operation manual

Table Of Contents
27
Sonraíochtaí
27.1
Comhshaol
Lipéad Fuinnimh na hEorpa
Cuireann Lipéad Fuinnimh na hEorpa ar an eolas tú
maidir le haicme éifeachtacht fuinnimh an táirge seo.
A uaine is atá aicme éifeachtúlacht fuinnimh an táirge
seo, is é is lú fuinnimh a thomhlaíonn sé.
Is féidir leat an aicme éifeachtúlacht fuinnimh a fháil
ar an lipéad, mar aon leis an meántomhaltas
cumhachta don táirge seo, agus an meántomhaltas
fuinnimh don táirge seo agus é i mbun a úsáide. Is
féidir leat freisin luachanna tomhaltais cumhachta
don táirge seo a fháil ar shuíomh gréasáin Philips i do
thír féin ag www.philips.com/TVsupport
Deireadh Úsáide
Do sheantáirge agus do cheallraí a dhiúscairt
Dearadh agus monaraíodh do tháirge le hábhair agus
comhpháirteanna ar ardchaighdeán ar féidir iad a
athchúrsáil agus a athúsáid.
Nuair a bhíonn tá an tsiombail seo d'araid rothaí a
bhfuil cros air ar tháirge, ciallaíonn sé go bhfuil an
táirge clúdaithe ag Treoir Eorpach 2012/19/CE.
Cuir tú féin ar an eolas le do thoil faoin gcóras
bailiúcháin áitiúil ar leith do tháirgí leictreacha agus
leictreonacha.
Cloígh leis na rialacha áitiúla atá i bhfeidhm le do thoil
agus ná diúscair do sheantáirgí le do
ghnáthdhramhaíl tí. Nuair a dhiúscraíonn tú do
sheantáirge i gceart, cabhraíonn sé iarmhairtí a
d'fhéadfadh a bheith díobhálach don chomhshaol
agus do shláinte an duine a chosc.
Tá ceallraí i do tháirge atá san áireamh i dTreoir an
Chomhphobail Eorpaigh 2006/66/EC, nach féidir iad
a dhiúscairt le gnáthdhramhaíl tí.
Cuir tú féin ar an eolas le do thoil faoi rialacha áitiúla
maidir le bailiú ar leith ceallraí mar go gcabhróidh
diúscairt chuí iarmhairtí díobhálacha don chomhshaol
agus do shláinte an duine a chosc.
Dearbhú Comhréireachta na Ríochta
Aontaithe
Dearbhaíonn TP Vision Europe B.V. leis seo go bhfuil
an teilifís seo comhlíontach leis na bunriachtanais
agus le forálacha ábhartha eile na Rialachán um
Threalamh Raidió 2017 agus na Rialachán um Éicea-
Dearadh do Tháirgí atá Bainteach le Fuinneamh agus
Eolas faoi Fhuinneamh (Leasú) (Fágáil an AE) 2019
agus na Rialachán um Úsáid Substaintí Guaiseacha
Áirithe i dTrealamh Leictreach agus Leictreonach a
Shrianadh 2012.
27.2
Cumhacht
Tá sonraíochtaí an táirge faoi réir athraithe gan fógra.
Chun tuilleadh sonraí maidir le sonraíochtaí an táirge
seo a fháil, féach ar www.philips.com/TVsupport
Cumhacht
• Príomhchumhacht: AC 220-240V +/-10%
• Teocht chomhthimpeallach : 5°C go 35°C
• Gnéithe Choigilt Cumhachta : Éicea-mód, Balbhaigh
pictiúr (do raidió), Múch uaineadóir go huathoibríoch,
Roghchlár Éicea-socruithe.
27.3
Córas Oibriúcháin
Android OS :
Android 11
27.4
Glacacht
• Ionchur Aeróige : 75 ohm comhaiseach (IEC75)
• Bandaí tiúnóra : Hyperband, S-Channel, UHF, VHF
• DVB DVB-T2', DVB-C (cábla) QAM
• Athsheinm físeáin analógaigh : SECAM, PAL
• Athsheinm físeáin digitigh : MPEG2 SD/HD (ISO/IEC
13818-2); MPEG4 SD/HD (ISO/IEC 14496-10), HEVC*
• Athsheinm fuaime digití (ISO/IEC 13818-3)
• Ionchur aeróige satailíte : 75 ohm F-type
• Raon minicíochta ionchuir : 950 go 2150MHz
90