operation manual

10
Meáin
10.1
Ó Nasc USB
Is féidir leat féachaint ar do ghrianghaif nó do cheol
agus físeáin a sheinnt ó mhéaróg chuimhne USB nó
diosca crua USB nasctha.
Agus an teilifís casta air agat, plugáil isteach méaróg
chuimhne USB nó Diosca Crua USB sa nasc USB.
Brúigh SOURCES, ansin roghnaigh USB, is
féidir leat do chomhaid sa struchtúr fillteán atá
eagraithe agat ar an Diosca Crua USB a bhrabhsáil.
Rabhadh:
Má dhéanann tú iarracht clár a chur ar sos nó é a
thaifeadadh nuair atá Diosca Crua USB, iarrfaidh an
teilifís ort an Diosca Crua USB a fhormáidiú.
Scriosfaidh an formáidiú seo gach comhad reatha ar
an Diosca Crua USB.
10.2
Grianghraif
Féach ar Ghrianghraif
Oscail fillteán grianghraf
1. Brúigh SOURCES, roghnaigh USB agus
brúigh OK.
2. Roghnaigh Méaróg Chuimhne USB agus
brúigh (deas) chun an gléas USB atá uait a roghnú.
3. Roghnaigh Grianghraif, is féidir leat Liosta a
bhrú le haghaidh amharc liosta nó brúigh
Mionsamhlacha le haghaidh amharc mionsamhla .
Féach ar chomhad grianghraif
1. Brúigh SOURCES, roghnaigh USB agus
brúigh OK.
2. Roghnaigh Méaróg Chuimhne USB agus
brúigh (deas) chun an gléas USB atá uait a roghnú.
3. Roghnaigh Grianghraif agus roghnaigh ceann de
na grianghraif, is féidir leat OK a bhrú chun féachaint
ar an ngrianghraf a roghnaigh tú.
Roghanna Grianghraif
Nuair atá grianghraif ar an scáileán,
brúigh OPTIONS chun…
Cuir tús le taispeántas sleamhnán, cuir deireadh le
taispeántas sleamhnán
Cuir tús le nó cuir deireadh le taispeántas sleamhnán.
Trasdulta taispeántas sleamhnán
Socraigh an trasdul ó phictiúr amháin go dtí an chéad
phictiúr eile.
Minicíocht an taispeántais sleamhnán
Roghnaigh an t-am a mbeidh gach grianghraf ar
taispeáint.
Seinn arís, Seinn uair amháin
Féach ar na pictiúir arís agus arís eile, nó díreach uair
amháin.
Athsheinn go randamach air, Athsheinn go
randamach as
Féach ar na pictiúir in ord seicheamhach, nó go
randamach.
Rothlaigh íomhá
Rothlaigh grianghraf.
10.3
Físeáin
Físeáin a Sheinnt
Chun físeán a sheinnt ar an teilifís…
Roghnaigh Físeáin , agus roghnaigh ainm an
chomhaid agus brúigh OK.
- Chun an físeán a chur ar sos, brúigh OK. Brúigh OK
arís chun leanúint ar aghaidh.
- Chun atochrais nó mear-chasadh, brúigh .
Brúigh na heochracha roinnt uaireanta chun an luas a
ardú - 2x, 4x, 8x, 16x, 32x.
- Chun dul go dtí an chéad fhíseán eile i bhfillteán, nó
an ceann roimhe sin, brúigh + -.
- Chun athsheinnt an fhíseáin a stopadh, brúigh
(Stop).
- Chun dul ar ais go dtí an fillteán, brúigh .
Oscail fillteán físeán
1. Brúigh SOURCES, roghnaigh USB agus
brúigh OK.
2. Roghnaigh Méaróg Chuimhne USB agus
brúigh (deas) chun an gléas USB atá uait a roghnú.
3. Roghnaigh Físeáin, is féidir leat Liosta a bhrú
le haghaidh amhairc liosta nó
brúigh Mionsamhlacha le haghaidh amhairc
mionsamhla.
Seinn comhad físeáin
1. Brúigh SOURCES, roghnaigh USB agus
brúigh OK.
2. Roghnaigh Méaróg Chuimhne USB agus
brúigh (deas) chun an gléas USB atá uait a roghnú.
3. Roghnaigh Físeáin agus roghnaigh físeán, is féidir
leat OK a bhrú chun an físeán atá roghnaithe agat a
sheinnt nó brúigh Seinn gach ceann chun gach
42