operation manual

GA 8
Bainistíocht cumhachta: Cabhraíonn
ardbhainistíocht cumhachta chun an
fuinneamh a ídíonn an teilifíseán seo a
laghdú. Chun féachaint ar an tionchar
atá ag do shocruithe pearsantaithe
teilifíse ar ídiú cumhachta coibhneasta
an teilifíseáin, brúigh , ansin roghnaigh
[Cumraíocht] > [Féach ar fhíseáin
taispeána] > [Físeán taispeána Active
Control].
Athchúrsáil
Rinneadh do tháirge a dhearadh agus a
mhonarú le hábhair agus comhpháirteanna ar
ardchaighdeán, ar féidir iad a athchúrsáil agus
a athúsáid.
Nuair a bhíonn an tsiombail seo de araid ar
rothaí agus líne tríd le feiceáil ar tháirge,
ciallaíonn sé go bhfuil an táirge sin clúdaithe
ag an Treoir Eorpach 2002/96/CE. Iarrtar ort
fáil amach faoin gcóras bailiúcháin leithscartha
áitiúil le haghaidh táirgí leictreacha agus
leictreonacha.
Gníomhaigh de réir na rialacha áitiúla agus ná
caith amach do sheantáirgí le do
ghnáthdhramhaíl teaghlaigh. Ach do
sheantáirge a dhiúscairt ar an tslí mholta
cabhraíonn sé chun iarmhairtí diúltacha
féideartha ar an timpeallacht agus ar shláinte
an duine a sheachaint.
Tá cadhnraí atá clúdaithe ag Treoir Eorpach
2006/66/CE i do tháirge, agus ní féidir iad a
dhiúscairt le do ghnáthdhramhaíl teaghlaigh.
Iarrtar ort fáil amach faoi na rialacha áitiúla i
dtaobh bailiú leithscartha cadhnraí toisc go
gcabhraíonn sé le hiarmhairtí diúltacha
féideartha ar an timpeallacht agus ar shláinte
an duine a sheachaint ach iad a dhiúscairt ar
an tslí cheart.
Lipéad fuinnimh
Insíonn an Lipéad Eorpach Fuinnimh duit cad
é aicme tíosachta ar fhuinneamh an táirge. Dá
ghlaise an aicme tíosachta ar fhuinneamh, is lú
an méid fuinnimh a ídíonn sé.
Ar an lipéad feicfidh tú an aicme tíosach ar
fhuinneamh, meánídiú cumhacht an táirge in
úsáid agus an meánídiú fuinnimh i gcaitheamh
bliana. Gheobhaidh tú luachanna ídithe
cumhachta an táirge ar shuíomh Gréasáin
Philips do thíre ag www.philips.com/TV.
Cabhair agus tacaíocht
Cabhair don Úsáideoir
Chun teacht a fháil ar an roghchlár [Cabhair]
ar scáileán, brúigh an Cnaipe gorm.
Chun dul amach as an roghchlár [Cabhair]
brúigh .
Tabhair cuairt ar shuíomh Gréasáin
Philips
Murar féidir leat a bhfuil uait a fháil sa
[Cabhair]ar scáileán, tabhair cuairt ar
shuíomh Gréasáin Philips ag
www.philips.com/support.