operation manual
* Is don tsraith xxPxTxxx2/05 amháin an port líonra
** Is don tsraith xxPxSxxx2 amháin an port satailíte
Socruithe idéalacha
(Baile) > Socruithe > Pictiúr >
Ardsocruithe > Ríomhaire
Athraigh an socrú go Air don socrú pictiúir is fearr
nuair atá do theilifís in úsáid mar mhonatóir
ríomhaireachta agat.
* Níl fáil air ach amháin d’fhoinsí HDMI agus VGA.
5.11
CAM le Cárta Cliste - CI+
Maidir le CI+
Tá an teilifís seo réidh do Rochtain Choinníollach CI+.
Is féidir leat féachaint ar scothchláir HD, cosúil le
scannáin agus cláir spóirt atá curtha ar fáil ag
oibritheoirí teilifíse digití i do réigiún le CI+. Scrobhann
oibritheoirí teilifíse na cláir seo agus díscrobhann
modúl CI+ réamhíoctha iad.
Cuireann oibritheoirí teilifíse digití modúl CI+ (Modúl
Rochtana Coinníollaí - CAM) ar fáil, agus cárta cliste a
ghabhann leis, nuair a dhéanann tú suibscríbhinn dá
scothchláir. Bíonn ardleibhéal cosanta ar chóipeáil ag
an cláir seo.
Déan teagmháil le oibritheoir teilifíse digití le
haghaidh tuilleadh eolais maidir le téarmaí agus
coinníollacha.
Cárta cliste (don tsraith 4022, 4032,
4132, 4232)
Cuireann oibritheoirí teilifíse digití modúl CI+ (Modúl
Rochtana Coinníollaí - CAM) ar fáil, agus cárta cliste a
ghabhann leis, nuair a dhéanann tú suibscríbhinn dá
scothchláir.
Cuir an cárta cliste isteach sa mhodúl CAM. Féach ar
an treoir a fuair tú ón oibritheoir.
Chun an CAM a chur isteach sa teilifís…
1. Beidh an modh ceart chun an CAM a chur isteach le
feiceáil ar an gCAM. Má chuireann tú isteach mícheart
é, d'fhéadfá damáiste a dhéanamh don CAM agus
don teilifís.
2. Agus tú ag féachaint ar chúl na teilifíse, agus
aghaidh an CAM i do threo, cuir an CAM isteach go
réidh sa sliotán COMMON INTERFACE.
3. Brúigh an CAM isteach chomh fada is a rachaidh sé.
Fág sa sliotán go buan é.
Nuair chasann tú air an teilifís, d'fhéadfadh roinnt
nóiméad a bheith i gceist sula ngníomhachtófar an
CAM. Má chuirtear CAM isteach agus má íoctar na
táillí suibscríbhinne (bíonn modhnna suibscríbhinne
éagsúla ann), is féidir leat féachaint ar na cainéil
scrofa a dtacaíonn an cárta cliste CAM leo.
Is do do theilifís amháin an CAM agus an cárta cliste.
Má bhaineann tú an CAM amach, ní bheidh tú in ann
féachaint ar na cainéil scrofa a dtacaíonn CAM leo.
22