operation manual

GA
34
Cuardaigh
Is féidir focal nó uimhir atá ar an leathanach
reatha teilithéacs a chuardach.
1. Agus tú ag féachaint ar theilithéacs, brúigh
OK chun an chéad fhocal nó an chéad
uimhir a aibhsiú.
2. Brúigh na Cnaipí nascleanúna chun dul go
dtí an focal nó an uimhir atá á chuardach.
3. Brúigh OK chun an cuardach a thosú.
4. Chun an cuardach a chríochnú, brúigh
go dtí nach mbíonn aon fhocal ná aon uimhir
aibhsithe.
Teilithéacs digiteach
Má thairgeann cainéal teilifíse digití téacs
digiteach tiomnaithe nó seirbhísí
idirghníomhacha, is féidir féachaint ar
theilithéacs digiteach. D'fhéadfadh teilithéacs
digiteach agus breis gnéithe idirghníomhacha
a bheith ag cainéil ar nós BBC1.
Nóta: Déantar seirbhísí téacs digitigh a
bhlocáil nuair a bhíonn fotheidil á gcraoladh
agus nuair a bhíonn siad curtha ann. Féach
Athraigh do shocruithe teilifíse > Socruithe
teanga > Fotheidil ar chainéil dhigiteacha
(Lch 42).
Agus tú i dteilithéacs digiteach:
Brúigh na Cnaipí nascleanúna chun
míreanna a roghnú nó a aibhsiú.
Brúigh na Cnaipí datha chun rogha a
roghnú, ansin brúigh OK chun é a
dheimhniú nó a ghníomhachtú.
Socraigh glais agus amadóirí
Clog
Is féidir clog a thaispeáint ar an teilifíseán.
Taispeánann an clog an t-am a chraolann
d'oibreoir seirbhíse teilifíse.
Taispeáin an clog teilifíse
1. Ag tú ag féachaint ar theilifíse, brúigh
OPTIONS.
2. Roghnaigh [Clog], ansin brúigh OK.
Taispeántar an clog sa chúinne ar bharr an
scáileáin, ar thaobh na láimhe deise.
Athraigh mód an chloig
Is feidir mód an chloig a athrú go mód
uathoibríoch nó go mód láimhe. Is é mód
uathoibríoch an réamhshocrú, agus
sioncronaítear é sa ghnáthchúrsa go hAm
Uilíoch Comhordaithe (UTC). Murar féidir le
do theilifíseán craoltaí UTC a ghlacadh,
athraigh mód an chloig go [Mód Láimhe].
1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh .
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe
teilifíse] > [Socruithe ginearálta].
3. Roghnaigh [Clog] > [Uathmhód cloig].
4. Roghnaigh [Uathoibríoch], [Láimhe]
[Ag brath ar an tír], ansin brúigh OK.
Athraigh an crios ama
I dtíortha ina bhfuil sonraí craolta cloig ann
maidir leo, is féidir an crios ama a athrú ach
[Uathmhód cloig] > [Uathoibríoch][Ag
brath ar an tír] a roghnú.
1. Sa roghchlár [Clog], roghnaigh [Crios ama].
2. Roghnaigh do chrios ama, ansin brúigh OK.
Socraigh am spárála sholas an lae
I dortha ina bhfuil sonraí craolta cloig ann maidir
leo, is féidir am spála sholas an lae a chumasú
nó a dhíchuma ach [Uathmd cloig] >
[Uathoibríoch] nó [Ag brath ar an r] a roghnú.
1. Sa roghchlár [Clog], roghnaigh [Am
spárála sholas an lae].
2. Roghnaigh [Am caighdeánach][Am
spárála sholas an lae], ansin brúigh OK.
Socraigh an clog de láimh
Is féidir an dáta agus an t-am a shocrú de
láimh. Sula dtosaíonn tú, socraigh mód an
chloig go [Láimhe].
1. Sa roghchlár [Clog], roghnaigh [Dáta]
[Am], ansin brúigh OK.
2. Socraigh an t-am nó an dáta leis na Cnaipí
nascleanúna.
3. Roghnaigh [Déanta], ansin brúigh OK.
Amadóir codlata
Is féidir an teilifíseán a chur ar fuireachas tar
éis tréimhse ama ar leith. Le linn an tréimhse
sin, is féidir an teilifíseán a mhúchadh níos
luaithe nó an t-amadóir codlata a athshocrú.