operation manual

GA 29
Gaeilge
Cuir teagmháil leis
1. I roghchlár Skype, roghnaigh
[Teagmhálaithe], ansin brúigh OK.
2. Brúigh OPTIONS, ansin roghnaigh
[Cuir teagmhálaí Skype leis] or [Cuir
teagmhálaí SkypeOut leis].
3. Brúigh OK chun an méarchlár scáileáin a
thaispeáint.
4. Lean na treoracha ar an scáileán chun na
sonraí a chur isteach.
Taispeántar liosta próifílí.
5. Roghnaigh teagmháil, ansin brúigh OK.
Cuirtear iarratas cuiridh chuig an teagmháil.
Feictear ainm na teagmhála as líne go dtí go
nglacann an teagmháil leis an iarratas.
Glac le hiarratas teagmhála
Is féidir le húsáideoirí eile Skype cuireadh a
thabhairt duit bheith ar a liosta
dteagmhálaithe siúd. Gheobhaidh tú
teachtaireacht ina thaobh, agus beidh tú in
ann glacadh leis nó é a dhiúltú.
Athainmnigh teagmháil
1. I roghchlár Skype, roghnaigh
[Teagmhálacha], ansin brúigh OK.
2. Roghnaigh teagmháil, ansin brúigh
OPTIONS.
3. Roghnaigh [Athainmnigh], ansin brúigh
OK.
4. Lean na treoracha ar an scáileán chun
eagarthóireacht a dhéanamh ar na sonraí.
Teagmháil a bhlocáil
1. I roghchlár Skype, roghnaigh
[Teagmhálacha], ansin brúigh OK.
2. Roghnaigh an teagmháil, ansin brúigh
OPTIONS.
3. Roghnaigh [Blocáil], ansin brúigh OK.
Nuair a iarrtar é, roghnaigh [Is ea] ansin
brúigh OK.
Teagmhálaí a dhíbhlocáil
1. I roghchlár Skype, roghnaigh [Socruithe] >
[Teagmhálaithe blocáilte].
2. Roghnaigh an teagmháil bhlocáilte, ansin
brúigh OK.
3. Lean na treoracha ar an scáileán chun an
teagmháil a dhíbhlocáil.
Sonraí teagmhála
Chun sonraí teagmhála a fheiceáil, roghnaigh
teagmháil. Taispeántar sonraí teagmhálaithe
ar dheis an scáileáin teilifíse.
Stair teagmhála
Chun féachaint ar na glaonna a bhí agat le
teagmhálaí, roghnaigh [Stair].
Chun comhráite roimhe seo a oscailt,
roghnaigh comhrá agus brúigh OK.
Nóta: Nuair a shíníonn tú isteach ar an
teilifíseán seo le cuntas Skype eile, glantar
stair do chuntais roimhe sin.
Stádas ar líne
Chun féachaint an bhfuil teagmháil ar líne,
seiceáil an t-íocón stádais ar líne le hais an
teagmhála. Taispeántar do stádas ar líne, leis,
ar leathanach do teagmhálaithe.
Chun do stádas ar líne a athrú:
1. I roghchlár Skype, roghnaigh d'Ainm Skype,
ansin brúigh OK.
2. Roghnaigh [Stádas ar Líne], ansin brúigh
OK.
3. Roghnaigh stádas, ansin brúigh OK.
Déan glaonna glóir agus físe
Déan glórghlao
Is féidir glao Skype a dhéanamh gan físeán.
Nóta: Bí cinnte go bhfuil an físcheamara
ceangailte le haghaidh glórghlaonna freisin.
1. I roghchlár Skype, roghnaigh
[Teagmhálaithe], ansin brúigh OK.
2. Roghnaigh an teagmháil, ansin brúigh OK.
3. Roghnaigh [Glao], ansin brúigh OK.
Roghanna glórghlao
Le linn glao, brúigh OPTIONS chun dul
chuig na roghanna seo a leanas:
[Gan fuaim]: Ná bíodh fuaim ón
mhicreafón.
[Ar feitheamh]: Cuir an glao ar
feitheamh.
[Críochnaigh an glao]: Críochnaigh an
glao.
[Ceap diailithe]: Téigh chuig an gceap
diailithe.
[Tosaigh M'Fhíseán]: Tosaigh an
físcheamara.