítear leo Formáidí fuaime / físe a dtacaítear leo Formáidí fuaime a dtacaítear leo GA 68
Gaeilge Formáidí fuaime a dtacaítear leo Formáidí fotheidil a dtacaítear leo Ionchódú carachtar Windows-1250 (CP-1250): Laidin Lár na hEorpa agus Oirthear na hEorpa (An tSeicis, an Ungáiris, an Pholainnis, an tSlóvaicis, an tSlóivéinis, an Chróitis, an Rómáinis, an tSeirbis) Windows-1251 (CP-1251): Coireallach Windows-1252 (CP-1252): Laidin Iarthar na hEorpa Windows-1253 (CP-1253): Gréigis Windows-1254 (CP-1254): Tuircis UTF-8: Ionchódú carachtair ilbheart le haghaidh Unicode Bogearraí freast
Leagan cabhrach UMv 420812130302 - 20130507 GA 70
cainéil, ceanáin 12 cainéil, folaigh nó dífholaigh 12 A cainéil, lógó 12 cainéil, mioncheartaigh (analóg) 35 cainéil, sórtáil 12 cainéil, suiteáil (analógach) 34 cainéil, suiteáil (digiteach) 34 cainéil, suiteáil (satailít) 37 cainéil, suiteáil (uathoibríoch) 34 cainéil, tabhair chun dáta 35 Callairí teilifíseáin, gan fuaim 11 CAM 60 CAM, cuir isteach 61 CAM, cumasaigh 61 ceamara digiteach 51 ceamara físghlao 54 ceamthaifeadán digiteach 51 ceangail gléas USB 52 ceangail,
Comhéadan Coitianta 60 fotheidil, digiteach 38 consól cluichí, ceangail 48 fotheidil, teanga 38 cuir an teilifís ann, as 11 fuireachas 11 cúntóir socruithe 32 cúram scáileáin CVBS, físeán ilchodach 4 42 G glacadóir teilifíse, ceangail Glas Kensington D glas linbh déan teagmháil le Philips 8 glasáil an teilifís 45 5 30 5 diosca crua seachtrach 52 gléas ceangailte, athainmnigh 55 DivX VOD 17 gléasanna, féach ar 55 DLNA 15 DTVi 20 E H HbbTV 20 HDMI 42 HDMI ARC 42 EasyL
60 N siopa físeán 19 Skype 24 Skype, cumraíocht 25 nasc Pixel Plus 57 Skype, déan teagmháil a bhlocáil 25 nascacht 69 Skype, físghlao 26 nascóirí 42 Skype, freagair glao 26 nuashonraigh, liosta foinsí 55 Skype, glórghlao 26 Skype, glórphoist 27 Skype, sínigh isteach 25 Skype, socruithe 28 Skype, teagmhálaithe 25 Smart TV 18 Smart TV, brabhsáil 18 Smart TV, feidhmchláir 19 Smart TV, líonra 58 Smart TV, tosaigh 18 socruithe cluiche 28 socruithe eile pictiúir 32 so
taifead cláir theilifíse, aon iarracht 23 taifead, ceangail 46 taifeadadh, cláir theilifíse 22 taifeadtaí, féach ar 24 taifeadtaí, sceideal 23 taifeadtaí, scrios 24 taispeáin sonraíochtaí 66 taispeáin taifigh 66 teanga fuaime 38 teanga, fotheidil 38 teanga, roghchlár 37 teilethéacs 2.
Maoin de chuid a n-úinéirí faoi seach is ea gach trádmharc cláraithe agus neamhchláraithe. D'fhéadfadh sonraíochtaí athrú gan fógra a bheith tugtha. Trádmharcanna cláraithe de chuid Koninklijke Philips Electronics N.V. is ea Philips agus suaitheantas scéithe Philips, agus úsáidtear iad faoi cheadúnas ó Koninklijke Philips Electronics N.V. 2013 © TP Vision Netherlands B.V. Gach ceart ar cosaint. www.philips.