operation manual

GA
12
Féach ar teilifís
Cuir an teilifís ann nó as
Cuir an teilifís ann
Ceangail an teilifíseán den asraon
príomhchumhachta agus cuir an
phríomhchumhacht ann.
Mura bhfuil an teilifíseán curtha ann,
fanfaidh an LED fuireachais as. Brúigh
ar an teilifíseán.
Má tá an LED fuireachais lasta, brúigh
ar an gcianrialtán.
Nóta: Beidh moill bheag ann sula
bhfreagraíonn an teilifíseán.
Leid: Más mian leat an teilifís a chur ann ó
fhuireachas ach ní féidir leat teacht ar an
gcianrialtán, brúigh cnaipe ar bith ar an
teilifíseán.
Cuir an teilifíseán ar fuireachas
Brúigh ar an gcianrialtán.
Athraíonn an LED fuireachais ar an teilifíseán
go dearg.
Cuir an teilifís as
Brúigh ar an teilifíseán.
Múchann an LED fuireachais.
Nóta: Cé gur beag fuinneamh a ídíonn an
teilifíseán agus é ar fuireachas nó as,
úsáideann sé fuinneamh éigin. Mura bhfuil i
gceist agat an teilifíseán a úsáid go ceann
tamaill fhada, dícheangal é den phlocóid
phríomhchumhachta.
Uathmhúchadh
Is féidir fuinneamh a spáráil le socruithe osach
ar fhuinneamh an teilifíseáin seo, socruithe
atá cumasaithe de réir réamhshocrú. Mura
ndéanann úsáideoir gníomh (ar nós cnaipe
cianrialtáin nó rialú ar an teilifíseán a bhrú) ar
feadh ceithre huaire an chloig, rachaidh an
teilifíseán ar fuireachas sa ghnáthchúrsa.
Chun múchadh uathoibríoch a dhíchumasú
1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh an
Cnaipe glas ar an gcianrialtán.
2. Roghnaigh [Uathmchadh], ansin brúigh OK.
3. Déan rogha leis na Cnaipí nascleanúna,
ansin brúigh OK.
Ceartaigh an airde
Méadaigh nó laghdaigh airde an teilifíseáin
Brúigh +/- ar an gcianrialtán.
Brúigh +/- ar an teilifíseán.
Cealaigh fuaim an teilifíseáin nó athchuir í
Brúigh ar an gcianrialtán chun an
airde a chealú.
Brúigh arís chun an fhuaim a athchur.
Ceartaigh airde na gcluasán
1. Brúigh .
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe
teilifíse] > [Fuaim] > [Airde na gcluasán],
ansin brúigh OK.
3. Roghnaigh leibhéal.