operation manual

GA 43
Gaeilge
Mód baile
D'fhéadfadh sé nach mbeadh socruithe
áirithe teilifíse ar fáil i Mód siopa. Chun bheith
cinnte go gcuirtear na socruithe cearta teilifíse
i bhfeidhm, socraigh an teilifíseán ag mód
Baile.
1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh .
2. Roghnaigh [Cumraíocht], ansin brúigh OK.
3. Roghnaigh [Socruithe teilifíse] >
[Socruithe ginearálta] > [Suíomh].
4. Roghnaigh [Baile] [Siopa], ansin brúigh
OK.
5. Atosaigh an teilifíseán.
Nuashonraigh na bogearraí
Seiceáil an leagan
1. Brúigh .
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe
bogearraí] > [Sonraí na mbogearraí reatha],
ansin brúigh OK.
Taispeántar leagan na mbogearraí reatha.
Rabhadh: Ná suiteáil leagan de na bogearraí
is ísle ná an leagan reatha atá suiteáilte ar do
tháirge. Ní féidir le TP Vision bheith freagrach
as fadhbanna a leanann íosghrádú bogearraí.
Nuashonraigh na bogearraí ar cheann de na
modhanna seo a leanas
Nuashonraigh le gléas stórála USB
Nuashonraigh ó chraoladh digiteach
Nuashonraigh ón Idirlíon
Nuashonraigh le USB
An méid a bheidh uait
Gléas stórála USB le 256 meigibheart de
spás stórála ar a laghad, atá formáidithe
de réir FAT nó DOS, agus a bhfuil an
chosaint ar scríobh díchumasaithe air.
Teacht ar ríomhaire a bhfuil nascóir USB
agus teacht ar an Idirlíon aige.
Clár cartlannaí comhaid a thacaíonn
formáid comhaid ZIP: mar shampla,
WinZip® le haghaidh Microsoft®
Windows®, nó StuffIt® le haghaidh
Macintosh®.
Nóta: Ná húsáid tiomántán crua USB.
Íoslódáil na bogearraí is déanaí
1. Ceangal an mhearóg USB de do ríomhaire.
2. Ar do ríomhaire, lainseáil brabhsálaí ar nós
Internet Explorer® nó Safari®, agus féach
www.philips.com/support.
3. Aimsigh do theilifíse agus na bogearraí agus
na tiománaithe atá ar fáil do do theilifíseán.
Gheofar an nuashonrú bogearraí i bhfoirm
chomhad comhbhrúite (*.zip).
4. Má airde an leagan bogearraí ná an leagan
ar do theilifíse, cliceáil an nasc chuig an
nuashonrú bogearraí.
5. Glac leis an gcomhaontú ceadúnais agus
íoslódáil an comhad ZIP chuig an mhearóg
USB.
Nóta: D'fhéadfadh brabhsálaithe Idirlín áirithe,
ar nós Mozilla® Firefox® or Google®
Chrome®, an comhad ZIP a íoslódáil díreach
ó do ríomhaire. Má tharlaíonn sin, cóipeáil an
comhad chuig do mhearóg USB.
6. I gcás Internet Explorer: Le cartlannaí
comhaid, asbhain autorun.upg fón gcomhad
ZIP íoslódáilte. Ná cuir an comhad asbhainte
isteach i bhfillteán, agus ná cóipeáil isteach i
gcomhad é.
6. I gcás Safari: Nuair a bheidh an íoslódáil
críochnaithe, asbhaintear autorun.upg ón
gcomhad ZIP go dtí do ríomhaire sa
ghnáthchúrsa. Cóipeáil an comhad chuig an
mhearóg USB. Ná cuir an comhad asbhainte
isteach i bhfillteán, agus ná cóipeáil isteach i
gcomhad é.
7. Tóg amach agus dícheangal an mhearóg
USB den ríomhaire.
Nuashonraigh na bogearraí teilifíse
Rabhadh:
Ná cuir an teilifís as agus ná bain an
mhearóg USB le linn nuashonrú na
mbogearraí.
Má tharlaíonn cliseadh cumhachta le linn
an uasghrádaithe, ná bain an mhearóg
USB den teilifís. Leanfaidh an teilifís den
uasghrádú a luaithe a thiocfaidh an
chumhacht ar ais.
Má tharlaíonn earráid le linn an
uasghrádaithe, déan iarracht an t-uasghrá
a thosú arís. Má tharlaíonn earráid, cuir glao
ar Philips Consumer Care.