operation manual

tsuiteáil a thosú agus roghnaigh teanga agus tír. Is
féidir leat dul thar an gcuardach cainéal. Críochnaigh
an tsuiteáil.
2. Plugáil isteach an mhéaróg chuimhne USB a bhfuil
liosta cainéal na teilifíse eile air.
3. Chun tús a chur leis an uaslódáil liosta cainéal,
brúigh (Baile) > Socruithe > Socruithe
ginearálta > Cóipeáil liosta cainéal > Cóipeáil
chuig an teilifís agus brúigh OK. Cuir isteach do
chód PIN más gá.
4. Cuirfidh an teilfís ar an eolas tú má chóipeáiltear an
liosta cainéal go dtí an teilifís go rathúil. Bain amach
an mhéaróg chuimhne USB.
Teilifíseanna Suiteáilte
Ag brath ar do theilifís a bheith suiteáilte cheana féin
nó gan a bheith suiteáilte, ní mór duit bealach éagsúil
a úsáid chun liosta cainéal a uaslódáil.
Go dtí teilifís atá suiteáilte cheana féin
1. Fíoraigh socrú tíre na teilifíse. (Chun an socrú seo a
fhíorú, féach ar an gcaibidil Athshuiteáil cainéil.
Tosaigh an nós imeachta seo go dtí go mbainfidh tú
an socrú tíre amach. Brúigh BACK chun an
tsuiteáil a chealú.)
Má tá an tír ceart, téigh ar aghaidh go dtí céim 2.
Mura bhfuil an tír ceart, ní mór duit athshuiteáil a
thosú. Féach ar an gcaibidil Athshuiteáil cainéilagus
tosaigh an tsuiteáil. Roghnaigh an tír cheart agus
gabh thar an gcuardach cainéil. Críochnaigh an
tsuiteáil. Nuair atá sé sin déanta agat, lean ar aghaidh
le céim 2.
2. Plugáil isteach an mhéaróg chuimhne USB a bhfuil
liosta cainéal na teilifíse eile air.
3. Chun tús a chur leis an uaslódáil liosta cainéal,
brúigh (Baile) > Socruithe > Socruithe
ginearálta > Cóipeáil Liosta Cainéal > Cóipeáil
chuig an teilifís agus brúigh OK. Cuir isteach do chód
PIN más gá.
4. Cuirfidh an teilfís ar an eolas tú má chóipeáiltear an
liosta cainéal go dtí an teilifís go rathúil. Bain amach
an mhéaróg chuimhne USB.
Roghanna Cainéal
Roghanna Oscailte
Agus tú ag féachaint ar chainéal, is féidir leat roinnt
roghanna a shocrú.
Ag brath ar an gcineál cainéil a bhfuil tú ag féachaint
air (analógach nó digiteach) nó ag brath ar na
socruithe teilifíse atá déanta agat, tá roinnt roghanna
ar fáil.
Chun roghchlár na roghanna a oscailt…
1. Agus tú ag féachaint ar chainéal, brúigh
OPTIONS .
2. Brúigh OPTIONS arís chun é a dhúnadh..
Fotheidil
Chun Fotheidil a chasadh air, brúigh SUBTITLE.
Is féidir leat fotheidil a athrú go Fotheideal
air Fotheideal as. Mar rogha air sin, is féidir leat
Uathoibríoch a roghnú.
Uathoibríoch
Más faisnéis teanga cuid den chraoladh digiteach
agus mura bhfuil an clár atá á chraoladh i do theanga
(an teanga a socraíodh ar an teilifís), is féidir leis an
teilifís fotheidil a thaispeáint go huathoibríoch i
gceann amháin de na teangacha fotheideal atá
roghnaithe agat. Ní mór do cheann amháin de na
teangacha fotheideal sin a bheith ina cuid den
chraoladh.
Is féidir leat na teangacha fotheideal is fearr leat a
roghnú in Teanga Fotheideal.
Teanga Fotheideal
Mura bhfuil aon cheann de na teangacha fotheideal
is fearr leat ar fáil, is féidir leat teanga fotheideal eile
atá ar fáil a roghnú. Mura bhfuil aon teanga fotheideal
ar fáil, ní féidir leat an rogha seo a roghnú.
Teanga Fuaime
Mura bhfuil aon cheann de na teangacha fuaime is
fearr leat ar fáil, is féidir leat teanga fuaime eile atá ar
fáil a roghnú. Mura bhfuil aon teanga fuaime ar fáil, ní
féidir leat an rogha seo a roghnú.
Dual I-II
Má tá dhá theanga fuaime ag comhartha fuaime ach
gan aon tásc teanga ag teanga amháin nó ag an dá
theanga, beidh an rogha seo ar fáil.
Comhéadan Coiteann
Má tá scothábhar réamhíoctha ar fáil ó CAM, is féidir
leat socraithe an tsoláthróra a shocrú leis an rogha
seo.
33