operation manual
1
Faigh Tacaíocht
1.1
Aithin agus Cláraigh do
theilifís
Aithin do theilifís - múnla agus sraithuimhir an táirge
teilifíse
D'fhéadfadh sé go n-iarrfaí ort uimhir mhúnla an
táirge teilifíse agus an tsraithuimhir a thabhairt.
Aimsigh na huimhreacha seo ar an lipéad pacáistithe
nó ar an lipéad cineáil ar chúl nó ar bhun na teilifíse.
Cláraigh do theilifís
Cláraigh do theilifís agus bain leas as raon tairbhí lena
n-áirítear tacaíocht iomlán (íoslódálacha san
áireamh), rochtain phribhléideach a fháil ar fhaisnéis
maidir le táirgí nua, tairiscintí agus lascainí eisiacha
agus an deis duaiseanna a bhuachan agus fiú páirt a
ghlacadh i suirbhéanna speisialta faoi eisiúintí nua.
Tabhair cuairt ar www.philips.com/welcome
1.2
Cabhair teilifíse agus Treoir
Úsáideora
Brúigh Socruithe > Cabhair
Is féidir leat na bogearraí a nuashonrú go héasca sa
roghchlár Cabhair, mar aon leis an teilifís a athshocrú
go dtí na réamhshocruithe, agus an treoir úsáideora a
léamh.
- Nuashonraigh bogearraí: Seiceáil na nuashonruithe
bogearraí atá ar fáil.
- Treoir úsáideora: Léigh an treoir úsáideorafor le
haghaidh faisnéise faoin teilifís.
- Fabhtcheartú: Aimsigh réiteach do cheisteanna a
chuirtear go minic.
- Réamhshocruithe: Athshocraigh gach socrú go dtí
na réamhshocruithe.
- Athshuiteáil teilifís: Athshuiteáil agus déan an
tsuiteáil teilifíse arís.
- Eolas teagmhála: Taispeáin an uimhir theileafóin
nó suíomh gréasáin do do thír nó do réigiún.
1.3
Cabhair Ar Líne agus Treoir
Úsáideora
Is féidir leat dul i gcomhairle lenár dtacaíocht ar líne
chun aon fhadhb a bhaineann le teilifís Philips a
réiteach. Is féidir leat do theanga a roghnú agus
uimhir do mhúnla táirge a chur isteach.
Tabhair cuairt arwww.philips.com/support.
Is féidir leat an uimhir teileafóin chun dul i dteagmháil
linn i do thír féin a aimsiú ar an suíomh tacaíochta,
chomh maith le freagraí do cheisteanna coitianta
(CCanna). I roinnt tíortha is féidir leat labhairt le duine
dár gcomhghleacaithe agus do cheist a chur go
díreach nó trí ríomhphost.
Is féidir leat bogearraí nua teilifíse a íoslódáil nó an
treoirleabhar chun é a léamh ar do ríomhaire.
Chun níos mó eolais faoi fhabhtcheartú teilifíse agus
ceisteanna a chuirtear go minic a fháil (CCanna)...
Téigh go
dtí http://philips-tvconsumercare.kxondemand.com/
portal/en/ModelSelect
Cabhair teilifíse ar do tháibléad, d'fhón cliste nó do
ríomhaire
Chun go n-éascófaí seichimh fada treoracha, is féidir
leat Cabhar teilifís a íoslódáil i bhformáid PDF le
haghaidh a léite ar d'fhón cliste, taibléad nó
ríomhaire. Mar rogha air sin, is féidir leat an
leathanach ábhartha ó Chabhair ó do ríomhaire.
Chun Cabhair (lámhleabhar úsáideora) a íoslódáil,
tabhair cuairt ar www.philips.com/support
1.4
Cúram Custaiméirí /
Athdheisiú
Is féidir leat glaoch ar an mbeolíne Chúram
Custaiméirí i do thír chun tacaíocht nó athdheisiú a
fháil. Déanfaidh ár n-innealltóirí seirbhíse athdheisiú,
más gá.
Aimsigh an uimhir theileafóin sa cháipéisíocht
phriontáilte a tháinig leis an teilifís.
Nó tabhair cuairt ar ár láithreán
gréasáin www.philips.com/support agus roghnaigh
do thír más gá.
Uimhir mhúnla agus sriathuimhir na teilifíse
D'fhéadfadh sé go n-iarrfaí ort uimhir mhúnla an
táirge teilifíse agus an tsraithuimhir a thabhairt.
Aimsigh na huimhreacha seo ar an lipéad pacáistithe
nó ar an lipéad cineáil ar chúl nó ar bhun na teilifíse.
3