operation manual
9
Taifeadadh agus
Cuir Teilifís ar Sos
9.1
A bhfuil de dhíth ort
Má nascann tú Diosca Crua USB, is féidir leat craoltaí
teilifíse digití a chur ar sos nó a thaifeadadh (craoltaí
DVB nó a leithéid).
Íos-Spás Diosca
- Chun craoladh a chur ar sos, teastaíonn Diosca Crua
uait atá comhoiriúnach le USB agus a bhfuil ar a
laghad 4GB de spás air.
- Chun craoladh a chur ar sos agus a thaifeadadh,
teastaíonn diosca a bhfuil ar a laghad 32GB de spás
saor air.
Sular féidir leat craoladh a chur ar sos agus a
thaifeadadh, ní mór duit Diosca Crua USB a nascadh
agus a fhormáidiú. Bainfidh an formáidiú as gach
comhad ón Diosca Crua USB.
Chun craoladh a chur ar sos
Chun craoladh a chur ar sos, teastaíonn Diosca Crua
uait atá comhoiriúnach le USB agus a bhfuil ar a
laghad 4GB de spás air.
Chun craoladh a thaifeadadh
Chun craoladh a chur ar sos agus a thaifeadadh,
teastaíonn diosca a bhfuil ar a laghad 32GB de spás
saor air.
1. Nasc an Diosca Crua USB le ceann de na naisc USB
ar an teilifís. Ná nasc gléas USB eile leis na poirt USB
eile nuair atá tú i mbun formáidithe.
2. Cas air an Diosca Crua USB agus an teilifís.
3. Nuair atá an teilifís tiúnáilte le cainéal teilifíse digití,
brúigh (Cuir ar Sos). Má dhéanann tú iarracht é a
chur ar sos, tosóidh an formáidiú.
Lean na treoracha ar an scáileán.
Nuair a bheidh an Diosca Crua USB formáidithe, fág
nasctha go buan é.
Rabhadh:
Tá an Diosca Crua USB formáidithe go heisiach don
teilifís seo agus ní féidir leat na taifeadtaí stóráilte a
úsáid ar theilifís ná ar ríomhaire eile. Ná cóipeáil agus
ná hathraigh comhaid taifeadtaí ar an Diosca Crua
USB le haon fheidhmchlár ríomhaireachta.
Truailleoidh sé sin do thaifeadtaí. Nuair a
fhormáidíonn tú Diosca Crua USB eile, caillfear an
méid a bhí ar an gceann roimhe sin. Beidh
athfhormáidiú ag teastáil ó Dhiosca Crua USB atá
suiteáilte ar do theilifís le haghaidh a úsáide le
ríomhaire.
9.2
Taifeadadh
A bhfuil de dhíth ort
Is féidir leat craoladh teilifíse digití a thaifeadadh agus
féachaint air níos deireanaí.
Chun clár teilifíse a thaifeadadh, teastaíonn na nithe
seo a leanas uait…
- Tiomántán Diosca Crua USB formáidithe nasctha ar
an teilifís seo
- cainéil teilifíse dhigiteacha suiteáilte ar an teilifís seo
- chun eolas faoi chainéil a fháil don Eolaire Teilifíse
ar an scáileán
- socrú cloig teilifíse iontaofa. Má athshocraíonn tú
clog na teilifíse de láimh, d'fhéadfadh na taifeadtaí
teipeadh.
Ní féidir leat taifeadadh nuair atá Cuir an Teilifís ar Sos
in úsáid agat.
Maidir le reachtaíocht cóipchirt a fhorfeidhmiú, is
féidir le roinnt soláthróirí DVB srianta éagsúla a chur i
bhfeidhm trí theicneolaíocht DRM (Bainistíocht Ceart
Digiteach) a úsáid. I gcás cainéil chosanta a
chraoladh, d'fhéadfadh srian a bheith ar thaifeadadh,
ar bhailíocht taifead nó ar an líon amharc.
D'fhéadfadh cosc iomlán a bheith ar thaifeadadh. Sa
chás go ndéantar iarracht craoladh cosanta a
thaifeadadh nó taifead éagtha a athsheinnt, seans go
dtaispeánfaí teachtaireacht earráide.
39










