operation manual
Sular féidir leat craoladh a chur ar sos agus a
thaifeadadh, ní mór duit Diosca Crua USB a nascadh
agus a fhormáidiú. Bainfidh an formáidiú as gach
comhad ón Diosca Crua USB.
Chun craoladh a chur ar sos
Chun craoladh a chur ar sos, teastaíonn Diosca Crua
uait atá comhoiriúnach le USB agus a bhfuil ar a
laghad 4GB de spás air.
Chun craoladh a thaifeadadh
Chun craoladh a chur ar sos agus a thaifeadadh,
teastaíonn diosca a bhfuil ar a laghad 32GB de spás
saor air.
1. Nasc an Diosca Crua USB le ceann de na naisc USB
ar an teilifís. Ná nasc gléas USB eile leis na poirt USB
eile nuair atá tú i mbun formáidithe.
2. Cas air an Diosca Crua USB agus an teilifís.
3. Nuair atá an teilifís tiúnáilte le cainéal teilifíse digití,
brúigh (Cuir ar Sos). Má dhéanann tú iarracht é a
chur ar sos, tosóidh an formáidiú.
Lean na treoracha ar an scáileán.
Nuair a bheidh an Diosca Crua USB formáidithe, fág
nasctha go buan é.
Do 43"
Do 32"/39"
Rabhadh:
Tá an Diosca Crua USB formáidithe go heisiach don
teilifís seo agus ní féidir leat na taifeadtaí stóráilte a
úsáid ar theilifís ná ar ríomhaire eile. Ná cóipeáil agus
ná hathraigh comhaid taifeadtaí ar an Diosca Crua
USB le haon fheidhmchlár ríomhaireachta.
Truailleoidh sé sin do thaifeadtaí. Nuair a
fhormáidíonn tú Diosca Crua USB eile, caillfear an
méid a bhí ar an gceann roimhe sin. Beidh
athfhormáidiú ag teastáil ó Dhiosca Crua USB atá
suiteáilte ar do theilifís le haghaidh a úsáide le
ríomhaire.
5.14
Líonra do Freeview (don
tsraith teilifíse xxPxT4xx2/05)
Líonra
Maidir le Líonra
Is do ghnéithe sruthaithe Freeview HD amháin an port
agus an fheidhm líonra.
Nasc le Líonra (don tsraith 4022, 4032, 4132, 4232)
Teastaíonn ródaire líonra uait atá nasctha leis an an
Idirlíon chun an teilifís a nascadh leis an Idirlíon.
Úsáid nasc ardluais (leathanbhanda) leis an Idirlíon.
Déan an nasc
Chun nasc sreangaithe a dhéanamh…
1. Nasc an ródaire leis an teilifís le cábla líonra (cábla
Ethernet**).
2. Bí cinnte go bhfuil an ródaire casta air.
3. Brúigh (Baile) ,
roghnaigh Socruithe > Líonra agus
brúigh (deas) chun an roghchlár a oscailt.
4. Roghnaigh Nasc le líonra agus brúigh OK.
5. Roghnaigh Sreangaithe agus
brúigh OK. Déanann an teilifís cuardach leanúnach
don nasc líonra.
6. Taispeánfar teachtaireacht nuair a dhéanfar an
25










