User manual

GA 27
Gaeilge
1. Brúigh .
2. Roghnaigh [Treoir theilifíse].
3. Roghnaigh cainéal agus clár, ansin brúigh
OK.
Taispeántar sonraí an chláir.
Nóta: Má sceidealann tú taifeadtaí a
dhéanamh fad a bheidh tú as baile, bí cinnte
an teilifíseán a fhágáil ar fuireachas agus an
tiomántán crua USB a bheith air.
Déan taifeadadh cláir theilifíse a sceidealadh
Is féidir taifeadadh de chlár nár craoladh fós a
sceidealadh ach an clár a bheith le craoladh
laistigh d'ocht lá ó inniu. Is féidir taifeadadh
amaithe a sceidealadh leis, gan an taifeadadh
a bheith nasctha le clár ar bith, mura bhfuil na
sonraí cláir ar fáil.
1. Brúigh , ansin roghnaigh [Treoir
theilifíse].
2. Roghnaigh an cainéal agus an clár atá le
taifeadadh.
3. Roghnach: Chun clár a chraolfar lá eile a
thaifeadadh: Brúigh OPTIONS, roghnaigh
[Athraigh an lá], ansin roghnaigh lá eile.
4. Roghnaigh [Taifead].
Taispeántar fuinneog aníos.
5. Roghnaigh na sonraí taifeadta agus athraigh
iad leis na Cnaipí uimhriúla agus na Cnaipí
nascleanúna.
6. Roghnaigh [Deimhnigh], ansin brúigh OK.
Athraigh taifeadadh sceidealta
1. Brúigh .
2. Roghnaigh [Taifeadtaí], ansin brúigh OK.
Taispeántar liosta de thaifeadtaí sceidealta.
3. Roghnaigh an taifeadadh, ansin roghnaigh
[Ceartaigh an t-am].
4. Athraigh am an taifeadta más gá, ansin
roghnaigh [Deimhnigh].
Cealaigh taifeadadh sceidealta
1. Brúigh .
2. Roghnaigh [Taifeadtaí], ansin brúigh OK.
Taispeántar liosta taifeadtaí.
3. Roghnaigh an taifeadadh, ansin roghnaigh
[Bain].
Cealaítear an taifeadadh sceidealta.
Féach ar thaifeadtaí
1. Brúigh .
2. Roghnaigh [Taifeadtaí], ansin brúigh OK.
Taispeántar liosta taifeadtaí.
3. Roghnaigh taifeadadh ón liosta, ansin
brúigh OK
Tosaíonn an taifeadadh ag seinm.
Sórtáil taifeadtaí
1. Brúigh .
2. Roghnaigh [Taifeadtaí], ansin brúigh OK.
Taispeántar liosta taifeadtaí.
3. Brúigh OPTIONS.
4. Roghnaigh rogha chun sórtáil de réir ainm,
dáta, dáta éaga nó cineáil, ansin brúigh OK.
Nóta:
Má chuireann craoltóir teorainn le líon
na laethanta ar féidir taifeadadh a
fheiceáil tar éis chraoladh an chláir,
taispeánann an liosta taifeadtaí líon na
laethanta sula n-éagann an taifeadadh.
Má tá taifeadadh éagtha, nó má
chuireann craoltóir srian le hathsheinm,
ní féidir an taifeadadh a sheinm.
Má choisceann craoltóir taifeadadh
sceidealta a sheinm, nó mura dtarlaíonn
an taifeadadh de réir an sceidil,
marcáiltear é [Teipthe] sa liosta
taifeadtaí.
Scrios taifeadt
Taispeánann an leathanach [Taifeadtaí] liosta
de na taifeadtaí ar fad agus an méid spáis atá
fágtha ar an tiomántán crua USB. Is féidir
taifeadtaí a scrios chun spás a sholáthar ar an
diosca.
1. Brúigh .
2. Roghnaigh [Treoir theilifíse] >
[Taifeadtaí], ansin brúigh OK.
Taispeántar liosta taifeadtaí.
3. Roghnaigh an taifeadadh, ansin roghnaigh
[Bain].