operation manual

GA 60
Chun an eochair criptithe a chur isteach
de láimh, roghnaigh [Caighdeánach]
ansin cuir isteach an eochair nuair a
iarrtar é.
Socraigh ceangal daingnithe le criptiú WPS
1. Chun an ceangal daingnithe a shocrú le
cód UAP, roghnaigh an [UAP WPS] agus
brúigh OK.
2. Breac síos an cód UAP 8 ndigit a
thaispeántar ar an teilifís agus cuir isteach é
ar bhogearraí an ródaire ar an PC.
Féach lámhleabhar an ródaire le fáil amach cá
háit a gcuirtear isteach an cód UAP.
Socraigh ceangal daingnithe le criptiú WPA
tá sndáil WPA (Rochtain Chosanta Wi-Fi)
ag do ródaire, cuir isteach an frása pas leis an
gcianrialtán.
1. Chun an eochair criptithe a chur isteach
de láimhe, roghnaigh [Caighdeánach] agus
brúigh OK.
2. Chun an méarchlár scáileáin a fháil, roghnaigh
an réimse iontrála téacs, ansin brúigh OK.
Socraigh ceangal daingnithe le criptiú WEP
Má tá criptiú slándála WEP agat, iarrfaidh an
teilifís ort an eochair criptithe WEP a chur
isteach in uimhreacha heicsidheachúla.
1. Aimsigh an eochair heicsidheachúil i
mbogearraí an ródaire ar do PC agus den
nóta den chéad eochair i liosta eochracha
WEPS.
2. Cuir isteach an eochair slándála ar an
teilifís leis an gcianrialtán chun é a cheangal
den ródaire.
3. Má iarrtar é, aontaigh le Comhaontú
Ceadúnais an Úsáideora Deiridh.
Socruithe líonra
Ainm an líonra teilifíse
Má tá breis is teilifís amháin i do líonra baile,
is féidir an teilifíseán seo a athainmniú ionas
go mbeidh ainm ar leith aige.
1. Brúigh .
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe
líonra] > [Ainm an líonra theilifíse], ansin
brúigh OK.
3. Cuir isteach an t-ainm leis an méarchlár
scáileáin nó leis an gcianrialtán.
Cuir Miracast air
Teilifís atá deimhnithe ag Miracast is ea an
teilifís seo. Chun inneachar ó ghléas Wi-Fi a
thaispeáin gan uaim ar do theilifís, cuir
Miracast air.
1. Brúigh .
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe
líonra] > [Wi-Fi Miracast].
3. Roghnaigh [Ann], ansin brúigh OK chun
Miracast a chumasú.
Leid: Chun stair gach gléas Wi-Fi Miracast a
ghlanadh, roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe
líonra] > [Glan gléasanna Wi-Fi Miracast].
Cuir taifeadadh cianda air
Tacaíonn an teilifís seo le taifeadadh cianda a
sceidealtar ó ghléas Wi-Fi.
Nóta: Má chuireann tú taifeadadh cianda
ann, ídíonn an teilifís breis cumhachta ar
fuireachas.
1. Brúigh .
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe
líonra] > [Taifeadadh MyRemote].
3. Roghnaigh [Ann], ansin brúigh OK.
Ceangal CAM (Modúl
Rochtana Teagmhasaigh)
An méid is féidir leat a dhéanamh
Is féidir féachaint ar chainéil scrofa teilifíse
digi le Modúl Rochtana Teagmhasaigh (CAM).
Is féidir féachaint ar na cláir tar éis an CAM a
chur isteach agus na táillí síntiúis a íoc.
Tacaíonn an teilifís seo le CI (Comhéadan
Coitianta) agus le CI+. Tacaíonn CI+ le cláir
príomhúla digiteacha HD a bhfuil ardleibhéal
cosanta cóipeála acu.
Nóta: Braitheann na feidhmchláir, na
feidhmeanna, an t-inneachar agus na
teachtaireachtaí scáileáin ar sholáthraí
seirbhíse an CAM.