operation manual

GA 23
Gaeilge
An méid a bheidh uait
Seo na rudaí a bheidh uait chun sult a bhaint
as an tseirbhís seo:
Cainéil dhigiteacha a bhfuil seirbhísí
idirghníomhacha acu
Líonra baile sreangtha nó gan sreang,
agus é ceangailte trí ródaire uilíoch Plug
and Play (uPnP).
Chun ceangal de líonra, féach Ceangail do
theilifísean > Ceangail de líonra agus den
Idirlíon (Lch 57).
Tar ar theilifís idirghníomhach
Is féidir cainéil a thairgeann seirbhísí
idirghníomhacha a aithint ó theachtaireacht a
thugann cuireadh duit an Cnaipe dearg
OK a bhrú chun clár idirghníomhach a fháil.
1. Athraigh go cainéal digiteach a bhfuil
seirbhísí idirghníomhacha aige.
Bíonn siombail caochta le feiceáil fad a
bhíonn an feidhmchlár á lódáil. Bíonn íocón le
feiceáil nuair a bhíonn an feidhmchlár lódáilte.
2. Brúigh an Cnaipe dearg OK chun an
feidhmchlár idirghníomhach a lainseáil.
3. Lean na treoracha ar an scáileán agus úsáid
do chianrialtán chun treoleanúint a
dhéanamh idir na leathanaigh
idirghníomhacha.