User manual

GA 4
Riosca gortaithe do leanaí!
Déan na réamhchúraimí seo ionas nach
dtitfidh an teilifíseán, rud a d'fhéadfadh gortú
a dhéanamh do leanbh:
Ná cuir an teilifíseán riamh ar dhromchla
ar a bhfuil éadach nó ábhar eile a
d'fhéadfaí a tharraingt.
Bí cinnte nach mbíonn aon chuid den
teilifíseán ag gobadh amach ón dromchla.
Ná cuir teilifíseán riamh ar mhír ard
troscáin, ar nós leabhragáin, gan an mhír
troscáin agus an teilifís araon a dhaingniú
den bhall nó de thaca oiriúnach.
Cuir leanaí ar an eolas mar gheall ar a
dhainséaraí atá sé dreapadh suas ar
throscán chun an teilifíseán a shroichint.
Riosca cadhnraí a shlogadh siar!
D'fhéadfadh cadhnra atá cosúil le bonn
airgid a bheith sa táirge/sa chianrialtán,
rud a d'fhéadfaí a shlogadh siar. Ná lig do
leanaí lámh a chur ar an gcadhnra riamh!
Riosca róthéimh!
Ná suiteáil an teilifíseán i spás cúng
riamh. Bí cinnte i gcónaí go mbíonn 4
orlach nó 10 cm timpeall ar an teilifíseán
le haghaidh aerú. Bí cinnte nach mbíonn
slotaí aeraithe an teilifíseáin clúdaithe
riamh ag cuirtíní ná ag aon rud eile.
Riosca gortaithe, dóiteáin nó damáiste den
chorda cumhachta!
Ná cuir an teilifíseán ná aon rud eile
anuas ar an gcorda cumhachta.
Dícheangal an teilifíseán den asraon
cumhachta agus den aeróg roimh stoirm
thintrí. Ná cuir lámh ar aon chuid den
teilifíseán, den chorda cumhachta ná den
chábla aeróige riamh le linn stoirme tintrí.
Riosca de dhamáiste don éisteacht!
Cluasáin as a bhfuil fuaim ard ag teacht,
ná caith iad ar feadh tréimhsí fada ama.
Teochta ísle
Má iompraítear an teilifíseán i dteochtaí
is ísle ná 5°C or 41°F, díphacáil an
teilifíseán agus fan go mbíonn teocht an
teilifíseáin ar theocht an tseomra sula
gceanglaítear an teilifíseán den asraon
cumhachta.
Cúram
Scáileán
Riosca damáiste do scáileán an
teilifíseáin! Ná buail, brúigh ná cuimil an
scáileán le rud ar bith.
Díphlugáil an teilifíseán sula nglanann
tú é.
Glan an teilifíseán agus an fráma le
héadach bog tais agus cuimil go séimh é.
Ná húsáid alcól, ceimiceán ná glantóir
teaghlaigh riamh ar an teilifíseán.
Cuimil braonta uisce de a luaithe is féidir,
chun dífhoirmiú agus tréigean datha a
sheachaint.
Seachain íomhánna seasmhacha a
mhéad is féidir. Íomhánna is ea
íomhánna seasmhacha a fhanann ar an
scáileán ar feadh tamaill fhada. Áirítear
orthu roghchláir scáileáin, barraí dubha,
taispeáintí ama, srl. Más gá íomhá
seasmhach a úsáid, laghdaigh
codarsnacht agus gile an scáileáin chun
damáiste don scáileán a sheachaint.
Leideanna suímh
Suigh an teilifíseán in áit nach lonraíonn
an ghrian díreach ar an scáileán.
Is fad amhairc a mholtar i gcás an
teilifíseáin seo trí oiread thrasnán an
scáileáin. Mar shampla, más é 81cm/32"
trasnán an scáileáin, ba cheart don
amharcóir bheith ~2.5m / ~92" amach
ón scáileán.
Ba cheart do shúile a bheith leibhéal le
lár an scáileáin, agus tú i do shuí.
Suíomh an teilifíseáin
Is féidir na socruithe fuaime is fearr a roghnú
don teilifíseán trí shuíomh an teilifíseáin a
roghnú (feistithe de bhalla nó de sheastán).
1. Brúigh .
2. Roghnaigh [Cumraíocht], ansin brúigh OK.
3. Roghnaigh [Socruithe teilifíse] > [Socruithe
ginearálta] > [Suíomh an teilifíseáin].
4. Roghnaigh [Ar sheastán teilifíseáin] or
[Daingnithe de bhalla], ansin brúigh OK.