operation manual

Table Of Contents
brúigh OK.
7 - Roghnaigh Ar Aghaidh agus brúigh OK.
8 - Roghnaigh an cineál suiteála atá uait, Aeróg
(DVB-T) Cábla (DVB-C) agus brúigh OK.
7 - Roghnaigh Ar Aghaidh agus brúigh OK.
10 - Roghnaigh na cineáil cainéal atá uait, Cainéil
Dhigiteacha agus Analógacha Cainéil Dhigiteacha
Amháin agus brúigh OK.
7 - Roghnaigh Ar Aghaidh agus brúigh OK.
12 - Roghnaigh Tosaigh agus brúigh OK chun na
cainéil dhigiteacha a nuashonrú. D'fhéadfadh sé sin
roinnt nóiméad a thógáil.
13 - Brúigh (clé) chun dul siar céim amháin nó
brúigh Ar ais chun an roghchlár a dhúnadh.
Athshuiteáil an teilifís
Is féidir leat suiteáil iomlán teilifíse a dhéanamh arís.
Déanfar an teilifís a athshuiteáil go hiomlán.
Chun suiteáil iomlán teilifíse a athdhéanamh…
1 - Roghnaigh Socruithe > Socruithe ginearálta >
Athshuiteáil teilifís agus brúigh OK.
2 - Cuir isteach do chód PIN más gá.
3 - Roghnaigh agus brúigh OK chun dearbhú.
4 - Athshuiteálfar an teilifís go hiomlán. Déanfar gach
socrú agus cainéal a athshuiteáil. D'fhéadfadh an
tsuiteáil roinnt nóiméad a thógáil.
5 - Brúigh (clé) chun dul siar céim amháin nó
brúigh Ar ais chun an roghchlár a dhúnadh.
Socruithe DVB
Glacacht DVB-T nó DVB-C
Roghnaigh tú Aeróg (DVB-T) nó Cábla (DVB-C) i rith
na suiteála cainéal, díreach sula ndearna tú an
cuardach cainéal. Déanann Aeróg DVB-T/T2
cuardach do cainéil analógacha thrastíre agus cainéil
DVB-T/T2 dhigiteacha. Déanann Cábla DVB-C
cuardach do chainéil analógacha agus dhigiteacha
atá ar fáil ó oibritheoir cábla DVB-C.
Suiteáil cainéal DVB-C
Ar mhaithe le héascaíocht, tá gach socrú DVB-C
socraithe go huathoibríoch.
Más rud é gur thug do sholáthróir DVB-C luachanna
sonracha DVB-C duit, ID an líonra nó minicíocht an
líonra, cuir na luachanna sin isteach nuair a iarrann an
teilifís ort i rith suiteála.
Coinbhleacht maidir le hUimhreacha Cainéal
D'fhéadfadh an uimhir cainéil chéanna a bheith ag
cainéil teilifíse éagsúla (craoltóirí) i roinnt tíortha.
Taispeánann an teilifís an liosta uimhreacha cainéal a
bhfuil coinbhleachtaí ann i rith na suiteála. Ní mór duit
an cainéal teilifíse a bhfuil uait é a shuiteáil ar uimhir
cainéil a bhfuil roinnt cainéal teilifíse air a roghnú.
Mód Minicíochta Líonra
Má tá sé ar intinn agat an modh tapaidh
Mearscanadh a úsáid chun cainéil a chuardach sa
Scanadh Minicíochta, roghnaigh Uathoibríoch.
Bainfidh an teilifís úsáid as 1 de na minicíochtaí líonra
réamhshainithe (nó HC - cainéal frithinge) atá in úsáid
ag an gcuid is mó de na hoibritheoirí cábla i do thír.
Má fuair tú luach sonrach minicíocht líonra chun
cainéil a chuardach, roghnaigh De Láimh.
Minicíocht Líonra
Nuair atá an socrú De Láimh i bhfeidhm don Mhód
Minicíochta Líonra, is féidir leat an luach minicíochta
líonra a fuair tú ó d'oibritheoirí cábla a chur isteach
anseo. Úsáid na heochracha uimhreach chun an
luach a chur isteach.
Scanadh Minicíochta
Roghnaigh an modh chun cuardach a dhéanamh do
chainéil. Is féidir leat an modh níos tapúla
Mearscanadh a roghnú agus na socruithe
réamhshainithe atá á n-úsáid ag an gcuid is mó de na
hoibritheoirí cábla i do thír a úsáid.
Má fhágann sé sin nach mbeidh aon chainéal
suiteáilte nó má tá roinnt cainéal ar iarraidh, is féidir
leat an modh Scanadh Iomlán a úsáid. Bíonn níos mó
ama ag teastáil ón modh sin chun cainéil a chuardach
agus a shuiteáil.
Méid Céime Minicíochta
Déanann an teilifís cuardach do chainéil in eatraimh
de 8MHz.
Má fhágann sé sin nach mbeidh aon chainéal
suiteáilte nó má tá roinnt cainéal ar iarraidh, is féidir
leat cuardach a dhéanamh in eatraimh níos lú de
1MHz. Má bhaintear úsáid as na heatraimh 1MHz,
beidh níos mó ama ag teastáil chun cainéil a
chuardach agus a shuiteáil.
Cainéil Dhigiteacha
Má tá a fhios agat nach bhfuil d'oibritheoir cábla ag
tairiscint cainéal digiteach, ní fiú duit cuardach a
dhéanamh do chainéil dhigiteacha.
27