operation manual

GA 34
Socraigh an clog de láimh
Is féidir an dáta agus an t-am a shocrú de
láimh. Sula dtosaíonn tú, socraigh mód an
chloig go [Láimhe].
1. Sa roghchlár [Clog], roghnaigh [Dáta]
[Am], ansin brúigh OK.
2. Socraigh an t-am nó an dáta leis na Cnaipí
nascleanúna.
3. Roghnaigh [Déanta], ansin brúigh OK.
Amadóir codlata
Is féidir an teilifíseán a chur ar fuireachas tar
éis tréimhse ama ar leith. Le linn an tréimhse
sin, is féidir an teilifíseán a mhúchadh níos
luaithe nó an t-amadóir codlata a athshocrú.
1. Brúigh .
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe
teilifíse] > [Socruithe ginearálta] >
[Amadóir codlata].
3. Roghnaigh tréimhse an amadóra codlata.
Is féidir an t-amadóir codlata a shocrú ar
feadh tréimhse 180 nóiméad ar a mhéad.
Chun an t-amadóir codlata a mhúchadh,
socraigh é ag nialas nóiméad.
4. Brúigh OK chun an t-amadóir codlata a
ghníomhachtú. Téann an teilifíseán ar
fuireachas ag deireadh na tréimhse sonraithe.
Glas linbh
Chun leanaí a chosaint ar chláir
neamhoiriúnacha theilifíse, is féidir an teilifís a
ghlasáil nó cláir aoisrátáilte a bhlocáil.
Socraigh nó athraigh an cód glais linbh
1. Brúigh .
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe
cainéil] or [Socruithe satailíte] > [Glas
linbh].
3. Roghnaigh [Socraigh cód] or [Athraigh
cód].
4. Cuir isteach an cód leis na Cnai
uimhriúla.
Leid: Má théann tú chuig na cainéil ón liosta
cainéal, iarrtar ort do chód glais a chur isteach.
Má ligeann tú do chód i ndearmad, cuir
isteach '8888' chun aon chód atá ann a shárú.
Glasáil nó díghlasáil cainéal
1. I roghchlár na nglas linbh, roghnaigh
[Glasáil cainéil].
2. Cuir isteach cód an ghlais linbh leis na
Cnaipí uimhriúla.
3. Roghnaigh na cainéil atá le glasáil nó le
díghlasáil. Atosaigh an teilifíseán chun an glas
a ghníomhachtú.
Nóta:
Má théann tú chuig na cainéil ón liosta cainéal,
iarrtar ort do chód glais a chur isteach.
Rátáil tuismitheora
Is féidir do theilifíseán a shocrú ionas nach
dtaispeánfaidh sé ach na cláir a bhfuil
aoisrátáil acu atá faoi bhun aois do linbh. Ní
bhaineann an srian seo ach le cainéil
dhigiteacha ó chraoltóirí a rátálann a gcuid
clár de réir aoise.
1. Brúigh .
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe
cainéil] or [Socruithe satailíte].
3. Roghnaigh [Glas linbh] > [Rátáil
tuismitheora].
Iarrtar ort cód an ghlais linbh a chur isteach.
4. Cuir isteach cód an ghlais linbh leis na
Cnaipí uimhriúla.
5. Roghnaigh aoisrátáil, ansin brúigh OK.
Déanfar gach clár do leanaí os cionn an
aoisrátáil roghnaithe a bhocáil.
Chun eolas a fháil ar ghlais linbh,ach Do
theilifíseán: gnéithe eile a d'fhéadfá a úsáid >
Socraigh glais agus amadóirí > Glas linbh
(Lch 34).