operation manual

GA
19
Gaeilge
Seinn comhaid ón ríomhaire
An méid a bheidh uait
Líonra baile sreangtha nó gan sreang,
agus é ceangailte de ródaire uilíoch Plug
and Play (uPnP).
Roghnach: Cábla LAN a cheanglaíonn
do theilifíseán den líonra baile.
Freastalaí meán ag rith ar do ríomhaire.
Socruithe cuí ar bhalla tine do ríomhaire
chun gur féidir leat an freastalaí meán a
rith.
Cumraigh an líonra
1. Ceangail do theilifíseán agus an ríomhaire
den líonra baile céanna. Féach Ceangail do
theilifíseán > Ceangail de líonra agus den
Idirlíon (Lch 59).
2. Cas do ríomhaire agus an ródaire air.
Nóta:
Mura bhfilleann an gléas ar mhód DLNA toisc
cur isteach leictreach ó lasmuigh (m.sh. díluchtú
leictreastatach), beidh gá le hidirghabháil ón
úsáideoir.
Cumraigh comhroinnt meán
1. Suiteáil freastalaí meán ar do ríomhaire
chun comhaid meán a chomhroinnt. Seo a
leanas roinnt freastalaithe meán:
Le haghaidh PC: Windows Media
Player 11 (nó níos airde) nó TVersity
Le haghaidh Mac: Twonky
2. Cuir comhroinnt meán air ar do ríomhaire
leis an bhfreastalaí meán. Gheobhaidh tú
tuilleadh eolais ar conas freastalaí meán a
chumrú ach dul chuig suíomh Gréasáin an
fhreastalaí mheán.
Seinn comhaid
1. Brúigh SOURCE.
2. Roghnaigh [Brabhil líonra], ansin
brúigh OK.
3. Roghnaigh comhad ón mbrabhsál
inneachair, ansin brúigh OK chun an tseinm
a thosú.
4. Bigh na Cnaipí seanma chun an
tseinm a rialú.
5. Roghnach: Chun freastalaí meán eile a
roghnú, roghnaigh [Freastalaí meán].
Leideanna:
Roghnaigh an barra uachtarach chun do
chomhaid a scagadh de réir cineáil.
Roghnaigh [Sórtáil] chun na comhaid a
shocrú de réir ainm an albaim, de réir
ealaíontóra nó de réir réimsí eile.
Chun liosta na bhfreastalaithe meán as
ne a ghlanadh, brúigh OPTIONS
[Glan freastalaithe as líne] agus brúigh OK.
Seinn comhaid ó ghléas USB
Má tá grianghraif, físeáin nó comhaid cheoil
agat ar ghléas stórála USB, is féidir na comhaid
a sheinm ar teilifís.
Rabhadh:
Ní bheidh TP Vision freagrach mura
dtacaítear leis an ngléas stórála USB, nó
má chailltear sonraí sa ghléas, nó má
dhéantar damáiste dó.
Ná déan an port USB a ró-ualú. Má
cheanglaíonn tú gléas stórála USB a
ídíonn breis is 500mA cumhachta, bí
cinnte go mbíonn sé ceangailte dá
sholáthar cumhachta seachtrach féin.
Brabhsáil gléas USB
1. Ceangail an gléas USB den nascóir USB ar
an teilifíseán.
2. Brúigh SOURCE, roghnaigh [USB],
agus ansin brúigh OK.
3. Roghnaigh comhad ón mbrabhlaí
inneachair, ansin brúigh OK chun an
tseinm a thosú.
4. Bigh na Cnaipí seanma chun an
tseinm a rialú.
5. Roghnach: Chun gléas USB eile a
rogh, roghnaithe [gléas USB] ag bun
sileán na teilise.
Leideanna:
Roghnaigh an barra uachtarach chun do
chomhaid a scagadh de réir cineáil.
Roghnaigh [Sórtáil] chun na comhaid a
shocrú de réir ainm, de réir dáta, nó de
réir réimse eile.
Roghanna seanma
Féach ar fhíseán
1. Roghnaigh sa bharra uachtarach.
2. Roghnaigh físeán, ansin brúigh OK.
3. Roghnach: Chun gach físeán i bhfillteán a
sheinm, roghnaigh físeán, ansin roghnaigh
[Seinn gach ceann].