operation manual

GA 33
Gaeilge
Foleathanaigh
Má tá roinnt foleathanach sa leathanach
teilithéacs, is féidir féachaint ar gach
foleathanach ceann i ndiaidh a chéile.
Taispeántar na foleathanaigh sin ar bharra le
hais uimhir an phríomhleathanaigh.
Brúigh chun iad a roghnú.
Cuardaigh
Is féidir focal nó uimhir atá ar an leathanach
reatha teilithéacs a chuardach.
1. Agus tú ag féachaint ar theilithéacs, brúigh
OK chun an chéad fhocal nó an chéad uimhir
a aibhsiú.
2. Brúigh na Cnaipí nascleanúna chun dul go
dtí an focal nó an uimhir atá á chuardach.
3. Brúigh OK chun an cuardach a thosú.
4. Chun an cuardach a chríochnú, brúigh
go dtí nach mbíonn aon fhocal ná aon uimhir
aibhsithe.
Teilithéacs digiteach
Má thairgeann cainéal teilifíse digití téacs
digiteach tiomnaithe nó seirbhísí
idirghníomhacha, is féidir féachaint ar
theilithéacs digiteach. D'fhéadfadh teilithéacs
digiteach agus breis gnéithe idirghníomhacha
a bheith ag cainéil ar nós BBC1.
Nóta: Déantar seirbhísí téacs digitigh a
bhlocáil nuair a bhíonn fotheidil á gcraoladh
agus nuair a bhíonn siad curtha ann. Féach
Athraigh do shocruithe teilifíse > Socruithe
teanga > Fotheidil ar chainéil dhigiteacha
(Lch 41).
Agus tú i dteilithéacs digiteach:
Brúigh na Cnaipí nascleanúna chun
míreanna a roghnú nó a aibhsiú.
Brúigh na Cnaipí datha chun rogha a
roghnú, ansin brúigh OK chun é a
dheimhniú nó a ghníomhachtú.
Socraigh glais agus amadóirí
Clog
Is féidir clog a thaispeáint ar an teilifíseán.
Taispeánann an clog an t-am a chraolann
d'oibreoir seirbhíse teilifíse.
Taispeáin an clog teilifíse
1. Ag tú ag féachaint ar theilifíse, brúigh
OPTIONS.
2. Roghnaigh [Clog], ansin brúigh OK.
Taispeántar an clog sa chúinne ar bharr an
scáileáin, ar thaobh na láimhe deise.
Athraigh mód an chloig
Is feidir mód an chloig a athrú go mód
uathoibríoch nó go mód láimhe. Is é mód
uathoibríoch an réamhshocrú, agus
sioncronaítear é sa ghnáthchúrsa go hAm
Uilíoch Comhordaithe (UTC). Murar féidir le
do theilifíseán craoltaí UTC a ghlacadh,
athraigh mód an chloig go [Mód Láimhe].
1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh .
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe
teilifíse] > [Socruithe ginearálta].
3. Roghnaigh [Clog] > [Uathmhód cloig].
4. Roghnaigh [Uathoibríoch], [Láimhe] or
[Ag brath ar an tír], ansin brúigh OK.
Athraigh an crios ama
I dtíortha ina bhfuil sonraí craolta cloig ann
maidir leo, is féidir an crios ama a athrú ach
[Uathmhód cloig] > [Uathoibríoch] [Ag
brath ar an tír] a roghnú.
1. Sa roghchlár [Clog], roghnaigh [Crios
ama].
2. Roghnaigh do chrios ama, ansin brúigh OK.
Socraigh am spárála sholas an lae
I dtíortha ina bhfuil sonraí craolta cloig ann
maidir leo, is féidir am spárála sholas an lae a
chumasú nó a dhíchumasú ach [Uathmhód
cloig] > [Uathoibríoch] [Ag brath ar an
tír] a roghnú.
1. Sa roghchlár [Clog], roghnaigh [Am
spárála sholas an lae].
2. Roghnaigh [Am caighdeánach] [Am
spárála sholas an lae], ansin brúigh OK.