operation manual

Na ceallraí a athsholáthar
Chun an ceallra a athsholáthar, brúigh an cnaipe beag
ar chlúdach an cheallra agus sleamhnaigh an claibín
aníos chun é a oscailt. Athsholáthar an ceallra: cineál
CR2032 (3V). Bí cinnte go bhfuil an taobh + den
cheallra infheicthe. Cuir an clúdach air arís agus
sleamhnaigh anuas é go dtí go gcliceálann sé.
Rabhadh:
Tá baol pléasctha ann má athsholáthraítear an ceallra
ar bhealach mícheart. Ná hathsholáthar an ceallra ach
amháin leis an gcineál céanna ceallra nó a choibhéis.
Contúirt
• Ná ionghabh an ceallra. Tá baol dó cheimicigh ann.
• Tá ceallra cille atá cosúil le bonn/cnaipe sa táirge
seo. Má shloigtear an ceallra cille seo, tá sé in ann a
bheith ina údar do dhónna diana inmheánacha
laistigh de 2 uair agus d'fhéadfaí bás a fháil.
• Coinnigh ceallraí nua agus úsáidte in áit nach bhfuil
leanaí in ann lámh a leagan orthu.
• Mura ndúnann raca na gceallraí i gceart, éirigh as
úsáid an táirge agus coinnigh amach ó leanaí é.
• Má cheapann tú gur sloigeadh ceallraí nó gur
cuireadh laistigh d'aon chuid den cholainn iad, iarr
cóir leighis láithreach.
13.3
Socruithe 3D
Lascadh Uathoibríoch
Is féidir leat do rogha a shocrú maidir leis an gcaoi 3D
a thosú sa todhchaí an chéad uair a bhraitear
comhartha 3D. Is féidir leat an socrú seo a athrú sa
roghchlár Suiteáil ina dhiaidh sin.
• Chun athrú go 3D go huathoibríoch, roghnaigh
Uathoibríoch.
• Chun fógra a thaispeáint ar dtús, roghnaigh Fógra
amháin.
• Chun nach n-athrófar go 3D go deo, roghnaigh Go
Deo.
Chun an socrú seo a athrú…
1 - Brúigh
, roghnaigh Gach socrú agus
brúigh OK.
2 - Roghnaigh 3D agus brúigh
(deas) chun an
roghchlár a oscailt.
3 - Roghnaigh Athraigh go 3D agus
roghnaigh Uathoibríoch, Fógra Amháin Go Deo.
4 - Brúigh
(clé), arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
3D a stopadh
Chun éirí as féachaint ar 3D...
1 - Brúigh
.
2 - Roghnaigh Formáid 3D > 2D, agus brúigh OK.
Athraítear 3D go 2D nuair a athraíonn tú go cainéal
eile nó go gléas nasctha.
Tiontú 2D go 3D
Is féidir leat féachaint ar 3D i gcónaí le Tiontú 2D go
3D. Cruthaíonn an teilifís 3D go saorga ó chomhartha
2D.
Chun féachaint ar 3D ó chomhartha 2D…
1 - Brúigh
.
2 - Roghnaigh Formáid 3D Format > Tiontú 2D go
3D, ansin brúigh OK.
Chun tiontú 2D go 3D a chasadh as...
1 - Brúigh
.
2 - Roghnaigh Formáid 3D > 2D,ansin brúigh OK.
Formáid 3D
Nuair a athraíonn an teilifís go 3D nó nuair atá fógra ar
taispeáint go bhfuil 3D ar fáil, cuir ort do spéaclaí 3D.
Mura bhfuil an teilifís in ann an comhartha 3D a
bhraith (tá an clib comhartha 3D ar iarraidh),
taispeántar an clár 3D mar íomhá dhúbáilte ar an
scáileán.
Chun an socrú cuí a roghnú chun pictiúr cruinn 3D a
fháil...
1 - Brúigh
.
2 - Roghnaigh Formáid 3D > 3D - Taobh le
Taobh, 3D - Barr/ Bun, 3D - Taobh le Taobh
Inbhéartaithe, nó 3D - Barr/ Bun Inbhéartaithe, ansin
brúigh OK.
13.4
Féachaint 3D is fearr
Chun an t-eispéireas 3D féachana is fearr a fháil,
molaimid duit na nithe seo a leanas a dhéanamh:
• suí ar a laghad achar ón teilifís atá 3 oiread airde
scáileán na teilifíse, ach gan suí níos faide ná 6
méadar uaidh.
• soilsiú fluaraiseach (cosúil le soilsiú TL nó bolgáin
solais áirithe atá tíosach ar fhuinneamh agus a
oibríonn ar mhinicíocht íseal) agus solas díreach na
gréine a sheachaint, mar go bhféadfaidís cur isteach
ar an eispéireas 3D.
47