operation manual

Cárta Cliste (sraith 4112)
Cuireann oibritheoirí teilifíse digití modúl CI+ (Modúl
Rochtana Coinníollaí - CAM) ar fáil, agus cárta cliste a
ghabhann leis, nuair a dhéanann tú suibscríbhinn dá
scothchláir.
Cuir an cárta cliste isteach sa mhodúl CAM. Féach ar
an treoir a fuair tú ón oibritheoir.
Chun an CAM a chur isteach sa teilifís…
1. Beidh an modh ceart chun an CAM a chur isteach le
feiceáil ar an gCAM. Má chuireann tú isteach mícheart
é, d'fhéadfá damáiste a dhéanamh don CAM agus
don teilifís.
2. Agus tú ag féachaint ar chúl na teilifíse, agus
aghaidh an CAM i do threo, cuir an CAM isteach go
réidh sa sliotán COMMON INTERFACE.
3. Brúigh an CAM isteach chomh fada is a rachaidh sé.
Fág sa sliotán go buan é.
Nuair chasann tú air an teilifís, d'fhéadfadh roinnt
nóiméad a bheith i gceist sula ngníomhachtófar an
CAM. Má chuirtear CAM isteach agus má íoctar na
táillí suibscríbhinne (bíonn modhnna suibscríbhinne
éagsúla ann), is féidir leat féachaint ar na cainéil
scrofa a dtacaíonn an cárta cliste CAM leo.
Is do do theilifís amháin an CAM agus an cárta cliste.
Má bhaineann tú an CAM amach, ní bheidh tú in ann
féachaint ar na cainéil scrofa a dtacaíonn CAM leo.
Do 43"
Do 32"/39"
Féach ar Chainéal ar Chárta Cliste
Is féidir leat féachaint ar chainéil atá suiteáilte ó
chártaí CI/CAM.
1. Agus tú ag féachaint ar chainéal teilifíse, brúigh
LIST chun an liosta cainéal a oscailt.
2. Roghnaigh: CI+ Liosta cainéal .
Socraigh Pasfhocail agus cóid PIN
Ní mór duit cód PIN a chur isteach i gcás roinnt
CAManna chun féachaint ar a chainéil. Nuair a
shocraíonn tú an cód PIN don CAM, molaimid duit an
cód céanna a úsáid is atá in úsáid agat chun an teilifís
a dhíghlasáil.
Chun an cód PIN a shocrú don CAM…
(Baile) > Socruithe > Glas leanaí > PIN CAM
5.12
Gléas USB (don tsraith 4022,
4032, 4132, 4232)
Méaróg Chuimhne USB
Is féidir leat féachaint ar ghrianghraif nó do cheol
agus físeáin a sheinnt ó mhéaróg USB nasctha. Cuir
isteach méaróg chuimhne USB sa nasc USB ar an
teilifís nuair atá an teilifís casta air.
Aimsíonn an teilifís an méaróg USB agus osclaíonn sé
liosta a thaispeánann a bhfuil air.
Mura bhfuil liosta na n-ábhar le feiceáil go
huathoibríoch, brúigh SOURCES agus
cliceáil USB.
Diosca Crua USB
Má nascann tú Diosca Crua USB, is féidir leat craoltaí
teilifíse digití a chur ar sos nó a thaifeadadh (craoltaí
DVB nó a leithéid).
Íos-Spás Diosca
- Chun craoladh a chur ar sos, teastaíonn Diosca Crua
23