operation manual
GA
4
Riosca gortaithe do leanaí!
Déan na réamhchúraimí seo ionas nach dtitfidh
an teilifíseán, rud a d'fhéadfadh gortú a
dhéanamh do leanbh:
Ná cuir an teilifíseán riamh ar dhromchla
ar a bhfuil éadach nó ábhar eile a
d'fhéadfaí a tharraingt.
Bí cinnte nach mbíonn aon chuid den
teilifíseán ag gobadh amach ón dromchla.
Ná cuir teilifíseán riamh ar mhír ard
troscáin, ar nós leabhragáin, gan an mhír
troscáin agus an teilifís araon a dhaingniú
den bhall nó de thaca oiriúnach.
Cuir leanaí ar an eolas mar gheall ar a
dhainséaraí atá sé dreapadh suas ar
throscán chun an teilifíseán a shroichint.
Riosca cadhnraí a shlogadh siar!
D'fhéadfadh cadhnra atá cosúil le bonn
airgid a bheith sa táirge/sa chianrialtán,
rud a d'fhéadfaí a shlogadh siar. Ná lig do
leanaí lámh a chur ar an gcadhnra riamh!
Riosca róthéimh!
Ná suiteáil an teilifíseán i spás cúng riamh.
Bí cinnte i gcónaí go mbíonn 4 orlach
nó 10 cm timpeall ar an teilifíseán le
haghaidh aerú. Bí cinnte nach mbíonn
slotaí aeraithe an teilifíseáin clúdaithe
riamh ag cuirtíní ná ag aon rud eile.
Riosca gortaithe, dóiteáin nó damáiste den
chorda cumhachta!
Ná cuir an teilifíseán ná aon rud eile
anuas ar an gcorda cumhachta.
Dícheangal an teilifíseán den asraon
cumhachta agus den aeróg roimh stoirm
thintrí. Ná cuir lámh ar aon chuid den
teilifíseán, den chorda cumhachta ná den
chábla aeróige riamh le linn stoirme tintrí.
Riosca de dhamáiste don éisteacht!
Cluasáin as a bhfuil fuaim ard ag teacht,
ná caith iad ar feadh tréimhsí fada ama.
Teochta ísle
Má iompraítear an teilifíseán i dteochtaí is
ísle ná 5°C nó 41°F, díphacáil an teilifíseán
agus fan go mbíonn teocht an teilifíseáin ar
theocht an tseomra sula gceanglaítear an
teilifíseán den asraon cumhachta.
Foláireamh sláinte 3D
Le haghaidh teilifíseáin 3D amháin.
Má tá titimeas ort féin nó ar dhuine éigin
eile sa teaghlach, nó má tharla taomanna
fótamhothálacha d'aon duine agaibh,
labhair le dochtúir sula nochtann tú tú féin
d'fhoinsí solais gealánacha, do sheichimh
d'íomhánna tapúla nó pictiúir 3D.
Chun míchompord ar nós meadhrán,
tinneas cinn agus mearbhall a sheachaint,
molaimid duit gan féachaint ar 3D ar
feadh tamaill fhada gan sos. Má thagann
aon mhíchompord ort, stad de bheith
ag féachaint ar 3D agus ná déan aon
rud láithreach a d'fhéadfadh a bheith
dainséarach (m.sh. carr a thiomáint) go
dtí go mbíonn an míchompord imithe.
Mura n-imíonn na comharthaí
míchompoird, ná féach ar 3D arís gan
tuairim dochtúra a fháil ar dtús.
Ba cheart do thuismitheoirí súil a
choimeád ar a bpáistí fad atá siad ag
féachaint ar phictiúir 3D le bheith cinnte
nach dtagann aon mhíchompord orthu,
faoi mar a mhínítear thuas. Ní mholtar
ligean do pháistí faoi bhun sé bliana d'aois
féachaint ar 3D toisc nach mbeadh an
córas amhairc iontu lánfhorbartha go fóill.
Ná húsáid spéaclaí 3D ar aon chúis
seachas chun féachaint ar theilifís 3D.
Cúram
Scáileán
Riosca damáiste do scáileán an teilifíseáin!
Ná buail, brúigh ná cuimil an scáileán le
rud ar bith.
Díphlugáil an teilifíseán sula nglanann tú é.
Glan an teilifíseán agus an fráma le
héadach bog tais agus cuimil go séimh
é. Déan iarracht gan lámh a chur ar na
LEDanna Ambilight ar chúl an teilifíseáin.
Ná húsáid alcól, ceimiceán ná glantóir
teaghlaigh riamh ar an teilifíseán.
Cuimil braonta uisce de a luaithe is féidir,
chun dífhoirmiú agus tréigean datha a
sheachaint.