operation manual
Tabhair faoi deara:
Is do chraoladh teilifíse amháin an fheidhm taifeadta.
Ní féidir inneachar a thaifeadadh ó ghléasanna
seachtracha (e.g. HDMI).
Clár a Thaifeadadh
Taifead Anois
Chun an clár a bhfuil tú ag féachaint air anois a
thaifeadadh, brúigh (Taifead) ar an gcianrialtán.
Tosóidh an taifeadadh láithreach.
Chun taifeadadh a stopadh, brúigh (Stop).
Nuair atá sonraí ón Eolaire Teilifíse ar fáil, taifeadfar
an clár a bhfuil tú ag féachaint air ón nóiméad a
bhrúigh an eochair taifeadta go dtí go dtagann
deireadh leis an gclár. Mura bhfuil aon sonraí Eolaire
Teilifíse ar fáil, ní mhairfidh an taifeadadh ach 30
nóiméad. Is féidir leat an t-am a chríochnóidh an
taifeadadh a athrú sa liosta Taifeadtaí.
Sceidealaigh Taifeadadh
Is féidir leat taifeadadh cláir atá le craoladh inniu nó i
gceann cúpla lá (suas le 8 lá) a sceidealú. Bainfidh an
teilifís úsáid as na sonraí ón Eolaire Teilifíse chun tús a
chur le taifeadadh agus chun deireadh a chur leis.
Chun clár a thaifeadadh…
1. Brúigh Eolaire Teilifíse .
2. Ar leathanach an Eolaire Teilifíse, roghnaigh an
cainéal agus an clár a bhfuil uait é a
thaifeadadh. Brúigh (Deas) nó (Clé) chun
scrolláil trí chláir cainéil.
3. Agus an clár roghnaithe agat, brúigh an eochair
datha Taifead . Tá an clár sceidealta chun
taifeadadh. Taispeánfar rabhadh go huathoibríoch
nuair atá taifeadtaí sceidealta atá ag forluí ar a chéile.
Má tá tú ag beartú clár a thaifeadadh nuair nach
bhfuil tú sa bhaile, ná déan dearmad an teilifís a
fhágáil ar Fuireachas agus an Diosca Crua USB a
fhágáil casta air.
Liosta Taifeadtaí
Is féidir leat do chuid taifeadtaí a fheiceáil agus a
bhainistiú sa liosta taifeadtaí. In aice leis an liosta
taifeadtaí, tá lisota eile ann do thaifeadtaí sceidealta
agus do mheabhrúcháin.
Chun an liosta taifeadtaí a oscailt…
1. Brúigh Eolaire Teilifíse .
2. Brúigh an eochair datha Taifeadtaí .
3. Nuair atá taifeadadh roghnaithe sa liosta, is féidir an
taifeadadh a bhaint as leis an eochair datha Bain
As. Is féidir leat taifeadadh a athainmniú leis an
eochair datha Athainmnigh . Nó is féidir leat an
eochair datha Athraigh an t-am a bhrú chun am
tosaithe agus críochnaithe an taifeadta a athrú.
Féach ar Thaifeadadh
Chun féachaint ar thaifeadadh…
1. Brúigh Eolaire Teilifíse .
2. Brúigh an eochair datha Taifeadtaí .
3. Sa liosta taifeadtaí, roghnaigh an taifeadadh atá
uait agus brúigh OK chun tosú ag féachaint.
4. Is féidir leat úsáid a bhaint as na
heochracha (cuir ar
sos), (seinn), (atochras), (mearchasadh)
nó (stop).
5. Chun athrú ar ais go féachaint ar theilifís,
brúigh EXIT.
9.3
Cuir teilifís ar sos
A bhfuil de dhíth ort
Is féidir leat craoladh teilifíse digití a chur ar sos agus
tosú ag féachaint air arís níos deireanaí.
Chun clár teilifíse a chur ar sos, beidh na nithe seo ag
teastáil uait…
- Tiomántán Diosca Crua USB formáidithe nasctha ar
an teilifís seo
- cainéil teilifíse dhigiteacha suiteáilte ar an teilifís seo
- chun eolas faoi chainéil a fháil don Eolaire Teilifíse
ar an scáileán
Nuair atá an Diosca Crua USB nasctha agus
formáidithe, stórálann an teilifís an craoaldh teilifíse a
bhfuil tú ag féachaint air go leanúnach. Nuair a
athraíonn tú go cainéal eile, glantar craoladh an
chainéil roimhe sin. Nuair a athraíonn tú an teilifís go
Fuireachas, glantar an craoladh freisin.
Ní féidir leat an Teilifís a chur ar Sos agus tú i mbun
taifeadta.
Clár a chur ar sos
Chun craoladh a chur ar sos agus a thosú arís…
Chun craoladh a chur ar sos, brúigh (Cuir ar sos).
Taispeánfar barra dul chun cinn ag bun an scáileáin.
Chun an barra dul chun cinn a thaispeáint ar an
scáileán arís, brúigh (Cuir ar sos) arís.
Chun tosú ag féachaint arís, brúigh (Seinn).
Nuair atá an barra dul chun cinn ar an scáileán,
brúigh (Atochrais) nó brúigh (Ar Aghaidh)
chun an áit a bhfuil uait tosú ag féachaint ar an
40