operation manual

scothchláir. Bíonn ardleibhéal cosanta ar chóipeáil ag
an cláir seo.
Déan teagmháil le oibritheoir teilifíse digití le
haghaidh tuilleadh eolais maidir le téarmaí agus
coinníollacha.
Cárta Cliste Amháin
Cuireann oibritheoirí teilifíse digití modúl CI+ (Modúl
Rochtana Coinníollaí - CAM) ar fáil, agus cárta cliste a
ghabhann leis, nuair a dhéanann tú suibscríbhinn dá
scothchláir.
Cuir an cárta cliste isteach sa mhodúl CAM. Féach ar
an treoir a fuair tú ón oibritheoir.
Chun an CAM a chur isteach sa teilifís…
1 - Beidh an modh ceart chun an CAM a chur isteach
le feiceáil ar an gCAM. Má chuireann tú isteach
mícheart é, d'fhéadfá damáiste a dhéanamh don
CAM agus don teilifís.
2 - Agus tú ag féachaint ar chúl na teilifíse, agus
aghaidh an CAM i do threo, cuir an CAM isteach go
réidh sa sliotán COMMON INTERFACE.
3 - Brúigh an CAM isteach chomh fada is a rachaidh
sé. Fág sa sliotán go buan é.
Nuair chasann tú air an teilifís, d'fhéadfadh roinnt
nóiméad a bheith i gceist sula ngníomhachtófar an
CAM. Má chuirtear CAM isteach agus má íoctar na
táillí suibscríbhinne (bíonn modhnna suibscríbhinne
éagsúla ann), is féidir leat féachaint ar na cainéil
scrofa a dtacaíonn an cárta cliste CAM leo.
Is do do theilifís amháin an CAM agus an cárta cliste.
Má bhaineann tú an CAM amach, ní bheidh tú in ann
féachaint ar na cainéil scrofa a dtacaíonn CAM leo.
Dhá Chárta Cliste
Is féidir le roinnt oibritheoirí teilifíse digití an dara
modúl CI+ (CAM) agus cárta cliste a chur ar fáil.
Teastaíonn an dara CAM agus cárta cliste nuair atá
uait féachaint ar chainéal amháin agus taifeadadh ar
chainéal eile ón oibritheoir teilifíse céanna.
Más féidir leat féachaint ar an líon céanna cainéal leis
an dá chárta, tá na cearta féachana céanna ag an dá
chárta. Má tá tú in ann féachaint ar níos lú cainéal le
ceann amháin de na cártaí, níl cearta féachana na
gcártaí mar a chéile.
Má tá na cearta féachana céanna ag do chártaí, is
cuma cé acu de na cártaí a chuireann tú sna sliotáin.
Má tá cearta féachana níos mó ag ceann amháin de
na cártaí, cuir an cárta a bhfuil níos mó cearta
féachana aige sa sliotán COMMON INTERFACE 1. Cuir
an cárta a bhfuil níos lú cearta féachana aige sa
sliotán COMMON INTERFACE 2.
Cuir na cártaí cliste isteach sna modúil CAM. Féach ar
an treoir a fuair tú ón oibritheoir.
Chun an CAM a chur isteach sa teilifís…
1 - Beidh an modh ceart chun an CAM a chur isteach
le feiceáil ar an gCAM. Má chuireann tú isteach
mícheart é, d'fhéadfá damáiste a dhéanamh don
CAM agus don teilifís.
2 - Agus tú ag féachaint ar chúl na teilifíse, agus
aghaidh an CAM i do threo, cuir an CAM isteach go
réidh sa sliotán.
3 - Brúigh an CAM isteach chomh fada is a rachaidh
sé. Fág sa sliotán go buan é.
Nuair chasann tú air an teilifís, d'fhéadfadh roinnt
nóiméad a bheith i gceist sula ngníomhachtófar an
CAM. Má chuirtear CAM isteach agus má íoctar na
táillí suibscríbhinne (bíonn modhnna suibscríbhinne
éagsúla ann), is féidir leat féachaint ar na cainéil
scrofa a dtacaíonn an cárta cliste CAM leo.
Is do do theilifís amháin an CAM agus an cárta cliste.
Má bhaineann tú an CAM amach, ní bheidh tú in ann
féachaint ar na cainéil scrofa a dtacaíonn CAM leo.
Pasfhocail nó cóid PIN
Ní mór duit cód PIN a chur isteach i gcás roinnt
CAManna chun féachaint ar a chainéil. Nuair a
shocraíonn tú an cód PIN don CAM, molaimid duit an
cód céanna a úsáid is atá in úsáid agat chun an teilifís
a dhíghlasáil.
Chun an cód PIN a shocrú don CAM…
1 - Brúigh
SOURCES .
2 - Cliceáil ar an gcineál cainéil atá in úsáid agat don
CAM.
3 - Brúigh
OPTIONS agus roghnaigh Comhéadan
Coiteann.
16