operation manual

GA
23
Gaeilge
Roghanna Smart TV
Glan cuimhne Smart TV
Is féidir cuimhne Smart TV a ghlanadh ina
hiomláine, lena nirítear do cheanáin, cód
rialaithe tuismitheora, pasfhocail, fianáin, agus stair.
Rabhadh: Athshocraíonn an rogha seo cuimhne
Smart TV ina iomláine. Scriosann sé, leis,
socruithe na bhfeidhmchlár idirghníomhach eile
ar nós DTVi (Teilifís dhigiteach idirghníomhach).
1. Brúigh .
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe
líonra].
3. Roghnaigh [Glan cuimhne Idirlín], ansin
brúigh OK.
Faigh físeáin ar líne ar cíos
An méid a bheidh uait
cinnte go bhfuil do theilifíseán ceangailte den
Idirlíon trí cheangal ardluais leathanbhanda.
Féach Ceangail do theilifíseán > Ceangail de
líonra agus den Idirlíon (Lch 59).
Tar ar shiopa físeán
1. Brúigh SMART TV.
2. Tar ar [Gailearaí Feidhmchlár] chun
feidhmchláir siopa físeán atá ar fáil i do thír a
chuardach.
3. Roghnaigh siopa, ansin brúigh OK mar
dheimhniú.
Cuirtear íocón an tsiopa fhíseán leis an
leathanach baile.
4. Chun teacht ar shiopa, roghnaigh íocón an
tsiopa agus brúigh OK.
Faigh físeán ar cíos
Lean na treoracha ar an scáileán chun físeán
a íoslódáil agus féachaint air.
1. Oscail feidhmchlár siopa físeán.
D'fhéadfadh sé go gcaithfeá clárú nó do
sonraí logála isteach a chur isteach.
2. Roghnaigh físeán.
3. Déan an íocaíocht ar líne.
4. Tosaigh ag féachaint ar an bhfíseán.
Teilifís idirghníomhach
An méid is féidir leat a dhéanamh
Le teilifís idirghníomhach, is féidir leat
féachaint ar eolas breise agus ar leathanaigh
shiamsaíochta a sholáthraíonn craoltóirí
teilifíse digití. Bain taitneamh as
idirghníomhaíocht i bhfírinne trí fhreagairt go
díreach don inneachar digiteach.
Nóta: Ní féidir an ghné seo a úsáid chun
comhaid a íoslódáil ar do theilifís.
Baineann craoltóirí úsáid as córais éagsúla
teilifíse idirghníomhaí, ar nós:
HbbTV (Hybrid Broadcast Broadband
TV/Teilifís Hibrideach Leathanbhanda
Craolta)
iTV (Teilifís Idirghníomhach - MHEG)
MHP (Multimedia Home
Platform/Ardán Ilmheán Baile)
DTVi (Digital TV interactive/Teilifís
Dhigiteach Idirghníomhach)
Téigh chuig suíomh Gréasáin an chraoltóra
chun fáil amach cén córas idirghníomhach atá
ar fáil i do thír féin.
Seo cuid de na gníomhochtaí idirghníomhacha
a bheidh ar fáil duit le sult a bhaint astu:
Féachaint ar eolas mar gheall ar chláir
theilifíse
Dul isteach i quiz nó i gcomórtas
Cluichí a imirt
Siopadóireacht a dhéanamh ar líne
Íoc as clár VOD (físeán ar éileamh)
Vótáil
Comhrá a dhéanamh
An méid a bheidh uait
Seo na rudaí a bheidh uait chun sult a bhaint
as an tseirbhís seo:
Cainéil dhigiteacha a bhfuil seirbhísí
idirghníomhacha acu
Líonra baile sreangtha nó gan sreang,
agus é ceangailte trí ródaire uilíoch Plug
and Play (uPnP).
Chun ceangal de líonra, féach Ceangail do
theilifíseán > Ceangail de líonra agus den
Idirlíon (Lch 59).