operation manual

GA
25
Gaeilge
3 Do theilifíseán:
gnéithe eile a
d'fhéadfá a úsáid
Pause TV
An méid is féidir leat a dhéanamh
Agus tú ag féachaint ar chainéal digiteach, is
féidir clár a chur ar sos chun glao gutháin a
fhreagairt nó sos a thógáil. Déantar an
craoladh a stóráil ar thiomántán USB atá
ceangailte den teilifíseán. Is féidir an clár a
atosú ón áit sin uair ar bith.
Nóta:
Is féidir clár a chur ar sos go ceann 90
nóiméad ar a mhéad.
An méid a bheidh uait
Tiúnáil do theilifíseán chun cainéil
dhigiteacha a fháil. Féach Athraigh do
shocruithe teilifíse > Cainéil > Suiteáil
uathoibríoch (Lch 38).
Ceangail tiománn diosca crua
comhoiriúnach USB 2.0, 4 GB ar a laghad,
a bhfuil 30 meigighion ar a laghad de
luas aistrithe sa soicind aige. Don
fheidhmíocht is fearr, úsáid tiontán crua
a bhfuil 32 GB de spás diosca aige.
Suiteáil tiomántán crua USB
Chun teilifís a chur ar sos, ní mór tiomántán
crua USB a cheangal den teilifíseán agus é a
fhormáidiú.
Mura n-aithníonn an teilifíseán an tiomántán
crua USB, formáidigh é go córas NTFS nó
FAT32 ar PC, agus bain triail eile as.
Rabhadh:
Ní bheidh TP Vision freagrach mura
dtacaítear leis an tiomántán crua USB,
nó má chailltear sonraí sa ghléas, nó má
dhéantar damáiste dó.
Baineann formáidiú gach sonra den
tiomántán crua USB ceangailte.
Déanfar an tiomántán crua USB a
fhormáidiú go heisiatach don teilifíseán
seo. Bíodh sé ceangailte den teilifíseán
an t-am ar fad. Ní féidir teacht ar
inneachar an tiomántáin chrua USB ó
theilifíseán eile ná ó PC.
Ná déan an port USB a ró-ualú. Má
cheanglaíonn tú tiomántán crua USB a
ídíonn breis is 500mA cumhachta, bí
cinnte go mbíonn sé ceangailte dá
sholáthar cumhachta seachtrach féin.
Nóta:
Bí cinnte go bhfuil an teilifíseán agus an
tiomántán crua USB curtha as.
Agus an tiomántán crua USB á
fhormáidiú agat, ná ceangail aon ghléas
USB eile den teilifíseán.
1. Ceangail an tiomántán crua USB go díreach
den teilifíseán, nó má tá i gceist agat gléasanna
USB eile a cheangal sa todhchaí, ceangail an
tiomántán crua USB trí mhol USB.
2. Cuir an teiliseán agus an tionn crua USB
air, foinse sheachtrach cumhachta aige.
3. Athraigh go cainéal teilifíse digiteach.
4. Brúigh chun formáidiú an tiomántáin
crua USB a thosú.
5. Lean na treoracha ar scáileán chun an
formáidiú a chríochnú.
Rabhadh: D'fhéadfadh an formáidiú tamall a
thógáil. Ná cuir an teilifíseán as agus ná
dícheangal an tiomántán crua USB go dtí go
mbeidh an formáidiú críochnaithe.