operation manual

GA
39
Gaeilge
3. Roghnaigh [Digiteach: Triail ghlacachta] >
[Cuardaigh cainéal], ansin brúigh OK.
4. Brúigh na Cnaipí uimhriúla chun
minicíocht an chainéil a chur isteach.
5. Roghnaigh [Cuardaigh], ansin brúigh OK.
6. Nuair a aimsítear an cainéal, roghnaigh
[Stóráil], ansin brúigh OK.
Mioncheartaigh cainéil analógacha
Mura bhfuil glacadh an chainéil teilifíse
analógaí go maith, is féidir an cainéil teilifíse a
mhioncheartú.
1. Brúigh .
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe
cainéil] > [Suiteáil cainéil].
3. Roghnaigh [Analógach: Suiteáil láimhe] >
[Mioncheartaigh], ansin brúigh OK.
4. Brúigh chun an cainéal a
mhioncheartú.
5. Tar éis an mhinicíocht cheart a roghnú,
roghnaigh [Déanta], ansin brúigh OK.
6. Roghnaigh rogha, ansin brúigh OK.
[Stóráil an cainéal seo]: Stóráil an
cainéal faoin uimhir reatha cainéil.
[Stóráil mar chainéal nua]: Stóráil an
cainéal faoi uimhir nua cainéil.
Tabhair an liosta cainéal chun dáta
Nuair a cuireadh an teilifíseán ann den chéad
uair, suiteáladh na cainéil ar fad. Tá sé
réamhshocraithe go ndéanfadh an teilifíseán
athruithe ar an liosta cainéal seo a thabhairt
chun dáta sa ghnáthchúrsa. Is féidir an
nuashonrú uathoibríoch a chur as, nó na
cainéil a thabhairt chun dáta de láimh.
Nóta: Má iarrtar ort cód a chur isteach, cuir
isteach '8888'.
Nuashonrú uathoibríoch
Chun cainéil dhigiteacha a chur leis nó a
bhaint go huathoibríoch, fág an teilifíseán ar
fuireachas. Déanann an teilifíseán cainéil a
nuashonrú agus cainéil nua a stóráil gach lá.
Baintear cainéil fholmha den liosta cainéal.
ch an teachtaireacht faoi nuashonrú cainéil
Má thugtar cainéal chun dáta, taispeántar
teachtaireacht ag an tosú. Is féidir an
teachtaireacht seo a mhúchadh.
1. Brúigh .
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe
cainéil] [Socruithe satailíte].
3. Roghnaigh [Suiteáil cainéal] >
[Teachtaireacht faoi nuashonrú cainéil].
4. Roghnaigh [As], ansin brúigh OK.
Múch nuashonruithe uathoibríocha
Sa roghchlár [Suiteáil cainéal], roghnaigh
[Uath-nuashonraigh cainéal] > [As].
Tabhair cainéil chun dáta de láimh
1. Brúigh .
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Cuardaigh
cainéal] > [Nuashonraigh cainéal], ansin
brúigh OK.
3. Lean na treoracha ar an scáileán chun na
cainéil a thabhairt chun dáta.
Cóipeáil cainéil
AIRD: Gné í seo atá ceaptha do
dhéileálaithe agus do phearsanra seirbhíse.
Is féidir liostaí cainéal a chóipeáil ó theilifíseán
Philips amháin go ceann eile trí ghléas stórála
USB. Ní gá cainéil a chuardach nó iad a
athshuiteáil ar an dara teilifíseán. Tá comhad
an liosta cainéal beag a dhóthain le cur ar
ghléas stórála USB ar bith.
An méid a bheidh uait
Dhá cheann de theilifíseáin Philips a bhfuil na
rudaí seo a leanas acu:
An socrú céanna tíre
An raon bliana céanna
An cineál DVB céanna, mar a
thaispeántar leis an réimír (H, K, T, D/00)
in ainm an mhúnla
Na socruithe céanna do chainéil
satailíte, lena n-áirítear líon na satailítí
LNB.
Na cineálacha crua-earraí céanna, mar a
thaispeántar sa ghreamán ar chúl an
teilifíseáin. Mar shampla: TPM10.1E LA.
Leaganacha bogearraí comhoiriúnacha
Nóta: Má iarrtar ort cód a chur isteach, cuir
isteach '8888'.