operation manual

21
Bogearaí
21.1
Nuashonraigh bogearraí
Nuashonrú ón Idirlíon
Má tá an teilifís nasctha leis an Idirlíon, d'fhéadfá
teachtaireacht a fháil ó TP Vision chun bogearraí na
teilifíse a nuashonrú. Teastaíonn nasc ardluais
(leathanbhanda) leis an Idirlíon.
Má fhaigheann tú an teachtaireacht seo, molaimid
duit an nuashonrú a dhéanamh.
Roghnaigh Nuashonrú. Lean na treoracha ar an
scáileán.
Is féidir leat freisin cuardach a dhéanamh do
nuashonruithe tú féin.
Chun cuardach a dhéanamh do nuashonrú . . .
1 - Brúigh
, roghnaigh Nuashonraigh Bogearraí >
Déan cuardach do nuashonruithe, ansin brúigh OK.
2 - Roghnaigh Idirlíon, ansin brúigh OK. Lean na
treoracha ar an scáileán.
Nuair atá an nuashonrú déanta, castar an teilifís as
agus air arís go huathoibríoch.
Fan go dtí go gcasann an teilifís í féin air arís.
Nuashonraigh ó USB
D'fhéadfadh sé a bheith riachtanach bogearraí na
teilifíse a nuashonrú. Teastaíonn ríomhaire uait le
nasc ardluais don Idirlíon agus méaróg chuimhne USB
chun na bogearraí a uaslódáil ar an teilifís. Úsáid gléas
cuimhne USB a bhfuil 512MB de spás saor air. Bí
cinnte go bhfuil cosaint ar scríobh casta as.
1 - Tosaigh an nuashonrú ar an teililfís
Brúigh
, roghnaigh Nuashonraigh
bogearraí > Déan cuardach do nuashonruithe, ansin
brúigh OK.
Roghnaigh USB agus brúigh OK.
2 - Aithin an teilifís
Cuir an chuimhne USB isteach i gceann de na naisc
USB ar an teilifís.
Roghnaigh Tosaigh agus brúigh OK. Scríobhtar
comhad aitheantais ar an gnléas cuimhne USB.
3 - Íoslódáil bogearraí na teilifíse
Cuir an chuimhne USB isteach i do ríomhaire.
Ar an ngléas cuimhne USB, aimsigh an comhad
update.htm agus cliceáil faoi dhó air.
Cliceáil ar Seol ID.
Má tá bogearraí nua ar fáil, íoslódáil an comhad .zip.
I ndiaidh na híoslódála, dízipeáil agus cóipeáil an
comhad autorun.upg go dtí an gléas cuimhne USB.
Ná cuir an comhad seo i bhfillteán.
4 - Nuashonraigh bogearraí na teilifíse
Cuir an mhéaróg chuimhne USB isteach sa teilifís arís.
Tosaíonn an nuashonrú go huathoibríoch.
Casann an teilfís í féin as ar feadh 10 soicind agus
ansin casann sí air arís. Fan le do thoil.
Ná. . . . .
• úsáid an cianrialtán
• bain an gléas cuimhne USB amach ón teilifís
Má chliseann ar an gcumhacht i rith an nuashonraithe,
ná bain as an mhéaróg chuimhne USB ón teilifís go
deo. Nuair a thiocfaidh an chumhacht ar ais, leanfaidh
an nuashonrú ar aghaidh.
Ag deireadh an nuashonruithe, taispeánfar an
teachtaireacht Oibríocht rathúil ar an scáileán. Bain
an mhéaróg chuimhne USB as agus brúigh
ar an
gcianrialtán.
Ná. . . . .
• brúigh
faoi dhó
• brúigh an lasc cumhachta ar an teilifís
Casann an teilfís í féin as (ar feadh 10 soicind) agus
ansin casann sí air arís. Fan le do thoil.
Tá bogearraí na teilifíse nuashonraithe. Is féidir leat an
teilifís a úsáid arís.
Scrios an comhad autorun.upg ón ngléas cuimhne
USB chun nuashonrú tionóisceach bhogearraí na
teilifíse a chosc.
21.2
Leagan bogearraí
Chun féachaint ar leagan reatha na mbogearraí
teilifíse…
1 - Brúigh
, roghnaigh Nuashonraigh
Bogearraí > Eolas faoi Bhogearraí Reatha agus
brúigh OK.
2 - Taispeánfar an leagan Leagan Eisiúna.
Taispeánfar an Uimhir ESN Netflix freisin má tá sé ar
fáil.
3 - Brúigh
(clé), arís agus arís eile, más gá, chun
an roghchlár a dhúnadh.
21.3
Nuashonruithe áitiúla
Do mhiondíoltóirí agus sainúsáideoirí.…
1 - Brúigh
, roghnaigh Nuashonraigh
Bogearraí > Nuashonruithe áitiúla agus brúigh OK.
2 - Lean an treoir ar an scáileán.
3 - Brúigh
(clé), arís agus arís eile, más gá, chun
an roghchlár a dhúnadh.
80