User manual

GA 7
Gaeilge
MAR GHEALL AR DIVX VIDEO: Formáid
dhigiteach físeáin a chruthaigh DivX,
fochuideachta de Rovi Corporation, is ea
DivX
®
. Gléas oifigiúil Deimhnithe DivX
a
sheinneann físeáin DivX is ea é seo. Gheofar
tuilleadh eolais ag divx.com agus uirlisí
bogearraí chun do chomhaid a thiontú go
físeáin DivX.
MAR GHEALL AR DIVX
VIDEO-ON-DEMAND: Ní mór an gléas
Deimhnithe DivX
®
seo a bheith cláraithe
chun scannáin DivX Video-on-Demand
cheannaithe a sheinm. Aimsigh an roinn DivX
VOD ar do roghchlár cumraíochta gléis chun
do chód clárúcháin a fháil. Gheofar tuilleadh
eolais ar conas do chlárú a dhéanamh ar
vod.divx.com.
Trádmharc de chuid Skype Limited nó a
chuideachtaí gaolmhara is ea Skype.
Táirgí Deiridh PlayReady
Baineann úinéirí inneachair úsáid as
teicneolaíocht rochtana inneachair Microsoft
PlayReady
chun a gcuid maoine intleachtúla,
lena n-áirítear inneachar faoi chóipcheart, a
chosaint. Baineann an gléas seo úsáid as
teicneolaíocht PlayReady chun teacht a fháil
ar inneachar faoi chosaint PlayReady agus/nó
inneachar faoi chosaint WMDRM.
theipeann ar an ngléas sriantaí ar úsáid
inneachair a fhorfheidhmiú i gceart,
d'fhéadfadh sé go mbeadh ar úinéirí
inneachair iarraidh ar Microsoft chun
aisghairm a dhéanamh ar chumas an ghléis
chun inneachar faoi chosaint PlayReady a
úsáid. Níor cheart go mbeadh aon tionchar ar
an aisghairm ar inneachar nach bhfuil faoi
chosaint nó ar inneachar atá faoi chosaint ag
teicneolaíochtaí eile rochtana inneachair.
D'fhéadfadh úinéirí inneachair iarraidh ort
PlayReady a uasghrádú chun teacht a fháil ar
a n-inneachar. Má dhiúltaíonn tú uasghrádú,
ní bheidh tú in ann teacht a fháil ar inneachar
a dteastaíonn uasghrádú chuige.
Maoin de chuid a n-úinéirí faoi seach is ea
gach trádmharc eile cláraithe agus
neamhchláraithe.
Inbhuanaitheacht
Tíosacht ar fhuinneamh
Dearadh an teilifíseán seo le gnéithe tíosacha
ar fhuinneamh. Brúigh an Cnaipe glas ar an
gcianrialtán, chun teacht ar na gnéithe sin.
Socruithe pictiúir tíosacha ar
fhuinneamh: Is féidir meascán de
shocruithe pictiúir tíosach ar fhuinneamh
a úsáid. Agus tú ag féachaint ar teilifís,
brúigh an Cnaipe glas agus roghnaigh
[Tíosach ar fhuinneamh]. Ansin
roghnaigh an socrú pictiúir [Tíosach ar
fhuinneamh].
Scáileán as: Mura dteastaíonn uait ach
éisteacht le fuaim ón teilifís, is féidir an
taispeáint teilifíse a athrú. Oibreoidh na
feidhmeanna eile mar is gnáth. Agus tú
ag féachaint ar teilifís, brúigh an Cnaipe
glas agus roghnaigh [Scáileán as].
Cumhacht íseal fuireachais: Laghdaíonn
an ardchiorcadra cumhachta ídiú
cumhachta an teilifíseáin go leibhéal
fíor-íseal, gan an fheidhmiúlacht
leanúnach fuireachais a chailliúint.
Uathmhúch: Chun fuinneamh a
chaomhnú, socraigh an teilifíseán chun
múchadh sa ghnáthchúrsa ag deireadh
tréimhse díomhaointis. Agus tú ag
féachaint ar teilifís, brúigh an Cnaipe glas
agus roghnaigh [Uathmhúch]. Ansin
roghnaigh an tréimhse a múchfaidh an
teilifíseán ina diaidh.
Múch gléasanna díomhaoine: Múch
gléasanna géilliúla EasyLink HDMI-CEC
(Rialú Leictreonach Tomhaltóirí) atá
díomhaoin. Agus tú ag féachaint ar
teilifís, brúigh an Cnaipe glas agus
roghnaigh [Múch gléasanna
díomhaoine].