operation manual

Socraithe d'Fhuaim Amach
Moill ar Fhuaim Amach
Nuair atá Córas Amharclainne Baile (HTS) nasctha leis an teilifís,
ba cheart go mbeadh an pictiúr ar an teilifís agus an fhuaim ón
HTS sioncronaithe.
Sioncronú uathoibríoch fuaime go físe
Bíonn an sioncronú fuaime go físe sioncronaithe go
huathoibríoch leis na Córais Amharclainne Baile is nua ó Philips,
agus bíonn sé i gcónaí ceart.
Moill sionc Fuaime
I gcás roinnt Córas Amharclainne Baile, tá an seans ann go
mbeidh ort an mhoill sionc Fuaime a mhionathrú chun an fhuaim
a shioncronú leis an bhfís. Ardaigh an luach moille ar an gCóras
Amharclainne Baile go dtí go meaitseálann an pictiúr agus an
fhuaim. D'fhéadfadh luach moille de 180ms a bheith ag teastáil.
Léigh treoir úsáideora an Chórais Amharclainne Baile. Beidh ort
an mhoill ar Fhuaim amach ar an teilifís a chasadh as nuair atá
luach moille socraithe ar an gCóras Amharclainne Baile.
Chun an mhoill ar Fhuaim amach a chasadh as . . .
1.
Brúigh
agus roghnaigh
Suiteáil
agus brúigh OK.
2. Roghnaigh
Socruithe teilifíse
>
Fuaim
>
Ardsocruithe
>
Moill
ar Fhuaim Amach
.
3. Roghnaigh
As
agus brúigh
OK
.
4. Brúigh
, arís agus arís eile, más gá, chun an roghchlár a
dhúnadh.
Seach-chur Fuaim Amach
Murar féidir leat moill a shocrú ar an gCóras Amharclainne Baile,
is féidir leat an teilifís a shocrú chun an fhuaim a shioncronú. Is
féidir leat seach-chur a shocrú a dhéanann cúiteamh don mhéid
ama atá ag teastáil ón gCóras Amharclainne Baile chun fuaim
phictiúr na teilifíse a phróiseáil. Is féidir leat an luach a shocrú i
gcéimeanna 1ms. Is 12ms an socrú is airde. Ba cheart an socrú
Moill ar Fhuaim Amach a chasadh air.
Chun an fhuaim ar an teilifís a shioncronú. . .
1. Brúigh
agus roghnaigh
Suiteáil
agus brúigh
OK
.
2. Roghnaigh
Socruithe teilifíse
>
Fuaim
>
Ardsocruithe
>
Seach-chur Fuaim Amach
.
3. Úsáid an barra sleamhnáin chun an seach-chur fuaime a
shocrú agus brúigh
OK
.
4. Brúigh
, arís agus arís eile, más gá, chun an roghchlár a
dhúnadh.
formáid Fuaim Amach
Má tá Córas Amharclainne Baile agat a bhfuil an cumas aige
fuaim ilchainéil a phróiseáil, leithéidí Dolby Digital, DTS® nó a
macasamhail, athraigh an socrú don fhormáid Fuaim Amach go
Ilchainéal. Ligeann an socrú Ilchainéal don teilifís an comhartha
fuaime ilchainéil comhbhrúite a sheoladh ó chainéal teilifíse nó
seinnteoir nasctha go dtí an Córas Amharclainne Baile. Má tá
Córas Amharclainne Baile agat nach bhfuil próiseáil fuaime
ilchainéil aige, roghnaigh Steiréó.
Chun an fhormáid Fuaim Amach a shocrú. . .
1. Brúigh
agus roghnaigh
Suiteáil
agus brúigh
OK
.
2. Roghnaigh
Socruithe teilifíse
>
Fuaim
>
Ardsocruithe
>
Formáid Fuaim Amach
.
3. Roghnaigh
Ilchainéal
Steiréó
.
4. Brúigh
, arís agus arís eile, más gá, chun an roghchlár a
dhúnadh.
Leibhéaladh Fuaime Amach
Úsáid an socrú leibhéaladh Fuaime Amach chun airde fuaime
(treise) na teilifíse agus an Chórais Amharclainne Baile a
leibhéaladh nuair a athraíonn tú ó cheann amháin go ceann eile.
Is féidir le difríochtaí i bpróiseáil fuaime a bheith in n-údar do
dhifríochtaí in airde fuaime.
Chun an difríocht san airde fuaime a leibhéaladh . . .
1. Brúigh
agus roghnaigh
Suiteáil
agus brúigh
OK
.
2. Roghnaigh
Socruithe teilifíse
>
Fuaim
>
Ardsocruithe
>
Leibhéaladh Fuaim Amach
.
3. Má tá difríocht mhór san airde fuaime, roghnaigh
Níos Mó
. Má
tá difríocht bheag san airde fuaime, roghnaigh
Níos Lú
.
Brúigh
, arís agus arís eile, más gá, chun an roghchlár a
dhúnadh.
Baineann leibhéaladh Fuaime Amach le comharthaí fuaime Fuaim
Amach - Optúil agus HDMI ARC araon.
Fadhbanna le fuaim HTS
Fuaim le torann ard
Má fhéachann tú ar fhíseán ó mhéaróg chuimhne USB atá
plugáilte isteach nó ó ríomhaire nasctha, d'fhéadfadh an fhuaim ó
do Chóras Amharclainne Baile a bheith díchumtha.
1. Brúigh
agus roghnaigh
Suiteáil
agus brúigh
OK.
2. Roghnaigh
Socruithe teilifíse
>
Fuaim
>
Ardsocruithe
>
Formáid Fuaim Amach.
Níl aon fhuaim ann
Mura bhfuil tú in ann an fhuaim ó do theilifís a chloisteáil ar do
Chóras Amharclainne Baile, déan seiceáil do na rudaí seo a
leanas . . .
- Seiceáil ar nasc tú an cábla HDMI le nasc
HDMI ARC
ar an
gCóras Amharclainne Baile. Is naisc HDMI ARC gach nasc HDMI
ar an teilifís.
- Seiceáil an bhfuil an socrú
HDMI ARC
ar an teilifís casta
Air
.
Téigh go dtí
>
Suiteáil
>
Socruithe
teilifíse
>
Fuaim
>
Ardsocruithe
>
HDMI1 -ARC
.
10