User manual

nasctha a sheiceáil, brúigh Formáid
Pictiúir > Bunaidh.
Níl an pictiúr ríomhaire cobhsaí
Cinntigh go n-úsáideann do ríomhaire an taifeach
agus ráta athnuacha a dtacaítear leo.
18.7
Fuaim
Gan aon fhuaim nó droch-chaighdeán fuaime
• Seiceáil an bhfuil socruithe fuaime na teilifíse ceart,
brúigh an eochair airde fuaime
balbhaithe .
• Má tá glacadóir digiteach (bosca bairr) in úsáid agat,
seiceáil nach bhfuil an airde fuaime ar an nglacadóir
sin socraithe go nialas ná balbhaithe.
• Seiceáil an bhfuil an teilifís - an comhartha fuaime -
nasctha i gceart leis an gCóras Amharclainne Baile,
má tá a leithéid de chóras in úsáid agat d’fhuaim na
teilifíse. Seiceáil ar nasc tú an cábla HDMI leis an
nasc HDMI 1ARC ar an gCóras Amharclainne Baile.
• Cinntigh go bhfuil aschur fuaime na teilifíse nasctha
le hionchur fuaime an Chóras Amharclainne Baile.
Ba cheart go dtiocfaidh an fhuaim ó challairí an
Chóras Amharclainne Baile( HTS).
Fuaim le torann ard
Má fhéachann tú ar fhíseán ó mhéaróg chuimhne
USB atá plugáilte isteach nó ríomhaire nasctha,
d'fhéadfadh an torann ó do Chóras Amharclainne
Baile a bheith díchumtha. Cloistear an torann sin nuair
atá fuaim DTS ag an gcomhad fuaime nó físeáin ach
gan próiseáil fuaime DTS a bheith ag an gCóras
Amharclainne Baile. Is féidir leat caoi a chur air seo
tríd an socrú Formáid Digiteach amach na teilifíse a
athrú do Steiréafónach.
Brúigh (Baile) > Socruithe > Gach
socrú > Fuaim > Ardsocruithe > Formáid
Digiteach amach
18.8
HDMI - UHD
HDMI
• Tabhair faoi deara go bhféadfadh tacaíocht HDCP
(Cosaint Ábhar Digiteach Ard-Bandaleithead) in ann
moill a chur ar an méid ama a thógann sé do theilifís
ábhar ó ghléas HDMI a thaispeáint.
• Mura n-aithníonn an teilifís an gléas HDMI agus
mura bhfuil aon phictiúr ar taispeáint, athraigh an
fhoinse ó ghléas amháin go gléas eile agus ar ais arís.
• Is teilfíse Ultra HD í seo. Tá roinnt gléasanna níos
sine ann - nasctha le HDMI - nach n-aithíonn teilifís
Ultra HD go leictreonach agus tá an seans ann nach n-
oibreoidh siad i gceart nó go mbeidh an pictiúr nó an
fhuaim díchumtha. Is féidir leat cáilíocht an
chomhartha a shocrú ag leibhéal a bhfuil an gléas in
ann é a láimhseáil chun nach mbainfidh aon
mhífheidhm leis an ngléas. Mura bhfuil comharthaí
Ultra HD á n-úsáid ag an ngléas, is féidir leat Ultra HD
a chasadh don nasc HDMI seo.
Má tá pictiúr agus fuaim gléis atá nasctha le HDMI
díchumtha, bain triail as socrú éagsúil HDMI Ultra
HD a úsáid chun an fhadhb a réiteach.
In Cabhair > Treoir úsáideora, brúigh an eochair
datha Eochairfhocail agus déan cuardach
do HDMI Ultra HD.
• Má chuirtear isteach ar an bhfuaim go heatramhach,
cinntigh go bhfuil na socruithe aschuir ón ngléas
HDMI ceart.
Ní oibríonn HDMI EasyLink
• Seiceáil an bhfuil do ghléasanna HDMI
comhoiriúnach le HDMI-CEC. Ní oibríonn gnéithe
EasyLink ach amháin le gléasanna atá comhoiriúnach
le HDMI-CEC.
Níl an deilbhín don airde fuaime ar taispeáint
• Nuair atá gléas fuaime HDMI-CEC nasctha agus
nuair a úsáideann tú Cianrialtán na Teilifíse chun an
airde fuaime a athrú ón ngléas, is gnáthiompar é sin.
18.9
USB
Ní thaispeántar grianghraif, físeáin agus ceol ó ghléas
USB
• Seiceáil an bhfuil an gléas stórála USB socraithe
chun a bheith comhoiriúnach le hAicme Ollstórála,
mar atá curtha síos air i gcáipéisíocht an ghléis stórála.
• Seiceáil an bhfuil an gléas stórála USB
comhoiriúnach leis an teilifís.
• Seiceáil an dtacaíonn an teilifís na formáidí comhaid
fuaime agus pictiúir. Chun tuilleadh eolais a fháil,
in Cabhair, brúigh an eochair datha
Eochairfhocail agus déan cuardach do Ilmheán.
Athsheinnt briste comhad USB
• D'fhéadfadh feidhmíocht aistrithe an ghléis stórála
USB srian a chur ar an ráta aistrithe sonraí chuig an
teilifís, a bhfuil athsheinnt briste mar thoradh uirthi.
18.10
Wi-Fi agus Idirlíon
Ní aimsítear an líonra Wi-Fi nó tá sé díchumtha
• Seiceáil an ligeann na ballaí dóiteáin i do líonra
rochtain ar nasc gan sreang na teilifíse.
• Mura n-oibreoidh an líonra gan sreang i gceart i do
theach, bain triail as an líonra sreangaithe a shuiteáil.
Ní oibríonn an tIdirlíon
• Má tá an nasc don ródaire ag obair i gceart, seiceáil
nasc an ródaire don Idirlíon.
Tá an ríomhaire agus an nasc Idirlín mall
56