operation manual

GA 14
Bainistigh liostaí cainéal
Nuair a bheidh na cainéil suiteáilte, beidh tú
ábalta:
Cainéil a scagadh.
Athrú idir cainéal aeróige agus cainéal
cábla.
Cainéil a athainmniú.
Cainéil a chur in ord nua.
Cainéal a ghlasáil.
Éisteacht le raidió digiteach.
Cainéil a scagadh
1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh
LIST.
2. Brúigh OPTIONS, ansin roghnaigh
[Scag].
3. Roghnaigh rogha, ansin brúigh OK.
[Digiteach + Analógach]: Taispeáin
gach cainéal sa liosta cainéal.
[Cainéil dhigiteacha teilifíse]: Taispeáin
cainéil dhigiteacha amháin.
[Cainéil analógacha]: Taispeáin cainéil
analógacha amháin.
[Saor / scrofa]: Taispeáin gach cainéal sa
liosta cainéal.
[Cainéil scrofa]: Taispeáin cainéil scrofa
amháin.
[Cainéil shaor in aisce]: Taispeáin
cainéil shaor in aisce amháin.
Nóta: D'fhéadfadh na roghanna scagtha a
bheith éagsúil, ag brath ar do chraoltóir.
Athraigh idir cainéil aeróige agus cainéil
chábla
Agus tú ag féachaint ar teilifís, is féidir athrú
idir cainéil aeróige agus cainéil chábla.
1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh .
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe
cainéil] > [Suiteáil cainéil] > [Ceangal
aeróige].
3. Roghnaigh [Aeróga (DVB-T)] chun
féachaint ar chainéil aeróige nó [Cábla
(DVB-C)] chun féachaint ar chainéil chábla,
ansin brúigh OK.
Cainéil a athainmniú
Nuair a roghnaíonn tú cainéal, tagann ainm an
chainéil sin aníos. Is féidir an t-ainm sin a athrú.
1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh
LIST.
Taispeántar an liosta cainéal.
2. Roghnaigh cainéal le hathainmniú, ansin
roghnaigh
OPTIONS.
3. Roghnaigh [Athainmnigh], ansin brúigh
OK.
Taispeántar an méarchlár scáileáin.
4. Brúigh na Cnaipí treoleanúna chun gach
carachtar a roghnú, ansin brúigh OK.
5. A luaithe a bhíonn sé déanta, roghnaigh
[Déanta], ansin brúigh OK mar dheimhniú.
Cainéil a chur in ord nua
Tar éis na gcainéal a shuiteáil, is féidir ord nua
a chur ar an liosta cainéal.
1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh
LIST.
Taispeántar an liosta cainéal.
2. Brúigh OPTIONS.
3. Roghnaigh [Cuir in ord nua], ansin brúigh
OK.
4. Roghnaigh na cainéil le cur in ord nua,
ansin brúigh OK.
5. Brúigh na Cnaipí nascleanúna chun an
cainéal aibhsithe a bhogadh go háit eile, ansin
brúigh OK.
6. Nuair a bhíonn sé déanta, brúigh
OPTIONS.
7. Roghnaigh [Fág athordaigh'], ansin brúigh
OK.
Glasáil cainéal
Is féidir teacht neamhúdaraithe ar chainéil a
chosc trí hiad a ghlasáil.
1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh
LIST.
Tá an liosta cainéal ar taispeáint.
2. Roghnaigh an cainéal atá le glasáil, ansin
brúigh OPTIONS.
3. Roghnaigh [Glasáil cainéal], ansin brúigh
OK.
4. Má iarrtar é, cuir isteach d'uimhir
aitheantais pearsanta.
Beidh an cainéal marcáilte le híocón glais sa
liosta cainéal.
Leid: Chun féachaint ar chainéal glasáilte, cuir
isteach an cód aitheantais nuair a iarrtar é.