User manual

Ní ligeann pacáistí suibscríbhinne duit satailít a bhaint
as. Chun an tsatailít a bhaint as, ní mór duit suiteáil
iomlán a dhéanamh arís agus pacáiste eile a roghnú.
Bíonn an ghlacacht lag ó am go chéile
• Seiceáil an bhfuil an mhias satailíte gléasta go
daingean agat. Tá gaotha láidre in ann an mhias a
bhogadh.
• Tá sneachta agus báisteach in ann an glacadh a
dhíghrádú.
18.6
Pictiúr
Gan pictiúr / pictiúr díchumtha
• Seiceáil an bhfuil an teilifís nasctha le haeróg nó an
bhfuil soláthróir comhartha á úsáid aici. Seiceáil na
naisc cábla.
• Seiceáil an bhfuil an fhoinse/ionchur ceart
roghnaithe sa roghchlár foinsí.
Brúigh Foinsí agus roghnaigh an fhoinse/ionchur
atá ag teastáil uait.
• Seiceáil an bhfuil an gléas nó foinse sheachtrach
nasctha i gceart.
• Seiceáil an bhfuil an ghlacacht lag.
• Seiceáil an bhfuil an pictiúr socraithe do luach íosta.
Roghnaigh Stíl Pictiúir agus roghnaigh stíl agus
brúigh OK.
(Baile) > Socruithe > Gach
socrú > Pictiúr > Stíl Pictiúir
• Triail físeán a sheinnt chun fáil amach an bhfuil an
teilifís briste. Brúigh Socruithe > Cabhair >
Seiceáil an teilifís.
Má fhanann an físeán dubh, glaoigh ar Philips. Fan go
dtiocfaidh deireadh leis an bhfíseán agus roghnaigh
Eolas teagmhála sa roghchlár Cabhair. Cuir glaoch ar
uimhir theileafóin do thíre.
Tá fuaim ann ach níl aon phictiúr
• Athraigh go dtí foinsí físe eile agus ansin athraigh ar
ais go dtí an fhoinse reatha.
• Roghnaigh Stíl Pictiúir agus roghnaigh stíl agus
brúigh OK.
(Baile) > Socruithe > Gach
socrú > Pictiúr > Stíl Pictiúir
• Chun an stíl pictiúir a aisghabháil, roghnaigh Stíl
pictiúir, ansin brúigh Aisghabh stíl.
• Athshocraigh gach socrú teilifíse, téigh
go (Baile) > Socrú > Gach socrú > Socruithe
ginearálta > Athshuiteáil teilifís.
• Seiceáil naisc na ngléasanna foinse/ionchuir.
Glacthacht lag
Má tá an pictiúr teilifíse díchumtha nó má tá
caighdeán an phictiúir athaitheach, d’fhéadfadh an
comhartha ionchuir a bheith lag. Nuair atá an
comhartha digiteach lag, bíonn an chosúlacht ar an
bpictiúr go bhfuil sé briste suas i mbloic, agus scaití
reonn sé. Imeoidh droch-chomhartha digiteach leis
féin i bhfad níos tapúla ná droch-chomhartha
analógach.
• Seiceáil an bhfuil an aeróg cábla nasctha i gceart.
• Tá callairí móra, gléasanna fuaime
neamhthalmhaithe, soilse neoin, foirgnimh arda agus
rudaí móra eile in ann tionchar a imirt ar chaighdeán
na glacthachta nuair atá aeróg in úsáid agat. Déan
iarracht caighdeán na glacachta a fheabhsú trí threo
na haeróige a athrú nó gléasanna a bhogadh amach
ón teilifís. Tá drochaimsir in ann cur isteach ar an
nglacacht.
• Seiceáil an bhfuil gach nasc go dtí do chuid
gléasanna, agus uathu, nasctha i gceart.
• Má tá an ghlacacht go dona díreach ar chainéal
amháin, déan míntiúnadh ar an gcainéal sin le
Analógach: suiteáil de láimh. (Do chainéil analógacha
amháin)
(Baile) > Socruithe > Suiteáil Cainéil > Suiteáil
aeróige/cábla > Analógach: suiteáil de láimh
• Seiceáil an bhfuil an comhartha digiteach sách láidir.
Agus tú ag féachaint ar chainéal digiteach,
brúigh OPTIONS agus roghnaigh Stádas agus
brúigh OK. Seiceáil Neart an
chomhartha agus Caighdeán an chomhartha.
Drochphictiúr ó ghléas
• Cinntigh go bhfuil an gléas nasctha i gceart. Cinntigh
go bhfuil socrú físe aschuir an ghléis socraithe go dtí
an taifeach is airde agus is féidir, más infheidhme.
• Aisghabh stíl pictiúir nó athraigh go dtí stíl pictiúir
eile.
Athraíonn socruithe pictiúr tar éis scathaimh
Cinntigh go bhfuil Suíomh socraithe do Baile . Is
féidir leat socruithe a athrú agus a shábháil sa mhód
seo.
(Baile) > Socruithe > Gach socrú > Socruithe
ginearálta > Suíomh
Taispeántar meirge
Má thaispeántar meirge promóisin ar an scáileán ó
am go chéile nó má athraíonn an Stíl pictiúir ar ais go
Gléineach go huathoibríoch nuair a chastar air í, tá an
teilifís socraithe go suíomh Siopa. Socraigh an teilifís
don suíomh Baile chun í a úsáid sa bhaile.
(Baile) > Socruithe > Gach socrú > Socruithe
ginearálta > Suíomh
Níl an pictiúr in oiriúint don scáileán / Tá méid an
phictiúir mícheart nó éagobhsaí / Tá suíomh an
phictiúir mícheart
• Mura bhfuil méid an phictiúir - a chóimheas
treoíochta - in oiriúint don scáileán, agus barraí dubha
ar taispeáint ar na taobhanna, brúigh Formáid
Pictiúir > Líon scáileán.
• Má athraíonn méid an phictiúir i
gcónaí, brúigh Formáid Pictiúir > Cuir in oiriúint
don scáileán.
• Má tá suíomh an phictiúir mícheart ar an scáileán,
triail taifeach comhartha agus cineál aschuir an ghléis
55