operation manual
4
Suiteáil
4.1
Léigh Sábháilteacht
Léigh na treoracha sábháilteachta i dtosach sula n-
úsáideann tú an teilifís.
Chun na treoracha a léamh, sa Treoir úsáideora,
féach ar an gcaibidil Sábháilteacht agus cúram.
4.2
Lonnú Teilifíse
Leideanna maidir le Láithriú
- Cuir an teilifís in áit nach bhfuil solas ag lonrú go
díreach ar an scáileán.
- Socraigh an teilifís suas le 15 cm amach ón mballa.
- Is é an t-achar is fearr le bheith ag féachaint ar an
teilifís uaidh ná trí oiread méid fhiarthrasna an
scáileáin. Nuair atá tú i do shuí, ba cheart go mbeadh
do shúile ar an leibhéal céanna le lár an scáileáin.
Seastán teilifíse
Is féidir leat na treoracha chun an seastán teilifíse a
ghléasadh a fháil sa Treoir Mhearthosaithe a tháinig
leis an teilifís. Is féidir leat an treoir seo a íoslódáil ó
www.philips.com sa chás gur chaill tú í.
Úsáid uimhir múnla na teilifíse chun cuardach a
dhéanamh don Treoir Mearthosaithe atá le híoslódáil.
Gléasadh Balla
Sraith teilifíse 4022
Tá do theilifís ullamh freisin do bhrac ghléasadh balla
atá oiriúnach le VESA (díoltar as féin é).
Bain úsáid as an gcód VESA seo a leanas nuair atá an
gléasadh balla á cheannach agat . . .
- 22Pxx4022 - VESA MIS-F 75x75, M4 (Íosmhéid 10
mm, Uasmhéid 10.5 mm)
- 24Pxx4022 - VESA MIS-F 75x75, M4 (Íosmhéid 10
mm, Uasmhéid 10.5 mm)
Ullmhúchán
Bain na 4 scriú chlaibín plaisteacha amach as na boisc
shnáithithe ar chúl na teilifíse.
Cinntigh go dtéann na scriúnna miotail thart ar 10mm
isteach i mboisc shnáithithe na teilifíse chun an teilifís
a ghléasadh ar an mbrac atá oiriúnach le VESA.
Rabhadh
Teastaíonn scileanna sainiúla chun an teilifís a
ghléasadh ar an mballa agus ní ceart d'aon duine ach
pearsanra atá cáilithe tabhairt faoi. Ba cheart go
gcomhlíonfadh gléasadh balla na teilifíse caighdeáin
sábháilteachta atá bunaithe ar mheáchan na teilifís.
Léigh na réamhchúraim sábháilteachta freisin sula
suífidh tú an teilifís.
Ní ghlacann TP Vision Europe B.V. le haon fhreagracht
as gléasadh míchuí ná aon ghléasadh a mbeidh
tionóisc nó gortú mar thoradh air.
Sraith teilifíse 4032
Tá do theilifís ullamh freisin do bhrac ghléasadh balla
atá oiriúnach le VESA (díoltar as féin é).
Bain úsáid as an gcód VESA seo a leanas nuair atá an
gléasadh balla á cheannach agat . . .
9