operation manual

GA
31
Gaeilge
Roghanna físghlao
Le linn físghlao, brúigh OPTIONS chun
dul chuig na roghanna seo a leanas:
[Amharc iomlán]: Féach do
theagmhálaí in amharc scáileán iomlán.
[Ceap diailithe]: Téigh chuig an gceap
diailithe.
[Ar feitheamh]: Cuir an glao ar
feitheamh. Scoirfear den amharc iomlán.
[Gan fuaim]: Ná bíodh fuaim ón mhicreafón.
[Stop M'Fhíseán]: Cuir stop leis an
bhfotha se go dtí scáileán do theagmhála.
Glao ar fón
Le Skype, is féidir glaoch ar línte talún agus ar
fhóin phóca.
Nóta:
Ní féidir glao éigeandála a dhéanamh le
Skype. Ní féidir le Skype áit do theileafóin a
ghabháil agus ní féidir glaonna éigeandála a
dhéanamh leis.
Sular féidir leat glao a dhéanamh, ní mór
Creidmheas Skype a cheannach nó síntiús
Skype a cheannach ar do ríomhaire. Gheofar
tuilleadh eolais ar Do theilifíseán: gnéithe
eile a d'fhéadfá a úsáid > Úsáid Skype >
Socruithe Skype. (Lch 32)
1. I roghchlár Skype, roghnaigh [Línte talún],
ansin brúigh OK.
2. Roghnaigh [Pillín diailithe] chun an pillín
diailithe scáileáin a fháil nó cuir isteach an
uimhir theileafóin leis na Cnaipí uimhriúla.
3. Ina dhiaidh sin, roghnaigh [Glaoigh], ansin
brúigh OK chun an glao a thosú.
4. Roghnach: Chun nach mbeidh fuaim ón
micreafón le linn an ghlao, brúigh
OPTIONS, ansin brúigh [Gan fuaim].
5. Chun deireadh a chur leis an nglao,
roghnaigh [Críochnaigh an glao], ansin
brúigh OK.
Glao a fhreagairt
Má tá tú sínithe isteach i Skype, feicfidh tú
teachtaireacht ar an scáileán má thagann glao
isteach agus tú ag féachaint ar teilifís.
1. Feiceann tú ainm an ghlaoiteora sa
teachtaireacht. Roghnaigh [Freagair], ansin
brúigh OK.
Chun an físeán a chumasú, roghnaigh
[Freagair le físeán], ansin brúigh OK.
2. Chun diúltú dó, roghnaigh [Diúltaigh],
ansin brúigh OK.
Nóta:
Má ghlacann glao fad a bhíonn an teiliseán ar
sos nó cr teilise á thaifeadadh, fad a bhíonn
tú ag féachaint ar scannán ar os, brisfidh Skype
isteach sa ghomhocht leanúnach.
Scoirtear de chlár teilifíse atá ar sos agus
cailltear an méid atá stóráilte.
Scoirtear de chlár teilifíse a thaifeadadh.
Beidh ort an taifeadadh a atosú ag
deireadh an ghlao.
Scoirtear de scannán ar cíos a sheinm.
Chun an scannán ar cíos a atosú, beidh
ort dul ar ais go dtí an siopa físeán nó
chuig an tseirbhís chraolacháin. Tá siopaí
agus seirbhísí físeáin ann nach ligeann
duit scannán a atosú.
Bainistigh glórphoist
Má ghlaonn duine ort ar Skype agus tú as
líne, is féidir leo glórtheachtaireacht a fhágáil i
do ghlórphost Skype.
Ní mór duit glórphost a ghníomhachtú i do
chuntas Skype sular féidir glórphost a fháil
ar do ríomhaire amháin a dhéantar sin.
Seinn glórphost
1. I roghchlár Skype, roghnaigh [Stair] agus
brúigh OK.
2. Roghnaigh [Glórphost], ansin brúigh OK.
3. Roghnaigh an glórphost, ansin brúigh OK
chun é a sheinm.
Glan glórphoist
1. Roghnaigh an glórphost ón liosta agus
brúigh OPTIONS.
2. Roghnaigh [Scrios glórphost], ansin brúigh OK.