operation manual

Bain Liosta Ceanán as
Ní féidir leat ach Liosta Ceanán a bhaint as.
Chun Liosta Ceanán a bhaint as…
1 - Oscail an Liosta Ceanán a bhfuil uait é a bhaint as.
2 - Brúigh
OPTIONS, roghnaigh Bain Liosta
Ceanán as agus brúigh OK.
3 - Dearbhaigh chun an liosta a bhaint as.
4 - Brúigh
BACK chun an liosta cainéal a
dhúnadh.
Ord Cainéal a athrú
Ní féidir leat ord cainéal athrú (athordaigh) ach
amháin i Liosta Ceanán.
Chun an seicheamh cainéal a athrú…
1 - Oscail an Liosta Ceanán a bhfuil uait ord nua a
chur air.
2 - Brúigh
OPTIONS , roghnaigh Cuir Ord Nua ar
Chainéil agus brúighOK.
3 - Sa Liosta Ceanán, roghnaigh an cainéal a bhfuil
uait é a chur in ord nua agus brúigh OK.
4 - Bog an cainéal go dtí an áit atá uait leis na
méaracha
(suas) nó
(síos).
5 - Brúigh OK chun an suíomh nua a dhearbhú.
6 - Is féidir leat ord nua a chur ar chainéil ar an gcaoi
chéanna go dtí go ndúnann tú an Liosta Ceanán leis
an méar
BACK.
8.4
Eolaire Teilifíse
A bhfuil de dhíth ort
Is féidir leat liosta de na cláir reatha agus iad siúd atá
sceidealta ar do chainéil a fheiceáil leis an Eolaire
Teilifíse. Taispeánfar cainéil analógacha agus
dhigiteacha nó cainéil dhigiteacha amháin, ag brath ar
cé as atá eolas (sonraí) an eolaire teilifíse ag teacht. Ní
bhíonn eolas Eolaire Teilifíse ag gach cainéal.
Is féidir leis an teilifís eolas eilifíse a bhailiú do na
cainéil atá suiteáilte ar an teilifís. Ní féidir leis an teilifís
eolas Eolaire Teilifíse a bhailiú do chainéil a
bhféachtar orthu ó ghlacadóir digiteach nó díchódóir.
Sonraí Eolaire Teilifíse
Faigheann an t-eolaire teilifíse eolas (sonraí) ó
chraoltóirí nó ón Idirlíon. D'fhéadfadh eolas eolaire
teilifíse gan a bheith ar fáil i roinnt réigiún agus i gcás
roinnt cainéal. Is féidir leis an teilifís eolas eilifíse a
bhailiú do na cainéil atá suiteáilte ar an teilifís. Ní féidir
leis an teilifís eolas Eolaire Teilifíse a bhailiú do
chainéil a bhféachtar orthu ó ghlacadóir digiteach nó
díchódóir.
Is é an réamhshocrú atá ar an teilifís maidir le heolas
Ón gcraoltóir.
Má thagann eolas Eolaire Teilifíse ón Idirlíon, is féidir
leis an Eolaire Teilifíse cainéil analógacha a liostáil in
aice leis na cainéil dhigiteacha. Taispeánann
roghchlár an Eolaire Teilifíse freisin scáileán beag
taobh istigh den chainéal reatha.
Ón Idirlíon
Má tá an teilifís nasctha leis an Idirlíon, is féidir leat an
teilifís a shocrú chun eolas Eolaire Teilifíse a fháil ón
Idirlíon.
Chun eolas Eolaire Teilifíse a shocrú…
1 - Brúigh
, roghnaigh Gach socrú agus
brúigh OK.
2 - Roghnaigh Socruithe teilifíse agus
brúigh
(deas) chun an roghchlár a oscailt.
3 - Roghnaigh Eolaire teilifíse agus roghnaigh Ón
Idirlíon.
4 - Brúigh
(clé), arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
Taifeadtaí ar iarraidh
Nuair is cosúil go bhfuil roinnt taifeadtaí imithe ón
liosta taifeadtaí, d'fhéadfadh eolas (sonraí) an eolaire
teilifíse a bheith athraithe. Ní bhíonn taifeadtaí a
dhéantar leis an socrú Ón gcraoltóir infheicthe sa
liosta má athraíonn tú an socrú go Ón Idirlíon nó an
bealach eile thart. D'fhéadfadh an teilifís a bheith
athraithe go Ón Idirlíon go huathoibríoch.
Chun na taifeadtaí a chur ar fáil sa liosta taifeadtaí,
athraigh go dtí an socrú a bhí roghnaithe nuair a
rinneadh na taifeadtaí.
An Eolaire Teilifíse a Úsáid
Oscail an Eolaire Teilifíse
Chun an t-eolaire teilifíse a oscailt, brúigh
TV
GUIDE.
Brúigh
TV GUIDE arís chun dúnadh.
Déanann an teilifís scanadh ar gach cainéal teilifíse le
haghaidh eolas cláir an chéad uair a osclaíonn tú an
tEolaire Teilifíse. D'fhéadfadh sé seo roinnt nóiméad a
thógáil. Stóráiltear sonraí Eolaire Teilifíse sa teilifís.
37