operation manual

GA
11
Gaeilge
13. LIST: Tar ar an liosta cainéal teilifíse.
14. EXIT: Imigh as roghchláir nó as
feidhmeanna teilifíse.
15. INFO: Taispeáin eolas mar gheall ar
ghníomhaíocht reatha.
16. OPTIONS: Tar ar na roghanna atá ar
il, agus ar na roghchláir pictiúir agus fuaime.
17. (Siar): Chun filleadh ar an leathanach
roghchláir roimhe nó éalú as feidhm theilifíse.
18. CH - / CH +: Athraigh cainéal.
19. +/- (Airde): Ceartaigh an airde.
20. (Gan fuaim): Cealaigh an fhuaim nó
cuir ann í.
21. Cnaipí datha: Roghnaigh tascanna nó
roghanna.
22. SUBTITLE: Cumasaigh nó díchumasaigh
fotheidil.
23. 0-9 (Cnaipí uimhriúla): Roghnaigh cainéil
teilifíse nó cuir isteach téacs.
24. TEXT: Cumasaigh nó díchumasaigh
teilithéacs.
Rialuithe EasyLink
Má cheanglaíonn tú do theilifíseán de
ghléasanna cumasaithe HDMI-CEC, ar nós
seinnteoir Blu-ray nó amharclann bhaile,
beidh tú ábalta iad a rialú ag an am céanna le
cianrialtán amháin. Ní gá ach EasyLink a chur
ann tar éis ceangal.
Léigh tuilleadh mar gheall ar Easylink i Ceangail
do theilifís > Cumraigh gléasanna Easylink >
Rialaigh gléasanna (Lch 58).
Cianrialú scáileáin
Slí eile le gléasanna cumasaithe ceangailte
HDMI-CEC a rialú ná trí chnaipí eile a
gheofar ar an gcianrialú scáileáin. Bí cinnte go
gcuirtear EasyLink ann tar éis ceangal. Léigh
tuilleadh mar gheall ar Easylink i Ceangail do
theilifís > Cumraigh gléasanna Easylink >
Rialaigh gléasanna (Lch 58).
Chun teacht ar an gcianrialú scáileáin
1. Agus tú ag féachaint ar ghléas ceangailte,
brúigh OPTIONS.
2. Roghnaigh [Taispeáin cianrialú], ansin
brúigh OK.
3. Roghnaigh cnaipe ar an scáileán, ansin
brúigh OK.
Rialú le fón cliste
Leis an bhfeidhmchlár fón cliste 'Philips
MyRemote', is féidir an fón cliste a úsáid mar
an dara cianrialtán, agus fiú mar mhéarchlár.
Is féidir féachaint ar sheó scannán d'íomhánna
i d'fhón cliste ar an teilifís.
Nóta: Bí cinnte go mbíonn an teilifís agus an
fón cliste ceangailte den líonra áitiúil céanna.
Gheofar tuilleadh eolais ar Ceangail do theilifís >
Ceangail de líonra agus den Idirlíon (Lch 59).
Lean na treoracha chun an
feidhmchlárPhilips MyRemote' a íoslódáil:
1. Téigh chuig Siopa Apple App nó Google
Play chun an feidhmchlár 'Philips MyRemote'
a íoslódáil ar d'fhón cliste.
2. Lean na treoracha a gheofar sa siopa
feidhmchlár.