operation manual

17
Téarmaí Úsáide,
cóipchearta agus
ceadúnais
17.1
Téarmaí Úsáide
2014 © TP Vision Europe B.V. Gach ceart ar cosnamh.
Is é TP Vision Europe B.V., a dtagrófar feasta dó mar TP Vision,
nó ceann dá chuideachtaí cleamhnaithe déantúsóir an táirge seo
a thug an táirge seo chuig an margadh. Is é TP Vision an
barántóir i ndáil leis an teilifís ar tháinig an leabhrán seo in aon
phacáiste léi. Is trádmharcanna cláraithe de chuid Koninklijke
Philips N.V. Philips agus suaitheantas scéithe Philips.
D’fhéadfadh na sonraíochtaí a athrú gan choinne. Is le Koninklijke
Philips N.V. nó a úinéirí faoi seach na trádmharcanna. Tá sé de
cheart ag TP Vision táirgí a athrú am ar bith gan dualgas a bheith
air táirgí atá ar fáil cheana féin a athrú dá réir.
Creidtear go bhfuil an t-ábhar scríofa a tháinig in aon phacáiste
leis an teilifís agus an lámhleabhar atá stóráilte i gcuimhne na
teilifíse nó a íoslódáiltear ó láithreán gréasáin Philips
leordhóthanach don úsáid a bhfuil an córas beartaithe lena
haghaidh.
Creidtear go bhfuil an t-ábhar scríofa atá sa lámhleabhar seo
leordhóthanach don úsáid a bhfuil an córas beartaithe lena
haghaidh. Má úsáidtear an táirge nó na modúil nó nósanna
imeachta faoi leith a ghabhann leis do chúiseanna seachas iad
siúd atá sonraithe anseo, caithfear a mbailíocht agus a n-
oiriúnacht a dheimhniú. Má bhaintear úsáid as an táirge, nó a
mhodúil nó nósanna imeachta indibhidiúla, chun críche cuspóir ar
bith ach amháin iad siúd atá sonraithe leis seo, ní mór dearbhú a
fháil maidir lena mbailíocht agus a n-oiriúnacht. Barántaíonn TP
Vision Europe B.V. nach sáraíonn an t-ábhar é féin aon phaitinn
de chuid Stáit Aontaithe Mheiriceá. Níl aon bharánta eile
intuigthe nó sainráite. Ní bheidh TP Vision Europe B.V. freagrach
as aon earráid in ábhar an doiciméid seo ná as aon fhadhb a
éiríonn mar thoradh ar ábhar an doiciméid seo. Glacfar le
hearraídí a tuairisceofar do Philips agus foilseofar ar láithreán
gréasáin tacaíochta Philips iad a luaithe agus is féidir. Téarmaí
baránta Baol gortuithe, damáiste don teilifís nó neamhniú
baránta! Ná déan iarracht go deo an teilifís seo a athdheisiú tú
féin. Ná húsáid an teilifís agus a comhpháirteanna ach amháin
mar atá beartaithe ag an déantúsóir. Tugann an comhartha
rabhaidh atá priontáilte ar chúl na teilifíse le fios go bhfuil baol
turrainge leictrí ann. Ná bain as clúdach na teilifíse go deo. Déan
teagmháil le Cúram Custaiméirí Philips TV i gcónaí le haghaidh
seirbhíse nó athdheisiúchán. Cuirfear an baránta ar neamhní má
dhéantar aon oibríocht atá toirmiscthe go sainráite sa
treoirleabhar seo, nó aon choigeartú nó nós imeachta cóimeála
nach bhfuil molta nó údaraithe sa treoirleabhar seo. Tréithe
pictéilíní Tá líon ard pictéilíní daite ag an táirge LCD/LED seo.
D’ainneoin go bhfuil pictéilíní éifeachtacha 99.999% nó níos airde
aige, d’fhéadfadh poncanna dubha nó pointí geala solais (dearg,
uaine nó gorm) a bheith le feiceáil ar an scáileán go leanúnach.
Airí struchtúrtha den taispeáint é seo (laistigh de chaighdeáin
choiteanna an tionscail) agus ní mífheidhm é. Comhlíonadh CE
Tá an táirge seo comhlíontach le bunriachtanais agus forálacha
ábhartha eile de Threoracha 2006/95/CE (Voltas Íseal),
2004/108/EC (EMC) agus 2011/65/EU (ROHS). Comhlíonadh le
EMF Déanann agus díolann TP Vision Europe B.V. go leor táirgí
atá dírithe ar thomhaltóirí, a bhfuil an cumas acu, amhail aon
trealamh leictreonach, comharthaí leictreamaighnéadacha a astú
agus a fháil. Ceann de phríomhPhrionsabail Ghnó Philips glacadh
le gach beart atá riachtanach do shláinte agus sábháilteacht dár
dtáirgí, chun comhlíonadh le gach riachtanas dlíthiúil
infheidhmithe agus fanacht laistigh go maith de na caighdeáin do
Réimse Leitreamaighnéadach (EMF) atá infheidhmithe ag an am
ar táirgeadh na táirgí. Tá Philips tiomanta táirgí a fhorbairt, a
tháirgeadh agus a thabhairt chun an margadh nach mbaineann
aon droch-éifeacht sláinte leo. Dearbhaíonn TP Vision go bhfuil a
dtáirgí sábháilte le haghaidh a n-úsáide de réir na fianaise
eolaíche atá ar fáil inniu, a fhad is a láimhsítear a tháirgí i gceart
agus don úsáid atá beartaithe dóibh. Glacann Philips le ról
gníomhach i bhforbairt caighdeán idirnáisiúnta EMF agus
sábháilteachta, rud a chuireann ar chumas Philips tuilleadh
forbairtí i gcaighdeánú a ionchasú le haghaidh a gcomhtháite ina
chuid táirgí.
17.2
Cóipchearta agus ceadúnais
HDMI
HDMI®
Is trádmharcanna nó trádmharcanna cláraithe de HDMI Licensing
LLC iad na téarmaí HDMI agus HDMI High-Definition
Multimedia Interface, agus lógó HDMI Logo i Stáit Aontaithe
Mheiriceá agus i dtíortha eile.
Dolby
Dolby®
Monaraíodh faoi cheadúnas ó Dolby Laboratories. Is
trádmharcanna iad Dolby agus an tsiombail D-dúbáilte de Dolby
Laboratories.
70