operation manual

GA
44
Mód baile
D'fhéadfadh sé nach mbeadh socruithe
áirithe teilifíse ar fáil i Mód siopa. Chun
bheith cinnte go gcuirtear na socruithe
cearta teilifíse i bhfeidhm, socraigh an
teilifíseán ag mód Baile.
1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh .
2. Roghnaigh [Cumraíocht], ansin brúigh OK.
3. Roghnaigh [Socruithe teilifíse] >
[Socruithe ginearálta] > [Suíomh].
4. Roghnaigh [Baile] [Siopa], ansin brúigh OK.
5. Atosaigh an teilifíseán.
Nuashonraigh na bogearr
Seiceáil an leagan
1. Brúigh .
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe
bogearraí] > [Sonraí na mbogearraí reatha],
ansin brúigh OK.
Taispeántar leagan na mbogearraí reatha.
Rabhadh: Ná suiteáil leagan de na bogearris
ísle ná an leagan reatha atá suiteáilte ar do
tháirge. Ní féidir le TP Vision bheith freagrach
as fadhbanna a leanann íosghrádú bogearraí.
Nuashonraigh na bogearraí ar cheann de na
modhanna seo a leanas
Nuashonraigh le gléas stórála USB
Nuashonraigh ó chraoladh digiteach
Nuashonraigh ón Idirlíon
Nuashonraigh le USB
An méid a bheidh uait
Gléas stórála USB le 256 meigibheart de
spás stórála ar a laghad, atá formáidithe
deir FAT nó DOS, agus a bhfuil an
chosaint ar scríobh díchumasaithe air.
Teacht ar ríomhaire a bhfuil nascóir
USB agus teacht ar an Idirlíon aige.
Clár cartlannaí comhaid a thacaíonn
formáid comhaid ZIP: mar shampla,
WinZip® le haghaidh Microsoft®
Windows®, nó StuffIt® le haghaidh
Macintosh®.
Nóta: Ná húsáid tiomántán crua USB.
Íoslódáil na bogearraí is déanaí
1. Ceangail an mhearóg USB de do ríomhaire.
2. Ar do ríomhaire, lainseáil brabhsálaí ar nós
Internet Explorer® nó Safari®, agus féach
www.philips.com/support.
3. Aimsigh do theilifíse agus na bogearraí
agus na tiománaithe atá ar fáil do do
theilifíseán. Gheofar an nuashonrú bogearraí i
bhfoirm chomhad comhbhrúite (*.zip).
4. Má airde an leagan bogearraí ná an leagan
ar do theilifíse, cliceáil an nasc chuig an
nuashonrú bogearraí.
5. Glac leis an gcomhaontú ceadúnais agus
íosil an comhad ZIP chuig an mhearóg USB.
Nóta: D'fhéadfadh brabhsálaithe Idirlín áirithe,
ar nós MozillFirefox® Google®
Chrome®, an comhad ZIP a íoslódáil díreach
ó do ríomhaire. Má tharlaíonn sin, cóipeáil an
comhad chuig do mhearóg USB.
6. I gcás Internet Explorer: Le cartlannaí
comhaid, asbhain autorun.upg fón gcomhad
ZIP íoslódáilte. Ná cuir an comhad asbhainte
isteach i bhfillteán, agus ná cóipeáil isteach i
gcomhad é.
6. I gcás Safari: Nuair a bheidh an íoslódáil
críochnaithe, asbhaintear autorun.upg ón
gcomhad ZIP go dtí do ríomhaire sa
ghnáthchúrsa. Cóipeáil an comhad chuig an
mhearóg USB. Ná cuir an comhad asbhainte
isteach i bhfillteán, agus ná cóipeáil isteach i
gcomhad é.
7. Tóg amach agus dícheangal an mhearóg
USB den ríomhaire.
Nuashonraigh na bogearraí teilifíse
Rabhadh:
Ná cuir an teilifís as agus ná bain an
mhearóg USB le linn nuashonrú na
mbogearraí.
Má tharlaíonn cliseadh cumhachta le
linn an uasghrádaithe, ná bain an
mhearóg USB den teilifís. Leanfaidh an
teilifís den uasghrádú a luaithe a
thiocfaidh an chumhacht ar ais.
Má tharlaíonn earráid le linn an
uasghdaithe, an iarracht an t-uasghdú
a thosú arís. Má tharlaíonn earráid, cuir
glao ar Philips Consumer Care.