operation manual

13
3D
13.1
A bhfuil de dhíth ort
Is teilifís 3D Gníomhach í seo. Is féidir leat féachaint ar
chláir agus ar scannáin 3D ar an teilifís seo i dtaifeach
iomlán Ardghléine.
Féachann tú ar ghrianghraif 3D i dtaifeach Ultra HD
leis an teilifís seo ó nasc USB. Ní féidir leat féachaint
ar 3D ar fhíseán dúchasach Ultra HD.
Chun féachaint ar 3D…
• tiúnáil do chainéal teilifíse a chraolann cláir i 3D
• scannán a thógáil amach ar cíos i 3D ó shiopa físeán
ar líne
• féachaint ar scannán i 3D ó Dhiosca Blu-ray 3D,
gléas USB nó ríomhaire.
Chomh maith leis sin, beidh ceann amháin de na
cineálacha seo spéaclaí Philips 3D Gníomhach ag
teastáil uait chun breathnú ar 3D ar an teilifís seo. . .
• PTA507
• PTA508
• PTA509
• PTA517
• PTA518
• PTA519
• PTA529
Díoltar gach cineál astu féin. D'fhéadfadh sé tarlú
nach mbeidh brandaí spéaclaí 3D gníomhacha eile
tacaithe.
13.2
Spéaclaí 3D
Forbhreathnú
1 -
, On nó Off switch, LED light
2 - Imreoir 1/2, Roghnú Imreoir 1 nó Imreoir 2.
3 - Lionsa glacadóra
4 - Raca na gceallraí
Nuair a dhíphacálann tú na spéaclaí 3D, bain amach
an scragall beag plaisteach ó raca na gceallraí.
Cas Air agus As
Chun na spéaclaí 3D a chasadh air, brúigh
.
Tógfaidh sé roinnt soicind ar na spéaclaí coigeartú
don chomhartha 3D ón tarchuradóir 3D ar an teilifís.
Nuair a úsáidfear den chéad uair iad, d'fhéadfadh
suas le 15 soicind a bheith i gceist.
Leibhéal an Cheallra
Is féidir leat leibhéal an cheallra a sheiceáil nuair a
chasann tú na spéaclaí 3D air.
• Má tá caochaíl uaine ón solas LED, is féidir leat na
spéaclaí a úsáid ar feadh 4 uaire nó níos mó.
• Má tá caochaíl oráiste ón solas LED, is féidir leat na
spéaclaí a úsáid ar feadh 2 uair a a laghad ach níos lú
ná 4 uair.
• Má tá caochaíl dhearg ón solas LED, tá an ceallra
beagnach folamh agus níl fágtha ach níos lú ná 2 uair
féachana.
Cas as
Brúigh
chun na spéaclaí 3D a chasadh as. Beidh 4
caochadh dearg ón solas LED. Nuair nach
bhfaigheann na spéaclaí 3D comharthaí 3D ar feadh 2
nóiméad, casann na spéaclaí iad féin as go
huathoibríoch.
Tarchuradóir 3D
Cinntigh go bhfuil an lionsa glacadóra i lár na spéaclaí
in ann comharthaí 3D a fháil.
Chomh maith leis sin, ná bíodh aon rud in aice leis an
tarchuradóir 3D ar an teilifís.
Cluichíocht, Cluiche Scáileáin Roinnte
Is féidir leat na spéaclaí seo a úsáid chun cluichí
scáileáin roinnte a imirt. Is féidir le beirt imreoirí
féachaint ar an teilifís chéanna ach dhá scáileán
éagsúla a fheiceáil chun cluiche a imirt.
Chun na spéaclaí a athrú le go bhféadfá féachaint ar
scáileán Imreoir 1 nó Imreoir 2, cas air na spéaclaí
agus ansin brúigh an cnaipe Imreoir 1/2.
• Má tá an solas LED oráiste agus é lasta ar feadh 2
soicind, is d'imreoir 1 atá na spéaclaí socraithe.
• Má tá an solas LED oráiste agus é ag caochaíl, is
d'imreoir 2 atá na spéaclaí socraithe.
Chun tuilleadh eolais a fháil, brúigh an eochair
datha
Eochairfhocail agus déan cuardach
do Cluichíocht Scáileáin Roinnte.
46