operation manual

gcianrialtán agus má thugann tú faoi deara caochaíl
infridhearg an LED tríd an gceamara, tá an cianrialtán
ag obair. Ní mór an teilifís a sheiceáil.
Mura bhfuil an chaochaíl le tabhairt faoi deara,
d'fhéadfadh an cianrialtán a bheith briste nó
d'fhéadfadh a gceallraí a bheith briste.
Ní féidir an modh seo chun an cianrialtán a sheiceáil a
úsáid le cianrialtáin atá péireáilte leis an teilifís gan
sreang.
14.4
Cainéil
Níor aimsíodh aon chainéal digiteach i rith na
suiteála
Féach ar na sonraíochtaí teicniúla chun a chinntiú go
dtacaíonn do theilifís le DVB-T nó DVB-C i do thír.
Cinntigh go bhfuil na cáblaí nasctha i gceart agus go
bhfuil an líonra ceart roghnaithe.
Níl na cainéil a suiteáladh roimhe seo sa liosta
cainéal
Cinntigh go bhfuil an liosta cainéal ceart roghnaithe.
14.5
Pictiúr
Gan pictiúr / pictiúr díchumtha
- Cinntigh go bhfuil an aeróg nasctha leis an teilifís i
gceart.
- Cinntigh go bhfuil an gléas ceart roghnaithe mar an
fhoinse taispeána.
- Cinntigh go bhfuil an gléas nó foinse sheachtrach
nasctha i gceart.
Tá fuaim ann ach níl aon phictiúr
- Cinntigh go bhfuil na socruithe pictiúr socraithe i
gceart.
Glacadh aeróige lag
- Cinntigh go bhfuil an aeróg nasctha leis an teilifís i
gceart.
- Tá callairí arda, gléasanna fuaime nach bhfuil
talmhaithe, soilse neon, foirgnimh arda agus rudaí
móra eile in ann tionchar a imirt ar chaighdeán an
ghlactha. Más féidir, déan iarracht caighdeán an
ghlactha a fheabhsú trí threo na haeróige a athrú nó
gléasanna a bhogadh amach ón teilifís.
- Má tá an glacadh go dona díreach ar chainéal
amháin, déan míntiúnadh ar an gcainéal sin le Suiteáil
láimhe.
Drochphictiúr ó ghléas
- Cinntigh go bhfuil an gléas nasctha i gceart.
- Cinntigh go bhfuil na socruithe pictiúr socraithe i
gceart.
Athraíonn socruithe pictiúr tar éis scathaimh
- Cinntigh go bhfuil Suíomh socraithe do Baile . Is
féidir socruithe a athrú agus a shábháil sa mhód seo.
Tá meirge tráchtála ar taispeáint
- Cinntigh go bhfuil Suíomh socraithe do Baile .
Ní oireann an pictiúr don scáileán
- Athraigh go formáid pictiúr éagsúil.
Coinníonn an fhormáid pictiúr air ag athrú ó chainéal
go cainéal
- Roghnaigh formáid pictiúr nach mbaineann 'Uath'
leis.
Tá suíomh an phictiúir mícheart
- Is féidir nach n-oirfeadh comharthaí pictiúr ó
ghléasanna áirithe don scáileán i gceart. Seiceáil
aschur comhartha an ghléis nasctha.
Níl an pictiúr ríomhaire cobhsaí
- Cinntigh go n-úsáideann do ríomhaire an taifeach
agus ráta athnuacha a dtacaítear leo.
14.6
Fuaim
Gan aon fhuaim nó droch-chaighdeán fuaime
Mura mbraitear aon chomhartha fuaime, casanna an
teilifís an aschur fuaime as go huathoibríoch — ní
chiallaíonn sé sin mífheidhm.
- Cinntigh go bhfuil na socruithe fuaime socraithe i
gceart.
- Cinntigh go bhfuil gach cábla nasctha i gceart.
- Cinntigh nach bhfuil an airde fuaime balbhaithe nó
socraithe go nialas.
- Cinntigh go bhfuil ascur fuaime na teilifíse nasctha
le hionchur fuaime an Chóras Amharclainne Baile.
- Ba cheart go mbeadh fuaim le cloisteáil ó challairí
an HTS.
- D'fhéadfadh roinnt gléasanna iarraidh ort aschur
fuaime HDMI a chumasú de láimh. Má tá fuaim HDMI
cumasaithe cheana féin, ach fós ní chloiseann tú aon
fhuaim, bain triail as an fhormáid fuaime digití a athrú
go PCM (Modhnú Bíogchóid). Féach ar an
gcáipéisíocht a tháinig le do ghléas le haghaidh
treoracha.
59