operation manual

17
Bogearaí
17.1
Nuashonrú Bogearraí
Nuashonraigh ó USB
D'fhéadfadh sé a bheith riachtanach bogearraí na
teilifíse a nuashonrú. Teastaíonn ríomhaire uait le
nasc ardluais don Idirlíon agus méaróg chuimhne USB
chun na bogearraí a uaslódáil ar an teilifís. Úsáid
méaróg chuimhne USB a bhfuil 500MB de spás saor
air. Bí cinnte go bhfuil cosaint ar scríobh casta as.
Chun bogearraí na teilifíse a nuashonrú…
1 - Brúigh
, roghnaigh Gach socrú agus
brúigh OK.
2 - Roghnaigh Nuashonraigh Bogearraí agus
brúigh
(deas).
Aithin an teilifís
1 - Cuir an mhéaróg chuimhne USB isteach i gceann
de na naisc USB ar an teilifís.
2 - Roghnaigh Tosaigh. Scríobhtar comhaid
aitheantais ar an méaróg chuimhne USB.
Íoslódáil na bogearraí
1 - Cuir an mhéaróg chuimhne USB isteach i do
ríomhaire.
2 - Aimsigh an comhad update.htm ar an méaróg
chuimhne USB agus cliceáil faoi dhó air.
3 - Roghnaigh Send ID.
4 - Má tá bogearraí nua ar fáil, íoslódáil an comhad
.zip.
5 - I ndiaidh na híoslódála, dízipeáil an comhad agus
cóipeáil an comhad autorun.upg go dtí an mhéaróg
chuimhne USB. Ná cuir an comhad seo i bhfillteán.
Nuashonraigh bogearraí na teilifíse
1 - Cuir an mhéaróg chuimhne USB isteach sa teilifís
arís. Tosaíonn an nuashonrú go huathoibríoch. Fan le
do thoil. Ná brúigh eochair ar an gcianrialtán agus ná
bain amach an mhéaróg chuimhne USB.
2 - Ag deireadh an nuashonruithe, casann an teilifís
as agus air arís. Taispeánfar an teachtaireacht
Oibríocht rathúil (i mBéarla) ar an scáileán. Is féidir
leat an teilifís a úsáid arís.
Má chliseann ar an gcumhacht i rith an nuashonraithe,
ná bain as an mhéaróg chuimhne USB ón teilifís go
deo. Nuair a thiocfaidh an chumhacht ar ais, leanfaidh
an nuashonrú ar aghaidh.
Scrios an comhad autorun.upg ón méaróg chuimhne
USB chun nuashonrú tionóisceach bhogearraí na
teilifíse a chosc.
Nuashonrú ón Idirlíon
Má tá an teilifís nasctha leis an Idirlíon, d'fhéadfá
teachtaireacht a fháil chun bogearraí na teilifíse a
nuashonrú. Teastaíonn nasc ardluais (leathanbhanda)
leis an Idirlíon. Má fhaigheann tú an teachtaireacht
seo, molaimid go ndéanfá an nuashonrú.
Nuair atá an teachtaireacht ar an scáileán, roghnaigh
Nuashonraigh agus lean na treoracha ar an scáileán.
Nuair atá an nuashonrú déanta, castar an teilifís as
agus air arís go huathoibríoch. Fan go dtí go gcasann
an teilifís í féin air arís.
Chun cuardach a dhéanamh do nuashonrú bogearraí
tú féin…
1 - Brúigh
, roghnaigh Gach socrú agus
brúigh OK.
2 - Roghnaigh Nuashonraigh Bogearraí > Déan
Cuardach do Nuashonruithe agus brúigh OK.
3 - Roghnaigh Idirlíon agus brúigh
(deas). Lean
na treoracha ar an scáileán.
4 - Brúigh
(clé), arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
17.2
Leagan Bogearraí
Chun féachaint ar leagan reatha na mbogearraí
teilifíse…
1 - Brúigh
, roghnaigh Gach socrú agus
brúigh OK.
2 - Roghnaigh Nuashonraigh Bogearraí > Eolas
faoi Bhogearraí Reatha agus brúigh OK.
3 - Féach Leagan:.
4 - Brúigh
(clé), arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
17.3
Bogearraí Foinse Oscailte
Tá bogearraí foinse oscailte sa teilifís seo. Tairgeann
TP Vision Europe B.V. leis seo cóip den chód foinse
comhfhreagrach iomlán do na pacáistí bogearraí
foinse oscailte faoi chóipcheart a úsáidtear sa táirge
seo a sheachadadh, ach iarratas a bheith déanta, sa
chás go bhfuil a leithéid de thairiscint iarrtha ag na
ceadúnais faoi seach.
Tá an tairiscint seo bailí ar feadh tréimhse suas le trí
bliana i ndiaidh an táirgeadh a cheannach do dhuine
ar bith a bhfuil an t-eolas seo acu.
Chun an cód foinse a fháil, scríobh i mBéarla le do
thoil chuig. . .
Intellectual Property Dept.
TP Vision Europe B.V.
78