operation manual

1 - Brúigh
, roghnaigh Gach socrú agus
brúigh OK.
2 - Roghnaigh Socruithe teilifíse agus
brúigh
(deas) chun an roghchlár a oscailt.
3 - Roghnaigh Socruithe Méarchláir USB , agus
brúigh OK chun tús a chur le suiteáil an mhéarchláir.
Eochracha Speisialta
Méaracha chun téacs a chur isteach
• Eochair iontrála = OK
• Cúlspás = scrios an carachtar roimh an gcursóir
• Méaracha saighde = bogadh laistigh de réimse téacs
• Chun athrú ó leagan amach méarchláir amháin go
ceann eile, má tá leagan amach tánaisteach
socraithe, brúigh na méaracha Ctrl + Spásbharra ag
an am céanna.
Méaracha d'Fheidhmchláir Smart TV agus do
leathanaigh Idirlín
• Táb agus Iomlaoid + Táb = Ar Aghaidh agus Siar
• Baile = scrollaigh go dtí barr an leathanaigh
• Deireadh = scrollaigh go dtí bun an leathanaigh
• Leathanach Suas = téigh leathanach amháin suas
• Leathanach Síos = téigh leathanach amháin síos
• + = zúmáil isteach céim amháin
• - = zúmáil amach céim amháin
• * = cuir an leathanach gréasáin in oiriúint do
leithead an scáileáin.
4.12
Méaróg Chuimhne USB
Is féidir leat féachaint ar ghrianghraif nó do cheol
agus físeáin a sheinnt ó mhéaróg USB nasctha.
Cuir isteach méaróg chuimhne USB i gceann de na
naisc USB ar an teilifís nuair atá an teilifís casta air.
Aimsíonn an teilifís an méaróg USB agus osclaíonn sé
liosta a thaispeánann a bhfuil air.
Mura bhfuil liosta na n-ábhar le feiceáil go
huathoibríoch, brúigh
SOURCES agus
cliceáil USB.
Chun éirí as a bheith ag féachaint ar ábhar ón méaróg
chuimhne USB, brúigh
EXIT nó roghnaigh
gníomhaíocht eile.
Chun an mhéaróg USB a dínascadh, is féidir leat an
mhéaróg USB a tharraingt amach am ar bith.
Ultra HD ar USB
Is féidir leat féachaint ar ghrianghraif i dtaifeach Ultra
HD ó ghléas nasctha USB nó ó mhéaróg chuimhne.
Laghdóidh an teilifís an mhéid go Ultra HD má tá
taifeach an ghrianghraif níos airde.
4.13
Ceamara grianghraif
Chun féachaint ar ghrianghraif atá stóráilte ar do
cheamara grianghraf digiteach, is féidir an ceamara a
nascadh go díreach leis an teilifís.
Úsáid ceann de na naisc USB ar an teilifís chun
nascadh. Cas air an ceamara tar éis duit an nasc a
dhéanamh.
Mura bhfuil liosta na n-ábhar le feiceáil go
huathoibríoch, brúigh
SOURCES agus
cliceáil USB.
Tá an seans ann go mbeidh ort do cheamara a shocrú
chun an t-ábhar atá air a aistriú le PTP (Protacál
Aistrithe Pictiúr). Léigh treoirleabhar úsáideora an
cheamara grianghraf digiteach.
Ultra HD ar USB
Is féidir leat féachaint ar ghrianghraif i dtaifeach Ultra
HD ó ghléas nasctha USB nó ó mhéaróg chuimhne.
Laghdóidh an teilifís an mhéid go Ultra HD má tá
taifeach an ghrianghraif níos airde. Ní féidir leat físeán
Ultra HD dúchasach a sheinnt ar aon cheann de na
naisc USB.
4.14
Camthaifeadán
HDMI
Chun an caighdeán is fearr a fháil, úsáid cábla HDMI
chun an camthaifeadán a nascadh leis an teilifís.
22