operation manual

GA
41
Gaeilge
Suiteáil cainéil satailíte
Athshuiteáil satailítí
1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh .
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Cuardach
satailíte] > [Athshuiteáil satailítí].
3. Lean na treoracha ar an scáileán chun an
tsuiteáil a chríochnú.
4. Ina dhiaidh sin, roghnaigh [Críochnaigh],
ansin brúigh OK.
Roghnaigh cineál an naisc
Agus cainéil satailíte á suiteáil agat, ní mór
duit cineál an naisc a shocrú. Cinneann líon
na LNBanna ar aeróg do mhéise líon na
gcainéal satailíte is féidir leat a shuiteáil.
1. Agus satailítí á n-athshuiteáil, roghnaigh
[Socruithe] agus ansin brúigh OK.
2. Roghnaigh [Cineál an naisc].
3. Roghnaigh socrú, ansin brúigh OK.
[1 satailít (LNB singil)]: Roghnaigh más
LNB amháin atá agat.
[2 shatailít (DiSEqC Mini)]: Roghnaigh
má tá dhá LNB agat.
[3 nó 4 shatailít (DiSEqC 1.0)]:
Roghnaigh i gcás 3 nó 4 LNB.
[Aonchábla le haghaidh 1 satailít]:
Roghnaigh má tá cumraíocht Aonchábla
agat le satailít amháin.
[Aonchábla le haghaidh 2 shatailít]:
Roghnaigh má tá cumraíocht Aonchábla
agat le 2 shatailít.
Suiteáil láimhe
gabhtar thar trasfhreagróir le linn na suiteála,
is féidir neart comhartha trasfhreagróra a
thástáil trasfhreagróir nua a chur leis.
1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh .
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Cuardaigh
satailít] > [Suiteáil láimhe], ansin brúigh OK.
3. Roghnaigh an LNB.
4. Más eol duit minicíocht an trasfhreagróra
(a bhféadfadh níos mó ná cainéal amháin a
bheith ar áireamh ann), roghnaigh
[Minicíocht] agus socraigh an mhinicíocht.
5. Roghnaigh [Cuardaigh], ansin brúigh OK.
6. Má aimsítear minicíocht nua, brúigh
[Stóráil] chun an trasfhreagóir nua agus a
chainéil a chur leis.
Tabhair cainéil satailíte chun dáta
1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh .
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Cuardach
satailíte] > [Nuashonraigh cainéil].
3. Lean na treoracha ar an scáileán chun an
tsuiteáil a chríochnú.
4. Ina dhiaidh sin, roghnaigh [Críochnaigh],
agus ansin brúigh OK.
Cuir satailítí leis agus bain satailítí
Is féidir satailítí a chur leis uair ar bith nó iad
a bhaint, agus cainéil ó shatailítí a shuiteáil.
Nóta: Sula gcuireann tú satailítí leis, bí cinnte
go bhfuil an cineál naisc ceart agat. Féach
Athraigh do shocruithe teilifíse > Socruithe
Satailíte > Suiteáil cainéil satailíte (Lch 41).
1. Brúigh .
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Cuardach
satailíte], ansin brúigh OK.
3. Roghnaigh [Cuir satait leis], ansin bigh OK
Cuardaíonn an teilifíseán le haghaidh satailíte
ar an gcéad LNB saor. D'fhéadfadh sé cúpla
nóiméad a thógáil.
4. Mura n-aimsítear satailít ar bith, seiceáil
ceangal na n-aeróg agus suíomh aeróg na
méise, ansin roghnaigh [Cuardaigh arís].
5. Má tá tú sásta leis an satailít a chuir tú leis,
roghnaigh [Ar aghaidh] chun gach cainéal a
shuiteáil ón satailít.
D'fadfadh an tsuiteáil pla nóiad a til.
Bain satailít
1. Brúigh .
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Cuardaigh
satailít] > [Bain satailít], ansin brúigh OK.
3. Roghnaigh na satailítí is mian leat a bhaint,
ansin roghnaigh [Bain] agus brúigh OK.
Socruithe teanga
Teanga roghchláir
1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh .
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe
teilifíse] > [Socruithe ginearálta] > [Teanga
roghchláir].
3. Roghnaigh teanga roghchláir ón liosta,
ansin brúigh OK.