User manual

18.3
Cianrialtán
Ní fhreagraíonn an teilifís don chianrialtán
• Teastaíonn roinnt ama ón teilifís tosú. I rith an ama
sin, ní fhreagraíonn an teilifís don chianrialtán ná do
rialcuithe na teilifíse. Is gnáthiompar é sin.
• D’fhéadfadh ceallraí an chianrialtáin a bheith caite.
Faigh ceallraí nua.
18.4
Cainéil
Níor aimsíodh aon chainéal digiteach i rith na
suiteála
• Seiceáil ar nascadh an teilifís le haeróg nó an bhfuil
comhartha soláthróra á úsáid aici. Seiceáil na naisc
cábla.
• Seiceáil an bhfuil cainéil dhigiteacha ar fáil sa tír ina
bhfuil an teilifís suiteáilte agat.
• Seiceáil an bhfuil an córas ceart DVB (Craoladh
Digiteach Físe) roghnaithe agat. Seiceáil DVB-T
(trastíre) nuair a úsáideann tú aeróg nó aeróg
choiteann, roghnaigh DVB-C (cábla) má úsáideann tú
seirbhís teilifíse cábla a bhfuil modúl CAM aici.
• Déan an tsuiteáil arís agus seiceáil an bhfuil an tír
agus an córas ceart roghnaithe agat.
Níor aimsíodh aon chainéal analógach i rith na
suiteála
• Seiceáil ar nascadh an teilifís le haeróg. Seiceáil na
naisc cábla.
• Seiceáil an bhfuil an córas ceart DVB (Craoladh
Digiteach Físe) roghnaithe agat. Roghnaigh DVB-T
(trastíre) nuair a úsáideann tú aeróg nó aeróg
choiteann.
• Déan an tsuiteáil arís agus roghnaigh Cainéil
dhigiteacha agus analógacha i rith na suiteála.
Tá roinnt cainéal imithe, ní féidir gach ceann nó
roinnt de na cainéil a suiteáladh cheana a aimsiú
• Seiceáil ar roghnaigh tú an Liosta cainéal ceart nó
an Liosta ceanán ceart a bhíonn in úsáid agat go
hiondúil.
• D’fhéadfadh an craoltóir roinnt cainéal a bhogadh
nó fiú iad a scriosadh. Déan iarracht an cainéal atá ar
iarraidh a aimsiú sa ghnáthliosta cainéal. Mura bhfuil
fáil ar an gcainéal i gcónaí, is féidir leat é a chur ar ais
sa liosta ceanán.
• Is féidir cainéal a scriosadh ón liosta cainéal i rith
Nuashonrú cainéal uathoibríoch. Déantar na
huasghráduithe uathoibríocha sin thar oíche má tá an
teilifís ar fuireachas.
Scriostar cainéil nach ann dóibh níos mó agus cuirfear
cainéil nua leis an liosta cainéal. D’fhéadfaí cainéal a
scriosadh ar bhonn eisceachtúil ar an mbunús nach
raibh an teilifís in ann é a aimsiú nuair a bhí sí ag
seiceáil ar ann dó. Seans nach gcraolfaidh sé san
oíche.
Chun nach scriosfar cainéil i rith an Nuashonrú
Cainéal Uathoibríoch mar nach raibh an teilifís in n
ann iad a aimsiú cé gur ann dóibh i gcónaí, is féidir
leat Nuashonrú Cainéal Uathoibríoch a chasadh as.
(Baile) > Socruithe > Gach Socrú > Cainéil
> Suiteáil aeróige/cábla, Suiteáil
satailíte* > Nuashonrú Cainéal Uathoibríoch
* Is do mhúnlaí a thacaíonn le feidhmeanna satailíte
amháin suiteáil satailíte.
Cainéal DVB-T2 HEVC
• Féach ar na sonraíochtaí teicniúla chun a chinntiú go
dtacaíonn do theilifís le DVB-T2 HEVC i do thír agus
athshuiteáil an cainéal DVB-T.
18.5
Satailít
Ní féidir leis an teilifís na satailítí atá uaim a aimsiú nó
suiteálann an teilifís an tsatailít chéanna faoi dhó
Seiceáil an bhfuil an líon ceart satailítí socraithe i
socruithe ag tús na suiteála. Is féidir leat an teilifís a
shocrú chun cuardach a dhéanamh do shatailít
amháin, dhá shatailít nó 3/4 shatailít.
Ní féidir le LNB déchnoga an dara satailít a aimsiú
• Má aimsíonn an teilifís satailít amháin ach mura
féidir leis an dara ceann a aimsiú, cas an mhias cúpla
céim. Ailínigh an mhias chun an comhartha is treise a
fháil don chéad satailít. Seiceáil táscaire treise
comhartha an chéad satailíte ar an scáileán.
• Seiceáil an bhfuil na socruithe athraithe go dhá
shatailít.
Níor réitíodh m'fhadhb nuair a athraíodh na socruithe
suiteála
Ní stóráltar aon socrú, satailít nó cainéal go dtí
deireadh na suiteála nuair a chríochnaíonn tú.
Tá gach cainéal satailíte imithe.
Má tá córas Unicable in úsáid agat, cinntigh gur shann
tú dhá uimhir banda uathúla sna socruithe Unicable
don dá thiúnóir ionsuite. D'fhéadfadh glacadóir
satailít eile i do chóras Unicable a bheith ag úsáid an
uimhir banda úsáideora chéanna.
Tá an chosúlacht air go bhfuil roinnt cainéal satailíte
imithe ó liosta na gcainéal.
Má tá an chosúlacht air go bhfuil roinnt cainéal imithe
nó san áit mhícheart, d'fhéadfadh suíomh
trasfhreagróra na gcainéal sin a bheith athraithe ag an
gcraoltóir. Is féidir leat triail a bhaint as nuashonrú ar
an bpacáiste cainéal chun suíomhanna na gcainéal a
chur ar ais.
Ní féidir liom satailít a bhaint as
54