operation manual
GA 19
Gaeilge
• [DivX(R) VOD]: Taispeáin cód
clárúcháin agus an cód díchlárúcháin
DivX an teilifíseáin seo.
Nóta:
Chun féachaint ar eolas mar gheall ar fhíseán
(mar shampla, suíomh seinnte, fad, teideal, nó
dáta), roghnaigh an físeán, ansin brúigh
INFO.
Chun an t-eolas a cheilt, brúigh INFO
arís.
Éist le ceol
1. Roghnaigh sa bharra uachtarach.
2. Roghnaigh rian, ansin brúigh OK.
3. Roghnach: Chun gach rian i bhfillteán a
sheinm, roghnaigh rian, ansin roghnaigh
[Seinn gach ceann].
• Chun dul go dtí an chéad rian eile nó an
rian deireanach, brúigh CH+ nó CH-.
• Brúigh OK chun an rian a chur ar sos.
Brúigh OK arís chun an tseinm a atosú.
• Chun dul ar aghaidh nó siar 10 soicind,
brúigh nó .
• Chun cuardach ar aghaidh nó siar,
brúigh nó . Brúigh arís agus arís
eile chun scoránú idir luasanna difriúla.
• Chun an ceol a stopadh, Brúigh .
Roghanna ceoil
Agus ceol á sheinm agat, brúigh
OPTIONS, ansin brúigh OK chun rogha a
roghnú:
• [Athsheinn]: Roghnaigh [Athsheinn]
chun rian nó albam a sheinm arís agus
arís eile, nó roghnaigh [Seinn uair
amháin] chun rian a sheinm uair amháin.
• [Freastalaí meán]: Agus inneachar ó
fhreastalaí meán á sheinm agat, is féidir
freastalaí meán eile a roghnú.
• [Suaitheadh ann] / [Suaitheadh as]:
Cumasaigh nó díchumasaigh rianta a
sheinm go randamach.
Nóta:
Chun féachaint ar eolas mar gheall ar amhrán
(mar shampla, teideal, amhránaí nó fad),
roghnaigh an t-amhrán, ansin brúigh
INFO.
Chun an t-eolas a cheilt, brúigh INFO arís.
Féach ar ghrianghraif
1. Roghnaigh sa bharra uachtarach.
2. Roghnaigh mion-ghrianghraif, ansin brúigh
OK.
Tosaigh taispeántas sleamhnán
Má tá líon mór grianghraf i bhfillteán,
roghnaigh grianghraf, ansin roghnaigh
[Taispeántas sleamhnán].
• Chun dul go dtí an chéad ghrianghraf
eile nó an ghrianghraf deireanach, brúigh
CH+ nó CH-.
• Chun an taispeántas sleamhnán a
stopadh nó an grianghraf a dhúnadh,
brúigh LIST nó .
Roghanna taispeántas sleamhnán
Agus seó sleamhnán á sheinm agat, brúigh
OPTIONS, ansin brúigh OK chun rogha a
roghnú:
• [Suaitheadh as] / [Suaitheadh ann]:
Cumasaigh nó díchumasaigh pictiúir i
dtaispeántas sleamhnán a thaispeáint go
randamach.
• [Athsheinn]: Roghnaigh [Athsheinn]
chun féachaint ar sheó sleamhnán arís
agus arís eile nó [Seinn uair amháin]
chun féachaint air uair amháin.
• [Tráth an taispeántais sleamhnán]:
Roghnaigh am taispeána le haghaidh
gach grianghraif sa taispeántas
sleamhnán.
• [Athruithe sa taispeántas sleamhnán]:
Roghnaigh an t-athrú ó ghrianghraf
amháin go dtí an chéad cheann eile.
• [Freastalaí meán]: Agus inneachar ó
fhreastalaí meán á sheinm agat, is féidir
freastalaí meán eile a roghnú.
Seinn DivX® VOD (Video On
Demand)
Teilifíseán DivX Certified(R) is ea é seo agus
seinntear físeáin ardchaighdeán DivX
Video-On-Demand air.
Chun físeáin DivX VOD a sheinm ó stór
físeán nó ó do ríomhaire, ní mór, ar an gcéad
dul síos, DivX VOD a ghníomhachtú ar an
teilifíseán. Ní ghearrtar táille as DivX VOD a
ghníomhachtú ar do theilifíseán.