operation manual

GA 13
Gaeilge
Uathmhúchadh
Is féidir fuinneamh a spáráil le socruithe
tíosach ar fhuinneamh an teilifíseáin seo,
socruithe atá cumasaithe de réir
réamhshocrú. Mura ndéanann úsáideoir
gníomh (ar nós cnaipe cianrialtáin nó rialú ar
an teilifíseán a bhrú) ar feadh ceithre huaire
an chloig, rachaidh an teilifíseán ar fuireachas
sa ghnáthchúrsa.
Chun múchadh uathoibríoch a dchumasú
1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh an
Cnaipe glas ar an gcianrialtán.
2. Roghnaigh [Uathmhúchadh], ansin brúigh
OK.
3. Roghnaigh [As], ansin brúigh OK.
Ceartaigh an airde
Méadaigh nó laghdaigh airde an teilifíseáin
Brúigh +/- ar an gcianrialtán.
Brúigh +/- ar an teilifíseán.
Cealaigh fuaim an teilifíseáin nó athchuir í
Brúigh ar an gcianrialtán chun an
airde a chealú.
Brúigh arís chun an fhuaim a
athchur.
Ceartaigh airde na gcluasán
1. Brúigh .
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe
teilifíse] > [Fuaim] > [Airde na gcluasán],
ansin brúigh OK.
3. Roghnaigh leibhéal.
Athraigh cainéil teilifíse
Brúigh CH+/- ar an gcianrialtán nó ar an
teilifíseán.
Brúigh na Cnaipí uimhriúla ar an
gcianrialtán chun uimhir cainéil a chur
isteach.
Bainistigh cainéil roghnaithe
Is féidir féachaint ar gach cainéal nó díreach ar
liosta de chainéil roghnaithe.
Cruthaigh liosta de do chainéil roghnaithe
1. Brúigh LIST.
Tá an liosta cainéal ar taispeáint.
2. Roghnaigh na cainéil le marcáil ina gceanáin,
ansin brúigh OPTIONS.
3. Select [Cuir ceanáin leis/bain ceanáin],
ansin brúigh OK.
Tá an cainéal roghnaithe marcáilte le réiltín.
Chun cainéal a bhaint de liosta na gceanán,
roghnaigh [Cuir ceanán leis/bain ceanán de],
agus ansin brúigh OK.
Taispeáin do liosta cainéal roghnaithe
1. Brúigh LIST, ansin brúigh
OPTIONS.
2. Roghnaigh [Liosta] > [Ceanáin] chun
cainéil i liosta na gceanán a thaispeáint.
3. Brúigh OK mar dheimhniú.