operation manual

9
Taifeadadh agus
Cuir Teilifís ar Sos
9.1
Taifeadadh
Na rudaí a bheidh ag teastáil uait
Is féidir leat craoladh teilifíse digití a thaifeadadh agus
féachaint air níos deireanaí.
Chun clár teilifíse a thaifeadadh, teastaíonn na nithe
seo a leanas uait…
• Tiomántán Diosca Crua USB nasctha ar an teilifís seo
• cainéil teilifíse dhigiteacha suiteáilte ar an teilifís seo
• chun eolais faoi chainéil a fháil don Eolaire Teilifíse
ar an scáileán
• socrú cloig teilifíse iontaofa. Má athshocraíonn tú
clog na teilifíse de láimh, d'fhéadfadh na taifeadtaí
teipeadh.
Ní féidir leat taifeadadh nuair atá Cuir an Teilifís ar Sos
in úsáid agat.
Ní cheadaíonn roinnt oibritheoirí teilifíse digití
taifeadadh cainéal.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi Diosca Crua
USB a shuiteáil, in Cabhair, brúigh an eochair datha
Eochairfhocail agus déan cuardach do Diosca
Crua USB, suiteáil.
Tabhair faoi deara:
Is do chraoladh teilifíse amháin an fheidhm taifeadta.
Ní féidir inneachar a thaifeadadh ó ghléasanna
seachtracha (e.g. HDMI).
Clár a thaifeadadh
Taifead anois
Chun an clár a bhfuil tú ag féachaint air anois a
thaifeadadh, brúigh
(Taifead) ar an gcianrialtán.
Tosóidh an taifeadadh láithreach.
Chun taifeadadh a stopadh, brúigh
(Stop).
Nuair atá sonraí ón Eolaire Teilifíse ar fáil, taifeadfar
an clár a bhfuil tú ag féachaint air ón nóiméad a
bhrúigh an eochair taifeadta go dtí go dtagann
deireadh leis an gclár.
• Má fhaigheann tú eolas don eolaire teilifíse ón
Idirlíon, is féidir leat am deiridh an taifeadta a athrú
san fhuinneog aníos sula ndearbhóidh tú an
taifeadadh.
• Má fhaigheann tú eolas ón Eolaire teilfíse ón
gcraoltóir, tosóidh an taifeadadh láithreach. Is féidir
leat an t-am a chríochnóidh an taifeadadh a athrú sa
liosta taifeadtaí.
Taifead a sceidealú
Is féidir leat taifeadadh cláir atá le craoladh inniu nó i
gceann cúpla lá (suas le 8 lá) a sceidealú.
1 - Chun taifeadadh a sceidealú, brúigh
Eolaire
teilfíse.
Ar leathanach an eolaire teilifíse, roghnaigh an cainéal
agus an clár a bhfuil uait é a thaifeadadh.
Is féidir leat uimhir an chainéil a chur isteach chun dul
díreach go dtí an cainéal sa liosta.
Brúigh
(Deas) nó
(Clé) chun scrolláil trí chláir
cainéil.
Chun dáta an liosta a athrú,
brúigh
OPTIONS agus roghnaigh Athraigh lá.
Roghnaigh an lá atá uait sa liosta agus brúigh OK. Má
thagann an tEolaire teilifíse ón Idirlíon, is féidir leat an
dáta a roghnú ag barr an leathanaigh agus OK a bhrú.
2 - Nuair atá an clár aibhsithe agat,
brúigh
Taifeadaigh . Cuireann an teilifís roinnt
ama maoláin isteach ag deireadh gach cláir. Is féidir
leat tullleadh maoláin a chur isteach má theastaíonn
sé.
3 - Roghnaigh Sceidealaigh agus brúigh OK. Tá an
clár sceidealta chun taifeadadh. Taispeánfar rabhadh
go huathoibríoch nuair atá taifeadtaí sceidealta atá ag
forluí ar a chéile.
Má bheartaíonn tú clár a thaifeadadh nuair nach
bhfuil tú i láthair, ná déan dearmad an teilifís a fhágáil
ar fuireachas agus an Diosca Crua USB casta air.
Liosta taifeadtaí
Chun liosta na dtaifeadtaí agus na dtaifeadtaí
sceidealta a fheiceáil, brúigh
Baile , roghnaigh
Feidhmeanna >
Taifeadtaí agus brúigh OK.
Sa liosta seo, is féidir leat taifeadadh a roghnú le
féachaint air, cláir thaifeadta a scriosadh, am
críochnaithe taifeadta leanúnaí a athrú nó an méid
spáis atá saor ar dhiosca a sheiceáil. Má thagann an
tEolaire teilifíse ón Idirlíon, is féidir leat taifeadadh a
sceidealú a socraíonn tú an t-am tosaithe agus an t-
am críochnaithe tú féin, mar thaifeadadh amaithe
nach bhfuil nasctha le clár. Chun taifeadadh amaithe
a shocrú, roghnaigh Sceidealaigh taifeadadh ag
barr an leathanaigh agus brúigh OK. Socraigh an
cainéal, an dáta agus an tréimhse ama. Chun an
taifeadadh a dhearbhú, roghnaigh Sceidealaigh agus
brúigh OK.
Bain as taifeadadh sceidealaithe
Roghnaigh an taifeadadh atá sceidealta,
brúigh
Bain as agus brúigh OK.
38